Deoraidheacht/21

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Deoraidheacht by Pádraic Ó Conaire
Caibideal XXI
[ 101 ]

XXI.

An ceanntar ’n ar chuireas fúm anois, is domhan beag Gaedh­ealach a bhí ann leith-bhliadh­ain ó shoin. Éire bheag a thugadh an Sasanach air. Dob’ as an Mumhain a raibh ann, acht fíor-chorr-dhuine. Bhí daoine ann a raibh oidh­reacht na bhfileadh agus na mbárd aca. Ní raibh duine ar bith ann nár aithnigh na comh­arsain, agus ní hé amháin gur haith­nigheadh é féin, acht bhí togha eóluis aca cé na daoine dar díobh é. B’as aon límistéar amháin iad fré chéile. Bhíodh an sgor­aidheacht ann ’san oidhche: bhí an bheidh­leadóir agus an píobaire agus fear na fideóige le fagháil ’n‑a measg. An fear a bhí i n‑an’ cur síos go cruinn agus go beacht ar ar sgríobh Céitinn ’n‑a stair bhí sé ann chomh maith leis an bhfear nach raibh aon eólus aige air. Agus dá gcuirtí i n‑aghaidh an fhir eólusaigh seo, ní dhéanfadh sé acht a dhul chuig an gcomh­rainn mhóir thug sé leis as Éirinn, agus beart a bhíodh fol­uighthe i línéadach a bhaint aisti. D’os­gluigheadh sé an beart seo, agus bhaineadh sé leabhar mór láimh­sgríobhtha aisti. Agus nach é bhíodh cúramach leis an leabhar mór úd! Thas­báineadh sé dhuit ’n‑a dhubh agus [ 102 ]’n‑a bhán ann cé’n dul amudha a bhí ort. Agus nuair a dhúnadh sé an leabhar le n‑a chur i dtaisge ’san gcomh­rainn mhóir arís, do dhearcadh sé ort ar bhealach is go gceapfá go raibh faoi “anois céard déarfá leat féin?” a rádh, acht nach n‑abróchadh sé focal ar bith. Agus an fear seo a bhíodh ag léigheadh staire agus ag meabh­rughadh dánta go saothrach d’oidhche bhíodh an phiocóid agus an tsluasad mar ghléas­annaibh oibre aige de ló.

Na béasa agus gnáis a chleacht­uigh Clanna Gaedhal ar bhántaibh agus ar shléibh­tibh na Fódla leis na céadtaibh bliadhan chleacht­uigh an pobal beag seo iad i gcathair choimh­thighigh. An oidh­reacht Ghaedhal a leig Gaedhil an tsaidh­bhris uatha le aithris a dhéanamh ar an each­trannach a chuirf­eadh go tóin na fairrge móire iad dá bhféadadh sé, choinnigh na daoine bochta seo iad mar choin­neóchthá seód uasal. Thuig­eadar, ’n‑a mbealach féin, nach raibh mórán de dheagh-thréith­ribh ná de dhroch-thréith­ribh ag aon chineadh acht iad siúd a tháinic anuas chuca ó n‑a sinsear­aibh.

Choinnigh na daoine seo tréithre agus nósa agus teanga a gcinidh. Choinnigh a gclann na tréithre, acht chaill­eadar an teanga agus cuid mhaith de na nósaibh. Chaill clann a gclainne teanga agus nósa, agus mórán de na tréith­ribh. An chuid de thréith­ribh na nGaedhal nár chaill­eadar, ní raibh ionnta siúd acht na droch-thréithre. Innseoch­aidh lucht tógtha ain­mhidhthe dhuit go mbíonn droch-mhianach an dá chineadh ’sna hainmhidh­thibh shíol­ruigheas ó chineadh­chaibh éagsamhla. Deir dream eile, ámhthach, nach mbíonn ionnta acht an deágh-mhianach.

