Deoraidheacht/19

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Deoraidheacht by Pádraic Ó Conaire
Caibideal XIX
[ 92 ]

XIX.

Baineadh geit asam sul a raibh mórán de’n oidhche caithte. A leithéid de bhúrth­ghail agus de sgréach­ghail agus de ghleó níor chualas ariamh cheana. Bhí daoine, ’n‑a sluaigh­tibh agus ’n‑a dtáintibh, ag déanamh caoil díreach treasna na páirce. ’San áit ar a raibh a dtriall, bhí an chuid íocht­arach de’n spéir dearg, agus d’fheicfeá trillseán de lasair ag éirghe i n‑áirde ’san spéir, mar bhéadh teanga fhada chaol ann, agus í ag iarraidh fola a lafairt.

[ 93 ]Ní rabhas ’mo dhúiseacht i gceart gur thosuigh mo bholg dhom’ chéasadh. Chuireas mo lámh ’mo phóca, agus as an mbrusgar a bhí bailigh­the ann—clocha beaga, cnaipí, ruainní, miotail agus eile—bhaineas cnaipe cnáimh agus isteach leis ’mo bhéal. Thos­uigheas ar na seilíbh a tháinic timcheall air a shlugadh. B’fhacthas dom gur laghduigh sin an phian mhór.

Bhí na daoine ag imtheacht tharm fós ’na dtáintibh. Is minic a thugas faoi deara bealach aisteach atá le sluaigh­tibh. Tá an sluagh ar nós duine. Nuair bhíos fearg ar an sluagh, cheapfá le féachaint air go mbíonn fearg ar gach aon bhall atá ’san tsluagh. Déarfá freisin go mbéadh áthas ar gach duine a bhéadh ’san láthair, nuair a bhéadh áthas ar an sluagh féin. Bíonn fonn ar dhuine a dhul an bealach céadna le sluagh, mar bhéadh cumhacht ag an sluagh air. Na braonacha beaga uisge atá ’san abhainn, gluaisid uile go léir an bealach céadna.

Bhí an cumhacht seo ag an sluagh a bhí ag imtheacht tharm orm-sa ar chaoi ar bith. Leanas é.

I dtosach ní raibh aon smaoineadh agam acht a dhul ’n‑a measg, acht leis an aimsir cheapas go bhfuigh­inn biadh nó deoch, nó b’fhéidir airgead ar bhealach eicínt.

Leis an méid daoine a bhí ann, agus leis an deifir a bhí orra, bhéadh sé i n‑aghaidh nadúire mara gcaill­eadh cuid aca sparán, nó sgilling, nó pighin féin. Choinn­igheas mo dhá shúil ar an talamh, a bhí lán-soill­seach le lasair an dóigh­teáin, acht má chaill­eadar aon cheó, ní mise a fuair é. Ní raibh an oiread sin de’n ádh orm.

Teach mór déantúis a bhí thré theine. An tsráid ós a chomhair amach bhí sí leathan, acht má bhí, bhí sí lán de dhaoinibh. Bhí daoine móra agus daoine beaga ann. Daoine daidhbhre agus daoine saidhbhre. Lucht oibre agus lucht díomh­aointis. Fir mhóra ghalánta faoi ’n‑a léin­treach­aibh geala agus a mbairéid árda dubha ag teacht ó n‑a hamharc­lannaibh. Bhí [ 94 ]daoine ann, ar ghnáthach leó a bheith ag glacadh aeir na hoidhche gach uile oidhche ’san mbliadh­ain mar mé féin.

Bhí lucht múchta na dteinte ann ’n‑a gcéad­taibh, agus abha mhór uisge dhá sgairt­eadh aca ar na las­rachaibh a bhí ag briseadh amach ’gach uile áit dhá míle buidh­eachas, agus ag éirghe níos airde agus níos airde ’san spéir le gach iarraidh. Nuair a theang­mhóchadh lasracha úd, a bhí ag dul i dtreise agus i neart gach aon nóimhéad, leis na hear­raidhe éagsamhla ceimic­eacha a bhí istigh ’san ndéan­túsán, thagadh dathanna iongan­tacha orra—idir croi­dhearg agus corcra agus liath-ghorm—dathanna bána, dathanna buidhe, dathanna gorma, dathanna glasa, agus bhíodh na dathanna éagsamhla seo ar aighthibh na ndaoine a bhí mór-thim­cheall ag dearcadh ar an dóigheán agus ar an gcnámh­lach.

