Ní rabhas ’mo dhúiseacht i gceart gur thosuigh mo bholg dhom’ chéasadh. Chuireas mo lámh ’mo phóca, agus as an mbrusgar a bhí bailighthe ann—clocha beaga, cnaipí, ruainní, miotail agus eile—bhaineas cnaipe cnáimh agus isteach leis ’mo bhéal. Thosuigheas ar na seilíbh a tháinic timcheall air a shlugadh. B’fhacthas dom gur laghduigh sin an phian mhór.
Bhí na daoine ag imtheacht tharm fós ’na dtáintibh. Is minic a thugas faoi deara bealach aisteach atá le sluaightibh. Tá an sluagh ar nós duine. Nuair bhíos fearg ar an sluagh, cheapfá le féachaint air go mbíonn fearg ar gach aon bhall atá ’san tsluagh. Déarfá freisin go mbéadh áthas ar gach duine a bhéadh ’san láthair, nuair a bhéadh áthas ar an sluagh féin. Bíonn fonn ar dhuine a dhul an bealach céadna le sluagh, mar bhéadh cumhacht ag an sluagh air. Na braonacha beaga uisge atá ’san abhainn, gluaisid uile go léir an bealach céadna.
Bhí an cumhacht seo ag an sluagh a bhí ag imtheacht tharm orm-sa ar chaoi ar bith. Leanas é.
I dtosach ní raibh aon smaoineadh agam acht a dhul ’n‑a measg, acht leis an aimsir cheapas go bhfuighinn biadh nó deoch, nó b’fhéidir airgead ar bhealach eicínt.
Leis an méid daoine a bhí ann, agus leis an deifir a bhí orra, bhéadh sé i n‑aghaidh nadúire mara gcailleadh cuid aca sparán, nó sgilling, nó pighin féin. Choinnigheas mo dhá shúil ar an talamh, a bhí lán-soillseach le lasair an dóighteáin, acht má chailleadar aon cheó, ní mise a fuair é. Ní raibh an oiread sin de’n ádh orm.
Teach mór déantúis a bhí thré theine. An tsráid ós a chomhair amach bhí sí leathan, acht má bhí, bhí sí lán de dhaoinibh. Bhí daoine móra agus daoine beaga ann. Daoine daidhbhre agus daoine saidhbhre. Lucht oibre agus lucht díomhaointis. Fir mhóra ghalánta faoi ’n‑a léintreachaibh geala agus a mbairéid árda dubha ag teacht ó n‑a hamharclannaibh. Bhí