Ní abróchainn féin nach bhfuil mórán de’n fhírinne ag an dá dhream, acht go bhfuil an fhírinne go hiomlán ag an gcéad dream dá mb’iad muintir an cheann­tair seo agus iad sin amháin a bhéadh faoi sgrúd­ughadh aca. Nuair a chuadhas féin ’n‑a measg, ní raibh beó thar dhá sgór de na daoinibh a d’fhág Éire i ndiaidh an ghorta. Bhí cuid de na [ 103 ]sgéal­aidhthibh agus de na sean­chaidh­thibh agus de na ceól­tóiribh orra siúd. Acht bhí a ré beagnach thart. Bhí clann na sgéal­aidhthe agus na sean­chaidhthe ann, bhí agus clann a gclainne, acht nár mhór an chreideamhaint dóibh iad.

Duine de na seandaoinibh seo d’fhág an tír i ndiaidh an ghorta a bhí i Seaán Ó hAichir, nó “An Casúr,” mar tugadh air. Tugadh an leas-ainm úd air, mar bhí dúil mhór ’san díos­bóireacht aige ariamh, agus nuair a bhíodh an ceann is fearr fághta aige ar an té bhíodh ag cur ’n‑a aghaidh, ní abróchadh sé acht “Sin tairnge eile i gclár agam.” Bhíodh cóta mór, a chaith a shean­athair, air gach séasúr de’n bhliadh­ain. Ba chuma cé’n teas mór a bhíodh ann, ní fhágfadh sé an cóta sin uaidh. Bhíodh maide daraighe i gcúl a ghlaice aige go gnáthach—maide mór a bhain sé féin ’n‑a bhaile dhúth­chais nuair a thug sé cuairt seacht­mhaine ar an áit. Smeach oibre ní dheárna mo dhuine ó chuir sé an teach lóistín ’n‑a rabhas féin faoi láthair ar bun. Bhí sean­daoine ’san gcomhar­sanacht, sean­daoine a raibh aithne aca ar a mhuintir ’sa mbaile, agus dubradar nach raibh ’san gCasúr acht duine fallsa spadánta agus go mba dhual muintire dhó a bheith amhlaidh. Acht níor tugadh aon áird orra. Bhíodh a chathaoir taobh amuigh de’n doras aige, i n‑áit a mbíodh fosgadh aige ó theas na gréine ’san samhradh, agus taobh istigh de’n doras i n‑áit a mbíodh goradh aige ó’n teinidh ’san ngeimh­readh. Taobh istigh nó taobh amuigh, ní bhaineadh sé an cóta mór dhe, ní leagadh sé an maide daraighe uaidh; agus Éirean­naigh a chomh­nuigh ’san gcomhar­sanacht agus a bhí ró-shean le aon cheó a dhéanamh d’fheiceadh sé iad ag gabháil na slighe dhóibh, agus nach aca a bhíodh an díosbóir­eacht? I ndeireadh an chómh­ráidh chloisfeá focal an Chasúir—

“Sin tairnge eile i gclár agam.”

Bíodh An Casúr leisgeamhail nó ná bíodh, ní raibh a bhean Brighid leis­geamhail. Is uirri a bhí cúram an tighe. Mara nglanadh sí féin na seómraí agus na leapracha [ 104 ]bheidís gan glanadh. Mara ngléasadh sí an biadh (ní raibh de bhiadh le gléasadh aici acht a ndéanfadh iad féin, agus ba leór léithi sin), bhéidís gan biadh. Mara nigheadh sí na héadaigh, bheidís gan nigh­eachán. Acht nuair a bhíodh an méid sin déanta aici, ní raibh obair an lae críoch­nuighthe fós aici. Ba bheag an baoghal go mbéadh an oiread sin de’n ádh uirri. Bhíodh sí ag obair ó Luan go Luan, agus ó éirghe gréine go meadhon oidhche agus ní bhíodh an obair críoch­nuighthe aici. Ní bhíodh baoghal uirri a bheith críoch­nuighthe. Bhíodh gothadh na hoibre uirri i gcomh­nuidhe ’gcomh­nuide, agus í fliuch salach smeartha. Ní bhíodh ar An gCasúr acht a rádh, “Muise, nach beag a ndeárna tú ó mhaidin, a Bhrighid?” nuair a thos­óchadh sí air.

