dhuit. A mhaisge, ba lághach an fear óg é Éamonn le n‑a linn.…”
Thosuigh na deóir ag teacht ’n‑a súilibh.
“…Agus is iomdha uair a bhíos ag iarraidh a dhéanamh amach céard a thug dom an oiread sin ceana a bheith agam ort, duine nach bhfaca mé acht aon uair amháin roimhe seo—agus níor éirigh liom an sgéal a réidhteach gur thuiteas mo chodladh oidhche agus go bhfacas aghaidh Éamuinn ag dearcadh anuas orm. Bhí sé ann chomh cinnte dearbhtha is tá tusa annsin. Shíleas gur ós cionn na pioctúire úd thall a bhí sé, agus an fhéachaint thruaighmhéileach thug sé orm! Shíleas go raibh sé ag iarraidh labhairt liom, acht nár fhéad sé.…Agus na súile a bhí ’n‑a cheann, b’iad do chuid súl-sa iad. Agus a bhéal! Ó, a Thighearna!…agus ní raibh aon dearbhráthair eile agam acht é. Dá maireadh sé, ní hí seo an bhail a bhéadh orm indiu. Acht toil Dé go ndéanamaoid. Fáilte roimh thoil Dé.…Acht táim dhod’ bhodhradh—agus b’ fhéidir…acht nach mise an óinseach? Ní’l aon cheó ort acht an t‑ocras—ní béinn ag dul amudha go mór dá n‑abruighinn nár ith tú mórán le mí…” agus thosuigh uirri ag gléasadh bídh dhom.
D’innis mé mo sgéal dhi, acht nár bhacas le sgéal an fhir Bhig Bhuidhe ar eagla go gcuirfí fonn gáiridhe orm sul a mbéadh an biadh ithte agam.
Leag sí mias mhór ós mo chomhair.
“B’fhearr dhuit gan an iomarca ithe i dtosach, an chéad uair,” ar sise, “braoinín bainne, b’fhéidir.…”
“Sé ab’ fhearr,” arsa mise, agus saint chun an bhídh d’alpadh orm, acht go rabhas faiteach.
Fuair sí an bainne, agus thosuigh sí ’ghá choinneál liom, mar choinneóchadh sí le páisde é. Le gach spúnóig d’ólainn, leagadh sí lámh ar mo bhaithis, agus thosóchadh ag cuimilt mo chuid ghruaige, agus déarfadh sí anois agus arís mar bhéadh