Deoraidheacht/22

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Deoraidheacht by Pádraic Ó Conaire
Caibideal XXII
[ 106 ]

XXII.

Fuair sí faill chainte liom sul a ndeachas a chodladh. D’innis sí a sgéal dom—an méid nár hinn­sigheadh cheana dhom san litir.

Ó d’fhágas féin an tais­beántas, ó’n oidhche úd fad ó nuair a chuireas an clampar ar siubhal, níor éirigh leó. Bhí an droch-cháil orra. D’imthigh na daoine is fearr a bhí aca. Thosuigh an Fear Beag Buidhe ag ól.…

“Cá’l sé ’nois,” arsa mise, “go bhfuighe mé greim air, go gcuiridh mé iallach air⸺”

“An fear bocht!” ar sise.

“Cá’l sé, adeirim? Cá’l sé?” arsa mise agus cuthach orm.

“Fainic thú féin air,” ar sise, “fainic thú féin, a chuid.”

Ní innseochadh sí dhom cá raibh an bith­eamhnach. Acht b’fhacthas dom uirri go raibh sí cinnte dearbhtha go raibh seisean ar tí mo mharbhtha. ’N‑ár suidhe ar lic na fuin­neóige, taobh amuigh, bhíomar ’nós nach gclois­feadh muintir an tighe an cómhrádh. Nuair a bhíodh duine ag gabháil tharainn, bhí orainn a bheith ’n‑ár dtost go n‑im­theóchadh sé. Bhí duine ag gabháil thart ar an bpointe seo, is b’éigin domh-sa leigint orm nach raibh cuthach orm.

“Céard a thug annseo thú?” adeirim-se.

“Ó sgaras leat,” ar sise, “ó d’fhág tú liom féin mé,” ar sise ag tabhairt súil na glasóige orm, ní dheárnas aon mhaith. Mar dubhras leat ’san litir bhíos ag cailleadh na feóla i n‑aghaidh an lae le cumha ’do dhiaidh.…​Ceapadh ’san deireadh nach raibh mé sáthach reamhar ar chor ar bith le bheith ’mo fheic​…​féach anois mé,” ar sise ag éirghe ’n‑a seasamh, “nach iomdha bean d’fheicfeá níos raimhe go mór ná mé?”

Ní raibh sí ag rádh acht an fhírinne. Bhí lóchrann sráide ar a cúl, agus bhí an-amharc agam uirri. Cuma cé’n chaoi [ 107 ]ar chaill sí an fheóil bhí an fheóil mhór caillte aici, acht go dtiubh­arthá bean reamhar uirri fós féin, gan éagcóir a dhéanamh uirri acht a oiread.

“Ar ndóigh, b’éigin dom slighe bheathadh eile a ghlacadh chugam,” ar sise, “táim ar aimsir annseo. Tá sean-aithne agam ar mhuintir an tighe. Acht maidir le Alf bocht”—b’in é an Fear Beag Buidhe—“rinne seisean a dhíceall mé leigheas. Na biadhtha is buirbe agus na deocha is cumh­achtaighe, an sógh agus an suaimh­neas, tugadh dhom iad. Acht ní raibh aon mhaith ann. Ní raibh aon ghoile agam, le cath­ughadh ’do dhiaidh​…​dá n‑abruigh­inn focal fút, cheapfá gur ar mir bhíodh sé. Seachain thú féin air! Seachain thú féin air, adeirim!”

Shuidh sí le mo thaobh arís. Tháinic na deóir ’n‑a súilibh. Do cheapas go raibh sí ar tí mo phógtha agus mo fháisgthe mar rinne sí go minic cheana, acht ní dheárna sí acht greim fhagháil ar mo láimh agus féachaint orm go cásmhar.

Chuaidh Iodálach thart agus gléas ceóil aige. Thosuigh sé ar fhonn a sheinnt dúinn ar an orgán.

“…Dheamhan cuimhne a bhí agam,” ar sise ag fáisgeadh barróige orm, “dheamhan cuimhne a bhí agam go mbéadh an oiread de’n ádh orm is go gcasfainn leat-sa annseo.”

“Acht cár fhág tú an bioránach buidhe?” arsa mise.

“An fear bocht!” ar sise. “An fear bocht! Nach air a bhí an mí-ádh? Nach air atá an droch-bhail? Mo thruaigh é anocht! Sos ná suaimh­neas ní bhfuair sé ó’n lá ar chuir túsa an t‑achrann ar bun agus, an fear bocht! ní raibh aon cheart agad a dhéanamh, agus gan é bheith ag iarraidh acht mise agus tusa a chur faoi bhrat an phósta. Ní raibh aon cheart agad a dhéanamh, má bhí an braoinín beag ólta féin agad.…”

“Acht céard d’éirigh dhó?”

