Deoraidheacht/20

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Deoraidheacht by Pádraic Ó Conaire
Caibideal XX
[ 98 ]

XX.

Tosuigh an bhean mhór:

“Óra, nach ort atá an droch-bhail? Nach ort atá cosamh­lacht an ocrais agus an ghorta? Nach tú a chuaidh i dtanaidh­eacht? Nach tú chaill na feólta? Cá raibh tú, nó céard d’éirigh dhuit, nó cé’n tubaisde tháinic ’do bhealach go bhfuil an dóigh seo ort? Is geall le duine a mbúighfí idir dhá bhróin mhuilinn thú! Go sabh­áilidh Mac Dé sinn! Labhair liom, agus innis dom cár imthigh tú uaim? Ní raibh aon tsúil agam go leagfainn súil arís go deó ort, ní raibh sin….”

Nuair a thos­uigheadh an bhean mhór seo ag caint, is beag faill chainte bhíodh ag aon duine eile. Bhaineadh sí as ’san gcaint, ar nós capaill a bhéadh ag imtheacht ’n‑a chosa­náirde. Nuair a bhíodh sí corr­uighthe, mar bhí anois, ní raibh aon bhreith uirri. Bhéadh ort cluas le héist­eacht a chong­bháil ort féin ar fhait­chíos nach gcloisfeá gach focal, bhídís ag teacht chomh mear sin as a béal. Agus ní raibh an chaint críoch­nuighthe aici fós.

Rug sí ar mo cheann, agus do dhearc sí go géar orm.

“Ó! nach tú atá cosamhail le mo dhear­bhráthairín dílis, Éamonn beag, beannacht na ngrás le n‑a anam? Ní fhacas a oighre ariamh acht thú. Thabhar­fainn an leabhar beann­uighthe gurab é a bhí ann​…​marach an timpist d’éirigh [ 99 ]dhuit. A mhaisge, ba lághach an fear óg é Éamonn le n‑a linn.…”

Thosuigh na deóir ag teacht ’n‑a súilibh.

“…Agus is iomdha uair a bhíos ag iarraidh a dhéanamh amach céard a thug dom an oiread sin ceana a bheith agam ort, duine nach bhfaca mé acht aon uair amháin roimhe seo—agus níor éirigh liom an sgéal a réidh­teach gur thuiteas mo chodladh oidhche agus go bhfacas aghaidh Éamuinn ag dearcadh anuas orm. Bhí sé ann chomh cinnte dearbhtha is tá tusa annsin. Shíleas gur ós cionn na pioctúire úd thall a bhí sé, agus an fhéach­aint thruaigh­mhéileach thug sé orm! Shíleas go raibh sé ag iarraidh labhairt liom, acht nár fhéad sé.…​Agus na súile a bhí ’n‑a cheann, b’iad do chuid súl-sa iad. Agus a bhéal! Ó, a Thigh­earna!​…​agus ní raibh aon dear­bhráthair eile agam acht é. Dá maireadh sé, ní hí seo an bhail a bhéadh orm indiu. Acht toil Dé go ndéan­amaoid. Fáilte roimh thoil Dé.…​Acht táim dhod’ bhodhradh—agus b’ fhéidir​…​acht nach mise an óinseach? Ní’l aon cheó ort acht an t‑ocras—ní béinn ag dul amudha go mór dá n‑ab­ruighinn nár ith tú mórán le mí…” agus thosuigh uirri ag gléasadh bídh dhom.

D’innis mé mo sgéal dhi, acht nár bhacas le sgéal an fhir Bhig Bhuidhe ar eagla go gcuirfí fonn gáiridhe orm sul a mbéadh an biadh ithte agam.

Leag sí mias mhór ós mo chomhair.

“B’fhearr dhuit gan an iomarca ithe i dtosach, an chéad uair,” ar sise, “braoinín bainne, b’fhéidir.…”

“Sé ab’ fhearr,” arsa mise, agus saint chun an bhídh d’alpadh orm, acht go rabhas faiteach.

