Shíleas labhairt léithi. Níor aithinigh sí mé, bhí sí chomh corruighthe sin.
Thosuigh na lasracha ag éirghe i n‑áirde mór-thimcheall an tsimné áird taobh amuigh, mar bhéadh na céadta athair nimhe fíochmhar.
“Go dtuitidh tú! Go dtuitidh tú!” arsa an Bhean Mhór Ruadh ’n‑a sean-liúgh. Rinne na mná eile an athchuinghe chéadna.
Do réir mar bhí na lasracha ag teangmháil leis na hearraidhibh ceimiceacha a bhí istigh, bhíodh atharrughadh datha ag teacht orra. Bhíodar ar gach dath dhá bhfuil ’san mbogha ceatha. Ní rabhadar ar aon dath i n‑aon dá áit de’n teine bhúithrigh sin. Lasair bhán annseo. Lasair bhuidhe thall. Lasair dhearg fuilteach ’san gcúinne eile. Agus mar bhéadh draoidheacht ann, suaithtí na dathanna éagsamhla seo ionnus nach mbíodh ionnta acht aon dath glórmhar aon uair amháin.
“Fuil na mban a cailleadh leis an nimh,” arsa mise ’mo shean-bhéic.
Chuala an bhean mhór ruadh an focal, acht ní raibh a fhios aici cé labhair.
“Fuil na mban a cailleadh leis an nimh,” ar sise i n‑árd a gotha cinn.
Bhí na lasrach dearga ag éirghe i n‑áirde as an ndéantúsán fós.
“Fuil na mban a cailleadh leis an nimh,” arsa na mná go léir d’aon ghuth i dtreó go gcuala gach n‑aon an liúgh. Chuala bainisteóir an déantúsáin an gháir, freisin. Tháinic creathán ’n‑a bhallaibh.
Faoi dheóidh thosuigh an spéir ag gealadh ’san oirthear. D’fheicfeá ballaí dubha losgtha an déantúsáin i n‑aghaidh na spéire, mar bhéadh beithidheach millteach i lár teineadh íodhbairte dhaoine allta agus a cheithre chrúb i n‑aer aige ag iarraidh trócaire orra.