“Ó, muise! níor éirigh dhó acht gur briseadh suas a [ 108 ]thais­beántas breágh a bhí ós cionn dhá fhichid bliadhain ar an mbóthar. Ní rabhas féin ann, nuair a tháinic an chreach mhór—dhá mbéadh, ní fhágfadh sé croidhe ar bith ionnam a leithéid de thais­beántas breágh fheiceál dhá sgaip­eadh—acht ní raibh aon bhaile mór dá dtéigh­eadh sé ann, nach mbíodh litreacha ’sna paipéir roimh ré ag fógradh do’n tsaoghal láimhe cé na hion­gantais bhréag­acha a bhí aige. Mo chreach agus mo chrádh! Rinne na litreacha bréagacha úd an tubaisde orainn—”

“Acht cé bhíodh ag sgríobh­adh na litreacha?”

“Cheap seisean i gcomh­nuidhe gur tusa sgríobh iad. Sin é chuir olc air.”

“Mise?”

“Is minic adubhairt sé nach raibh éinne eile ann le n‑a sgríobh­adh acht tú. ‘An sramachán leath-chosach’—sin é an t‑ainm a thugadh sé ort—‘sin é tá ’ghá sgríobh­adh’ deireadh sé. Acht bhí aimhreas orm féin. Níor cheapas go sílfeá an tais­beántas a chreach­adh agus mise ann​…​acht ní chreid­feadh seisean ó’n tsaoghal nach tú a bhí ag déanamh an mhilleáin—ní chreid­feadh—agus, a chara mo chroidhe, chuaidh sé ar a dhá ghlúin thíos i Sligeach agus thug sé mionn go mbéadh do chuid fola aige.…​Óra! a stóir mo chroidhe thú—fainic thú féin air—tá an sgian fhada aige fós agus faobhar uirri⸺”

“⸺sgian a bhfuil lorg na fola uirri fós féin! dhá phighin! Dhá phighin an duine!” arsa mise ag déanamh aithris ar an bhFear Buidhe.

“Ní adhbhar magaidh chor ar bith é,” ar sise, agus briseadh ar an ngol uirri, “acht bhítheá ag magadh fúm-sa i gcomh­nuidhe—sin nós a bhí agad.…​Acht céard a dhéanfá dá marbh­uigheadh sé thú?​…​Óra, a dhuine! Dá bhfeic­theá é! (A dhá láimh i n‑áirde aici agus na súile tugtha ar an spéir aici). Dhá bhfeic­theá thíos i Sligeach é agus é le cuthach! Chuaidh sé ar a dhá ghlúin i lár an bhóthair [ 109 ]an oidhche a mb’ éigin dó an chathair a thréig­eadh, agus thosuigh sé ag labhairt leis an sgin fhada, mar bhéadh sí beó, agus dubhairt: ‘Dubhras go raibh rian fola ort cheana,’ ar seisean; ‘beidh a chuid fola-san ort sul a dtí i bhfad.’ Mh’anam go ndubhairt sé é ar uair mhairbh na hoidhche, i lár an bhóthair uaignigh úd thíos i Sligeach. A dhuine! a dhuine! chuirfead sé uathbhás ort! Agus an sgian fhada fhaobh­rach ag deallramh faoi lonnradh na gealaighe! Ochón! ochón! (Thosuigh sí ar a bosaibh a ghreadadh). Ba mhill­teach an radharc é!⸺”

Tháinic an smigeadh gáire a bhíos ag iarraidh a chosg ó thosuigh sí ar eachtra an fhir bhuidhe a aithris ar mo bhéal gan buidh­eachas dom. Chonnaic sise an smigeadh sin.

“Dá bhfeicteá é,” ar sise, agus tháinic na deóir ’n‑a súilib, “ni gáiridhe a dhéanfá. Ní gáiridhe a dhéanfá, dá mbéadh a fhios agad an imnidhe a bhí orm ó sgaras leis, fhait­chíos go dtiocfadh sé treasna ort, agus go sáith­feadh sé tú.…​Is minic a d’éirigheas as mo chodladh i lár na hoidhche agus an fuar-allus ag tuitim anuas díom, an áit a mbíodh droch-bhrionn­glóid agam. Thainic brionn­glóid chugam tá seacht­mhain ó soin ann, agus bhí tusa agus Alf ann⸺”

“Ná tabhair Alf air feasda,” adeirm-se; “tabhair an Fear Beag Buidhe air.” Sin é an t-ainm is mó a thaith­nigh liom.

“Bhí tusa agus A‑A‑l⸺agus an Fear Beag Buidhe ann. Ar dhearcadh dhom ort-sa an dara huair, bhí tú ar lár. Bhí seisean ós do chionn. An sgian fhada fhaobh­rach úd ’n‑a ghlaic, agus í ag deallrad faoi lonnradh na gealaighe, mar bhí an oidhche úd ar bhóthar Shligigh. Leigeas sgread, agus dhúis­igheas.…​Bhí sibh ós comhair mo shúl agus mé ’mo dhúis­eacht féin. Is beag nach ndeachas i laige.”

