lacht a chonnaiceas ’san sgathán. Leigeas mo shean-sgairt gháiridhe (ní heól dom anois féin cé’n fáth), agus thugas na cúl-sráideanna salacha suaracha orm féin.
Gach ar cheapas ar maidin faoi fhear na sguaibe, d’fheil sé dhom féin chomh maith.
Daoine a dhearcadh orm, chuireadar fearg orm. Bhíodar dhom’ mhasladh. Acht ba dhóigh liom go raibh an ceart aca sin a dhéanamh, dá mbadh rud é gur diabhal magamhail a chruthuigh me leis an gcineadh daonna mhasladh, mar cheapas gur chruthuigh sé an fear úd a bhí ’san stábla ar maidin. Chuireas mo theanga amach le gach n‑aon a dhearc orm, agus ghluais liom, ag déanamh an-torainn ar na leacrachaibh le mo mhaide croise.
Chuadhas isteach i bpáirc. Chaitheas mé féin ar an talamh faoi bhun crainn daraighe. Tháinic méigrim ’mo cheann. Luigheas siar ar mo dhruim. Dhúnas mo dhá shúil. Chonnaiceas na céadta dath agus iad dhá mheasgadh ’n a chéile, agus ag déanamh na mílte pioctúir breágh ioldathach, agus leanfadh pioctúir pioctúir eile chomh tapaidh sin go raibh m’intinn tuirseach sáruighthe aca. Nuair a thabharfainn iarracht faoi n‑a dhíbirt, thiocfadh ceól in mo chluasaibh agus bhíodh na fuaimeanna ceólmhara dhá n‑atharrughadh ó am go ham ar an nós céadna is bhí na pioctúirí.…
Thuit an oidhche.
XIX.
Baineadh geit asam sul a raibh mórán de’n oidhche caithte. A leithéid de bhúrthghail agus de sgréachghail agus de ghleó níor chualas ariamh cheana. Bhí daoine, ’n‑a sluaightibh agus ’n‑a dtáintibh, ag déanamh caoil díreach treasna na páirce. ’San áit ar a raibh a dtriall, bhí an chuid íochtarach de’n spéir dearg, agus d’fheicfeá trillseán de lasair ag éirghe i n‑áirde ’san spéir, mar bhéadh teanga fhada chaol ann, agus í ag iarraidh fola a lafairt.