Page:Deoraidheacht (1920).pdf/100

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
100
DEORAIDHEACHT

sí ag caint léithi féin, “a mhúirnín,” “a mhic mo chroidhe,” “a dhear­bhráthairín óg mo chroidhe,” agus ráidhte eile dá saghas.

An fhaid is bhíos ag ól an bhainne, bhí pluid aici ós comhair na teineadh, agus b’éigin dhom é chur ’mo thim­cheall agus a dhul isteach ’san leabaidh go mbéadh mo léine nighte aici.

Rinneas sin. Shuidh sise ar chathaoir cois na leabthan. Bhí greim láimhe aici orm, agus í ag dearcadh ar m’ aghaidh tanaidhe caithte, agus ar mo mhéar­annaibh fada caola, agus ar na féith­eachaibh móra gorma a bhí ag éirghe aníos as mo lámhaibh, agus ar mo bhaithis agus ar mo mhuinéal. Thuig sí cé’n droch-úsáid a bhí fághta agam go mbéidís sin ann. Thuig sí é sin, agus leis an gcaoi a raibh sí ag cur mo chuid méar thrí n‑a cuid méar féin, b’fheasach mé cé’n truaigh mhór a bhí aici dhom, acht b’fhéidir nár thuigeas i gceart é go bhfacas an fhéach­aint a bhí ’n‑a súilibh. Bhí na súile sin ag dul i ngrádh­mhaireacht, agus i dtruaighe, agus i séimhe leis an aimsir go dtí go gceapfá nach bhféad­fadh sí é fhulaint gan rud eicínt a dhéanamh seachas bheith ’n‑a suidhe annsiúd ’san gcathaoir cois na leabthan gan cor aisti.

Níor fhéad acht an oiread. D’éirigh sí de gheit agus phóg sí mé.

Bhí an bainne te ag cur na fola ag borradh ’mo chuis­leachaibh. Bhí mar bhéadh néall beag codalta ag teacht orm, acht nár chodladh a bhí ann ar chor ar bith, acht an suaimh­neas agus an sógh a bhí agam a bhí dhom’ dhéanamh leis­geamhail. Dhúnas na súile, agus tho­suigheas ag smaoin­eamh ar an mnaoi ud a bhí i ngreim láimhe ionnam fós.

Níor fhéadas a dhéanamh amach i gceart an uair sin cé’n cineál mná a bhí innti, acht cheapas ó shoin go mba geall le fuarlach cheapfaí a chosg í: an fuinneamh agus an cumas a bhí innti ó dhúthchas do camadh agus do lúbadh iad, acht nár féadadh a milleadh. Bean de na mnáibh móra úd ghnídheas