Bhí an-chion aici orm go dearbhtha. Bhíos ag iarraidh a [ 110 ]déanamh amach cé’n fáth go mbéadh cion aici ar dhuine de mo shaghas, agus an bheirt againn ’n‑ár suidhe ar leic fuin­neóige an tighe lóistín faoi shoill­siughadh an lóchrainn sráide. Bhíos ag déanamh macht­naimh ar a raibh ar m’aithne de mhnáibh ariamh, agus na tréithre a bhain leó. Bhí mná deasa agus mná gránna, mná a mbéadh cion agad orra agus mná nach mbéadh, ar m’ aithne. Cad chuige go dtugaid searc a gcroidhe d’fhear seachas fear eile? Agus an dara fear níor deise ’n‑a bhealach agus ’n‑a mhéin ná an chéad duine de réir baramhla gach n‑aoin, acht amháin an bhean! Acht is dócha nach bhfeic­eann siad neithe ar an mbealach céadna linn-ne. Bhfuil beirt bhan ar bith d’fheic­feadh an áilleacht chéadna i bhfear?…​Nuair fheiceas, bíonn achrann ann.…​Acht ní’l réidh­teach na ceiste agam go fóill. Ní’l baoghal orm.…

Bhíos ag machtnamh chomh dian sin nár airigheas lámh ná mná raimhe timcheall ar mo mhuinéal. B’féidir nach raibh fhios aici féin go raibh a lámh ann, mar bhí sí go smaoin­teach agus í ag féachaint i bhfad uaithi. Ní hé an lóchrann sráide a bhí i bhfogus dúinn, ná na tighthe beaga suaracha a bhí ar an taobh eile de’n tsráid, ná na daoine a bhí ag dul thart a chonnaic sí, acht rud a bhí i bhfad níos áilne, agus níos seanda agus níos taith­neamhaighe, dar léithi féin.

Nuair a chuireas-sa cor díom, briseadh isteach ar mhach­tnamh na mná. Bhain sí a lámh de mo mhuineál mar bhéadh sí ag iarraidh a dhéanamh i ngan-fhios dom, agus dhearc sí orm mar dhearc­fadh aingeal a chosanta ar dhuine a bhéadh ag dul i n‑ócáid an pheacaidh, agus dubhairt:

“Seachain thú féin air, a chuid.”

Bhaineas an piostal a cheannuigheas ó’n mair­néalach as mo phóca.

“Béad-sa ullamh ’n‑a chomhair,” arsa mise ag tasbáint an phiostail dhi.

Nuair a d’fheicfeadh sí go raibh piostal agam-sa, agus [ 111 ]go rabhas ullamh ’n‑a coinne, ar ndóigh, shíleas go mbéadh lúthgháir uirri. Acht go bfeicidh Dia an t‑ádh ort! Ní hamlaidh a bhí. Thosuigh sí ag tabhairt na súl, agus níor fhan aon chaint aici feadh i bhfad. Daoine a bhí ag dul thart, cheapadar go ndeárnas rud eicínt uirri a chuir ag caoineadh í. Sheas cuid aca le réidh­teach a dhéanamh, acht nuair a thuig­eadar nach raibh aon achrann ar bun, d’imthigh leó. Nuair a tháinic an chaint chuici ní chloisfeá uaithi acht na focail: “Sgeana agus piostail agus fuil!” “Rún daingean aca a chéile a mharbhadh!” “Ó, a Thigh­earna! nach cráidhte atáim!”

Bhíos ag imtheacht nuair adubhairt sí, “Leig dom thú phógadh.”

Leigeas. Bhí truagh agam dhi. Bhí sí go cráidhte buaidh­eartha gan aimhreas.

Chuadhas isteach agus thugas an leabaidh orm féin.

Bhí an fhuinneóg a bhí le hais mo leabthan ós cionn na fuin­neóige ar a rabhamar ’n‑ár suidhe. Bhí sise ann fós. Níor fhéadas aon chodladh a dhéanamh go ceann i bhfad. Bhíos dhom’ chaith­eamh féin ó thaobh go taobh ’san leabaidh, agus ag éisteacht le sranntach na ndaoine a bhí i n‑aon tseómra liom.

Cad chuige a raibh sí chomh faiteach go n‑éireó­chadh aon ní do’n Fhear Buidhe? Shíleas go mbéadh aiteas uirri é fheiceál ar lár. Acht ní raibh. An raibh cion aici ar an duine úd freisin? Agus i n‑éis a ndeárna sé uirri? Is deacair intinn mná a thuigsint. Agus nach dána agus nach amaideach an fear adéarfadh gur thuig? Féach an Fear Beag Buidhe úd agus tá cion aici air! Cad chuige? Caithfead ceist a chur uirri i mbárach.…

Acht, ní éad a bhéadh orm leis siúd, cheapas, agus bhris smigeadh gáire amach ar mo bhéal.

Chuirfinn an cheist uirri i mbárach​…​leis an sgéal a réidhteac—le fios fátha an sgéil fagháil.…

[ 112 ]Chualas an Bhean Reamhar ag dul a chodladh ’san seómra ab’ fhogus dúinn, sul ar thuit aon néall orm féin.