B’iongantach an radharc é. Bhí cineál cearnóige bige ar aghaidh an déan­túsáin amach ar an taobh eile de’n tsráid. Bhí balla cloiche mór-thim­cheall ar an gcearnóig bhig seo, agus sgata mór ban a bhíodh ag obair ’san ndéan­túsán ’n‑a seasamh ’n‑a bhárr. Bhí conspóid mhór ar siubhal imeasg na mban seo a bhí ar an mballa.

Bhí cuid aca ann a bhí go lúthgháireach agus go geal-gháireach agus go hait­easach i ngeall ar an déantúsán a bheith tré theine. Ní cáil mhaith a bhí ar an áit, agus b’iomdha pionnós d’fhulain­geadar ann. Bhí cuid eile ann a bhí faoi leathtrom agus brón mór go raibh a gcuid oibre caillte aca. Go deimhin an fear ar leis an déantúsán ní raibh sé leath chomh brónach le cuid dhá lucht oibre. ’Tuige a mbéadh? Ní hé a bhéadh caillte leis an dóighteán. ’Tuige a mbéadh leathtrom air, agus luach a gcaill­feadh sé le fagháil arís aige ó Chumann an Urrudhais? Maidir leis an dream a bhí lúth­gháireach geal-gháireach, ní fhaca tú ariamh daoine a raibh an oireadh áthais orra is bhí orra siúd. Bhíodar le buile go raibh brón ar chuid dhá gcomh-oibrigh­theóiríbh i ngeall ar an mbladhm úd a bhí ag baint slighe beathadh dhíobh. Chuir­eadar i [ 95 ]gcuimhne dhóibh an méid dhá gcomrád­aidhthibh a cailleadh ó’n nimh a bhíodh ’sna hearr­aidhibh ceimic­eacha a bhíodh dá n‑oib­riughadh aca. Chuir­eadar i gcuimhne dhóibh, freisin, ar fhulain­geadar féin ann. Mhasluigh­eadar iad agus thugadar daoine gan spioraid orra. Bhuail­fidís iad dá n‑éir­igheadh leó a dhul ’n‑a n‑airicis. Acht níor fhéad cuid de’n dream seo cuimh­neamh ar aon ní acht an cruadh-shaoghal a bhéadh aca go mbéadh an déantúsán tóigthe arís.

Imeasg na ndaoine a bhí lúthgháireach, thugas sunndas do mhnaoi mhóir. Bhí sí an-chorr­uighthe, agus í ag spreagadh a muintire féin chun amhráin aitis a chanadh le cur i n‑úil do gach n‑aon cé’n meas mór a bhí aca ar an ndéan­túsán, agus ar an muintir ar leó é. Tosuigh­eadh ar an amhrán aitis, agus canadh go bríogh­mhar agus go buadhmhar é. Agus bhí fuath ann, freisin. Gach ar fhulain­geadar de phian­taibh agus de phionnós agus de dhroch-úsáid ’san ndéan­túsán a chuir an fuath san amhrán. Acht ba threise leis an aiteas​…​nach raibh an droch-úsáid agus an ghéar-fhulaint thart go ceann tamaill ar chaoi ar bith?

Lasadh suas éadan na mban lúthgháireach agus na mban mbrónach chomh maith le chéile. Ní chreid­finn ó mo dhá shúil é, go mb’ í Mag Mhór, mo chara dílis féin, an bhean mhór ruadh úd a bhí ’n‑a seasamh ar an mballa ag gríosadh na mban. Acht ’sí bhí ann.

Dhruideas ’n‑a haice le labhairt léithi.

Chuaidh lasair a raibh dath na fola uirri, i n‑áirde ’san spéir. Leig an bhean mhór ruadh liúgh aisti, agus ní bhéadh aon duine chomh mí-thuig­seanach is go gceapfadh sé go mba liúgh dubróin an liúgh sin. D’éirigh liúgh ó na mnáibh eile—liúgh millteach áthais—agus thosuigh­eadar ag greadadh bos. Na mná a raibh brón orra ar ball, bhíodar ag teannadh isteach leis an muintir eile i leabaidh a chéile, agus gach uile dhuine aca a thiocfadh chuici leigfeadh an Bhean Mhór Ruadh liúgh eile aisti.

[ 96 ]Shíleas labhairt léithi. Níor aithinigh sí mé, bhí sí chomh corr­uighthe sin.

Thosuigh na lasracha ag éirghe i n‑áirde mór-thim­cheall an tsimné áird taobh amuigh, mar bhéadh na céadta athair nimhe fíochmhar.

“Go dtuitidh tú! Go dtuitidh tú!” arsa an Bhean Mhór Ruadh ’n‑a sean-liúgh. Rinne na mná eile an ath­chuinghe chéadna.