Fuair sí an bainne, agus thosuigh sí ’ghá choinneál liom, mar choin­neóchadh sí le páisde é. Le gach spúnóig d’ólainn, leagadh sí lámh ar mo bhaithis, agus thos­óchadh ag cuimilt mo chuid ghruaige, agus déarfadh sí anois agus arís mar bhéadh [ 100 ]sí ag caint léithi féin, “a mhúirnín,” “a mhic mo chroidhe,” “a dhear­bhráthairín óg mo chroidhe,” agus ráidhte eile dá saghas.

An fhaid is bhíos ag ól an bhainne, bhí pluid aici ós comhair na teineadh, agus b’éigin dhom é chur ’mo thim­cheall agus a dhul isteach ’san leabaidh go mbéadh mo léine nighte aici.

Rinneas sin. Shuidh sise ar chathaoir cois na leabthan. Bhí greim láimhe aici orm, agus í ag dearcadh ar m’ aghaidh tanaidhe caithte, agus ar mo mhéar­annaibh fada caola, agus ar na féith­eachaibh móra gorma a bhí ag éirghe aníos as mo lámhaibh, agus ar mo bhaithis agus ar mo mhuinéal. Thuig sí cé’n droch-úsáid a bhí fághta agam go mbéidís sin ann. Thuig sí é sin, agus leis an gcaoi a raibh sí ag cur mo chuid méar thrí n‑a cuid méar féin, b’fheasach mé cé’n truaigh mhór a bhí aici dhom, acht b’fhéidir nár thuigeas i gceart é go bhfacas an fhéach­aint a bhí ’n‑a súilibh. Bhí na súile sin ag dul i ngrádh­mhaireacht, agus i dtruaighe, agus i séimhe leis an aimsir go dtí go gceapfá nach bhféad­fadh sí é fhulaint gan rud eicínt a dhéanamh seachas bheith ’n‑a suidhe annsiúd ’san gcathaoir cois na leabthan gan cor aisti.

Níor fhéad acht an oiread. D’éirigh sí de gheit agus phóg sí mé.

Bhí an bainne te ag cur na fola ag borradh ’mo chuis­leachaibh. Bhí mar bhéadh néall beag codalta ag teacht orm, acht nár chodladh a bhí ann ar chor ar bith, acht an suaimh­neas agus an sógh a bhí agam a bhí dhom’ dhéanamh leis­geamhail. Dhúnas na súile, agus tho­suigheas ag smaoin­eamh ar an mnaoi ud a bhí i ngreim láimhe ionnam fós.

Níor fhéadas a dhéanamh amach i gceart an uair sin cé’n cineál mná a bhí innti, acht cheapas ó shoin go mba geall le fuarlach cheapfaí a chosg í: an fuinneamh agus an cumas a bhí innti ó dhúthchas do camadh agus do lúbadh iad, acht nár féadadh a milleadh. Bean de na mnáibh móra úd ghnídheas [ 101 ]gleó mór ’san saoghal. Bean a bhéadh ’n‑a naomh nó ’n‑a deamhan de réir mar bhéarfadh an chinn­eamhain uirri.

Le chomh ciúin is bhíos féin, shíl sise go rabhas ’mo chodladh. Chuir sí a leiceann le mo leicinn-se agus thosuigh dhom’ phógadh go mioch­aireach agus go faiteach mar bhéadh sí ag iarraidh a dhéanamh i ngan-fhios dom.

“A dhearbhráthairín! a dhearbhráthairín!” an focal deir­eannach chualas sul ar thuit mo chodladh orm.

· · · · · · ·

Dhá lá d’fhanas aici. Fuair sí lóisdín dhom i dteach Éirean­naigh i ngar dá lóistín féin, agus gheall sí dhom a theacht ar cuairt ann go minic.