Page:Deoraidheacht (1920).pdf/95

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
95
Deoraidheacht

gcuimhne dhóibh an méid dhá gcomrád­aidhthibh a cailleadh ó’n nimh a bhíodh ’sna hearr­aidhibh ceimic­eacha a bhíodh dá n‑oib­riughadh aca. Chuir­eadar i gcuimhne dhóibh, freisin, ar fhulain­geadar féin ann. Mhasluigh­eadar iad agus thugadar daoine gan spioraid orra. Bhuail­fidís iad dá n‑éir­igheadh leó a dhul ’n‑a n‑airicis. Acht níor fhéad cuid de’n dream seo cuimh­neamh ar aon ní acht an cruadh-shaoghal a bhéadh aca go mbéadh an déantúsán tóigthe arís.

Imeasg na ndaoine a bhí lúthgháireach, thugas sunndas do mhnaoi mhóir. Bhí sí an-chorr­uighthe, agus í ag spreagadh a muintire féin chun amhráin aitis a chanadh le cur i n‑úil do gach n‑aon cé’n meas mór a bhí aca ar an ndéan­túsán, agus ar an muintir ar leó é. Tosuigh­eadh ar an amhrán aitis, agus canadh go bríogh­mhar agus go buadhmhar é. Agus bhí fuath ann, freisin. Gach ar fhulain­geadar de phian­taibh agus de phionnós agus de dhroch-úsáid ’san ndéan­túsán a chuir an fuath san amhrán. Acht ba threise leis an aiteas​…​nach raibh an droch-úsáid agus an ghéar-fhulaint thart go ceann tamaill ar chaoi ar bith?

Lasadh suas éadan na mban lúthgháireach agus na mban mbrónach chomh maith le chéile. Ní chreid­finn ó mo dhá shúil é, go mb’ í Mag Mhór, mo chara dílis féin, an bhean mhór ruadh úd a bhí ’n‑a seasamh ar an mballa ag gríosadh na mban. Acht ’sí bhí ann.

Dhruideas ’n‑a haice le labhairt léithi.

Chuaidh lasair a raibh dath na fola uirri, i n‑áirde ’san spéir. Leig an bhean mhór ruadh liúgh aisti, agus ní bhéadh aon duine chomh mí-thuig­seanach is go gceapfadh sé go mba liúgh dubróin an liúgh sin. D’éirigh liúgh ó na mnáibh eile—liúgh millteach áthais—agus thosuigh­eadar ag greadadh bos. Na mná a raibh brón orra ar ball, bhíodar ag teannadh isteach leis an muintir eile i leabaidh a chéile, agus gach uile dhuine aca a thiocfadh chuici leigfeadh an Bhean Mhór Ruadh liúgh eile aisti.