Do réir mar bhí na lasracha ag teangmháil leis na hearr­aidhibh ceimic­eacha a bhí istigh, bhíodh athar­rughadh datha ag teacht orra. Bhíodar ar gach dath dhá bhfuil ’san mbogha ceatha. Ní rabhadar ar aon dath i n‑aon dá áit de’n teine bhúith­righ sin. Lasair bhán annseo. Lasair bhuidhe thall. Lasair dhearg fuilteach ’san gcúinne eile. Agus mar bhéadh draoidh­eacht ann, suaithtí na dathanna éagsamhla seo ionnus nach mbíodh ionnta acht aon dath glórmhar aon uair amháin.

“Fuil na mban a cailleadh leis an nimh,” arsa mise ’mo shean-bhéic.

Chuala an bhean mhór ruadh an focal, acht ní raibh a fhios aici cé labhair.

“Fuil na mban a cailleadh leis an nimh,” ar sise i n‑árd a gotha cinn.

Bhí na lasrach dearga ag éirghe i n‑áirde as an ndéan­túsán fós.

“Fuil na mban a cailleadh leis an nimh,” arsa na mná go léir d’aon ghuth i dtreó go gcuala gach n‑aon an liúgh. Chuala bainis­teóir an déan­túsáin an gháir, freisin. Tháinic creathán ’n‑a bhallaibh.

Faoi dheóidh thosuigh an spéir ag gealadh ’san oirthear. D’fheicfeá ballaí dubha losgtha an déan­túsáin i n‑aghaidh na spéire, mar bhéadh beith­idheach millteach i lár teineadh íodh­bairte dhaoine allta agus a cheithre chrúb i n‑aer aige ag iarraidh trócaire orra.

[ 97 ]Bhíos ag éirghe chomh corruighthe leis na mnáibh.

“Tá beithidheach céasta na mban ar lár,” arsa mise.

Glacadh suas an focal. Thosuigh an sluagh ’ghá rádh le chéile. ’Sa deireadh sgaoil­eadh an focal amach ó n‑a míltibh sgórnach i n‑aon gháir mhór amháin.

“Tá beithidheach céasta na mban ar lár.”

Thosuigh bainisteóir an déantúsáin losgtha ag spreagadh na síoth­mhaor chun na sráide a ghlanadh. Bhí eagla agus sgáth air roimh an sluagh fíochmhar seo. Bhí droch-cháil ar a déantúsán. Ní raibh fágtha dhe anois acht na ballaí dubha, agus cuid de na ballabíbh féin tuitthe.

Bhí na teinte ag dul i ndísg. Acht anois agus arís d’éir­eóchadh lasair bhán aníos, mar bhéadh leisg uirri sgaradh leis an sean-déantúsán mí-ádhasach. Nuair a d’éir­eóchadh na lasracha seo i n‑áirde do leigfeadh na mná go léir gáir aitis. Bhí an bainis­teóir agus ceann na gcon­stáblaí i gcómhrádh.

“Caithtear ’san teine é!” arsa bean.

“Caithtear ’san teine é!” arsa bean eile.

Bhí cuthach ar na mnáibh. B’éigin an tsráid a ghlanadh. Chon­naiceas an bhean mhór ruadh i n‑áirde ar bhalla ag bualadh bos agus a gruaig le gaoith; d’fhéachas arís acht bhí sí imthigh­the. ’San rúille-búille, is beag nár chailleas í, acht is dócha gur aithnigh sí mé féin, mar níor airigheas ariamh gur cuireadh dhá láimh thréana lán-láidre ’mo thim­cheall, gur tógadh ón talamh mé mar do tógfaí leanbh, agus gur tosuigh­eadh ar mo phógadh arís agus arís eile.

An Bhean Mhór Ruadh a bhí ann.

D’aithnigh na mná oibre eile mé. Thugadar faoi deara gur mé a thosuigh ar na gáirthibh, agus shíleadar mé a bhreith leó le ómós a thabhairt dom. Acht bhagair an bhean mhór orra gan bacadh liom, mar bhí sean-aithne aici orm agus ba duine muintear­dha dhi mé.

Ní bhfuaireas cead uaithi coisméig a shiubhal. D’iompruigh [ 98 ]sí fad an bhealaigh mé, agus a Thighearna! nach í bhí tréan cumasach? Is iomdha gais­gidheach cliúmhar nach raibh chomh láidir léithi.

Lean na mná oibre eile sinn. Níor sgaradar linn go rabhamar ag teach na mná móire. Níor sgaradar linn annsin féin, acht d’fhanadar taobh amuigh ag canadh amhrán i n‑onóir domh-sa go raibh sé ’n‑a lá.