Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/16

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
10
JIMÍN

Má ḃím, ansan, ag imirt ṗúiríní ḋom féin nó ag caiṫeaṁ cnaipí ar an spric, bíonn béic agus fiċe orm go mbíonn an ḃó ḃradaċ sa ċabáiste, agus caiṫim cur díom.

Ní dóiġ liom go mbeifí sásta gan an ḃó san a ḃeiṫ ag dul sa ġarraí mura mbeaḋ ċun aon rud eile aċ ċun Jimín boċt a ċrá. Ní ḟeadar-sa cad ċuige cuireaḋ máiṫreaċa ná aiṫreaċa ar ḃuaċaillí in ao’ ċor.

Aċ dá mbeinn-se mór aon uair aṁáin ní ḃeinn i mbun bó ná gaṁain a ṫiomáint; ná ní ċoinneoinn an snáiṫín ċun é ṫoċrais; ná ní raġainn le circ ġoir go tiġ m’aintín; ná ní ḃeinn ag foġlaim ceaċtanna ar ċeann an ḃoird.

Níor ċráiġ riaṁ mé aċ na ceaċtanna cráite céanna. Ní ḃíonn aon dul uaṫu agam aon oíċe. “A Jimín,” adeir Mam gaċ oíċe liom, “ar scríoḃais do ċeaċt anoċt?”

Ṫriaileas aon turas aṁáin a rá nár ṫug an Máistir aon rud dúinn le déanaṁ sa ḃaile; aċ ’om briaṫar, a ṁic ó, gur ċuir sí ceist ar Ṁicilín Eoin anso ’muiġ agus do scéiṫ an spriosán orm.

Ní raiḃ ’ḟios agam aon ní gur ṫarraing Mam ċuici an tslat den ċúl-loċta agus ṫug fúm trasna na lurgan. Ní raiḃ agam-sa aċ cur díom suas ’on tseomra agus amaċ tríd an ḃfuinneoig i mbinn an tí.

Ċuas ansan ar lorg Ṁicilín Eoin, aċ ní ligfeaḋ eagla ḋó teaċt amaċ ċugam. D’iarras air teaċt amaċ ċun go mbrisinn a ṗus, aċ ní ṫiocfaḋ.