“Dá mbadh fear a bhéadh agam,” adeireadh sí, “ní orm a thuit­feadh an obair ar fad.…” Agus leanfadh sí uirri gan cead a thabhairt dó focal a chur isteach.

Is beag duine nach bhféadfadh An Casúr a rádh leis i ndeireadh na cainte “Sin tairnge eile i gclár agam,” acht le n‑a mhnaoi féin. ’Sí a chuireadh an tairnge i gclár i gcomh­nuidhe, agus chuireadh sí go doimhin ’san gclár, freisin, é.

Bhi a gclann tógtha agus sgaptha orra acht aon mhac amháin a bhí i n‑aois a sheacht mbliadhna fichead agus nach ndéanfadh aon rath go deó. Dubhradh nach raibh a chiall cheart aige, acht ba ghile le Brighid é ná aon mhac eile dár thóg sí. Níor thug sí ariamh air acht “an créatúr,” agus nuair nár thug bhí daoine ’san gcomhar­sanacht agus níor bh’ eól dóibh a ainm baiste, cé go raibh aithne aca air ó rugadh é. “Mac an Chasúir” thug muintir na háite air. Níor mhaith le n‑a athair é, nó leig a athair air nár mhaith leis é. (Dubhradh gur cheap sé go mba náireach an sgéal é beirt fhear a bheith díomhaoin i dteach), agus níor thug sé air le deir­eannas acht “An Boicín,” i ngeall ar an slabhra bheag cruadhach a bhíodh dhá chaith­eamh aige. A mháthair a cheann­uigh an slabhra [ 105 ]dhó ar sgilling—acht sin rud nach raibh a fhios ag An gCasúr tada faoi.

An lá ar ceann­uigheadh an slabhra, chuadhas féin ann. Tháinic an Bhean Mhór Ruadh i n‑éindigh liom le mé féin a chur i n‑aithne do mhuintir an tighe. Bhí fhios aca go rabhas ag teacht, agus go raibh an Bhean Mhór Ruadh leis an oiread seo ’san tseacht­mhain a thabhairt dóibh ar mo leabaidh. Sin rud nach raibh a fhios agam-sa. Cheapas go bhfuigh­inn beagán cáirde uatha, agus go mbéinn i n‑an’ a n‑aisíoc, nuair a gheobh­ainn an obair úd, ag glanadh na mbuidéal d’ fhear an tighe óil úd, ’n‑ait ar casadh an Fear Buidhe liom i dtosach; do gealladh do’n Mhnaoi Mhóir Ruaidh go raibh sé le fagháil agam.

Bhí an-fháilte aca rómham. Bhéinn go breágh compórt­amhail aca. Bhéadh leabaidh bhreágh ghlan agam ’san seómra mhór i n‑éindigh le seisear nó mór-sheisear eile—“buach­aillí deasa,” thug Brighid orra.

“B’fhéidir go mbéadh cupán tae agad anois,” ar sise.

“Beidh cupán againn go léir,” ars’ An Casúr.

“Cuir an tulán ar an teine,” ar sí le duine a bhí i seómra eile.

“Cuirfead.”

Glór mná a bhí ann, agus shíleas gur aith­nigheas an glór sin. Tháinic an bhean amach as an seómra, agus a lán gréithre tae aici. Bhíos féin ag cur síos ar Cheist na Talmhan leis An gCasúr, agus ní fhacas i dtosach í. Acht mara bhfaca chonnaic sise mé, agus leis an iongantas a bhí uirri mé fheiceál, thuit a raibh de ghréithre aici ar an úrlár agus briseadh iad.

Ar chloisint an torainn dom, thógas mo cheann agus d’fhéachas ar an mnaoi ar éirigh an timpist dhi, agus mh’anam go raibh iongantas agus an-iongantas orm féin.

An Bhean Reamhar bhí agam ann.