daoine ann, ar ghnáthach leó a bheith ag glacadh aeir na hoidhche gach uile oidhche ’san mbliadhain mar mé féin.
Bhí lucht múchta na dteinte ann ’n‑a gcéadtaibh, agus abha mhór uisge dhá sgairteadh aca ar na lasrachaibh a bhí ag briseadh amach ’gach uile áit dhá míle buidheachas, agus ag éirghe níos airde agus níos airde ’san spéir le gach iarraidh. Nuair a theangmhóchadh lasracha úd, a bhí ag dul i dtreise agus i neart gach aon nóimhéad, leis na hearraidhe éagsamhla ceimiceacha a bhí istigh ’san ndéantúsán, thagadh dathanna iongantacha orra—idir croidhearg agus corcra agus liath-ghorm—dathanna bána, dathanna buidhe, dathanna gorma, dathanna glasa, agus bhíodh na dathanna éagsamhla seo ar aighthibh na ndaoine a bhí mór-thimcheall ag dearcadh ar an dóigheán agus ar an gcnámhlach.
B’iongantach an radharc é. Bhí cineál cearnóige bige ar aghaidh an déantúsáin amach ar an taobh eile de’n tsráid. Bhí balla cloiche mór-thimcheall ar an gcearnóig bhig seo, agus sgata mór ban a bhíodh ag obair ’san ndéantúsán ’n‑a seasamh ’n‑a bhárr. Bhí conspóid mhór ar siubhal imeasg na mban seo a bhí ar an mballa.
Bhí cuid aca ann a bhí go lúthgháireach agus go geal-gháireach agus go haiteasach i ngeall ar an déantúsán a bheith tré theine. Ní cáil mhaith a bhí ar an áit, agus b’iomdha pionnós d’fhulaingeadar ann. Bhí cuid eile ann a bhí faoi leathtrom agus brón mór go raibh a gcuid oibre caillte aca. Go deimhin an fear ar leis an déantúsán ní raibh sé leath chomh brónach le cuid dhá lucht oibre. ’Tuige a mbéadh? Ní hé a bhéadh caillte leis an dóighteán. ’Tuige a mbéadh leathtrom air, agus luach a gcaillfeadh sé le fagháil arís aige ó Chumann an Urrudhais? Maidir leis an dream a bhí lúthgháireach geal-gháireach, ní fhaca tú ariamh daoine a raibh an oireadh áthais orra is bhí orra siúd. Bhíodar le buile go raibh brón ar chuid dhá gcomh-oibrightheóiríbh i ngeall ar an mbladhm úd a bhí ag baint slighe beathadh dhíobh. Chuireadar i