Deoraidheacht/18

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Deoraidheacht by Pádraic Ó Conaire
Caibideal XVIII
[ 88 ]

XVIII.

Ar a fheiceál dom an chéad uair, tháinic fuath agus gráin agus alltacht orm le chomh gránna is bhí sé ’n‑a chlodh agus ’n‑a phearsain. Sean-fhear a bhí ann—sean-fhear beag bídeach agus é chomh cromtha ’s chomh lúbtha sin is go gceapfá go ndéanfaí dhá leith dhe dá dtugthaí iarraidh faoi n‑a dhír­iughadh. An t‑éadan a bhí air déarfá gur as an gcloich éibhir a gearradh é, acht nár fhan an ceárd­aidhe le n‑a shaothar a chríoch­nughadh, gur éirigh sé chomh tinn tuirseach sin de, le chomh gránna is bhí sé, is gur fhág sé dhá thuaradh é faoi fhear­thainn agus faoi ghréin na síorraidh­eachta.

Má bhí aon smaoineadh ann, acht an gliocas agus an feall, níor nocht­uigheadh ’san éadan rocach clochach sin é. Ar theacht isteach an doras dhom féin, bhí sé ’n‑a sheasamh le balla. An sguab mhór a bhí ’n‑a láimh aige, bhí sí i bhfad níos áirde ná é agus greim an fhir bháithte aige uirri. Ní raibh chor as. Ba gheall le siabhra é a cheapfadh diabhal a mbéadh fonn grinn air le masladh agus dímheas a thabhairt do’n chineadh daonna agus le magadh a dhéanamh fútha. Cuireadh cuid de chuma agus de chruth an duine air, acht fágadh an sguab ’n‑a láimh le cruth­ughadh nach fear a bhí ann i ndáir­íribh, acht an cineál ainmhidhe bhéadh ’san bhfear marach deagh-mhéin an Chruth­uightheóra. Ceann de na comh­arthaibh uath­bhásacha feictear anois agus arís, imeasg ball de’n chineadh daonna, a thugas léargus dúinn, i n‑aghaidh ár dtola, cé’n bhail a bhéadh orainn dá dtuiteadh a leitéid seo nó a leithéid siúd amach i dtús-shaoghal an chinidh. B’fhéidir gur duine dá shaghas chonnaic an fear úd na n‑aor agus na bhfuath agus na ngrádh, Dean Suift, sul ar cheap sé a aor millteach, Gulli­bhear imeasg na Yadhthú. Bhí na [ 89 ]capaill chomh sleamhain slíoctha deagh-chumtha, agus chomh borb fíochmhar ceanndána, agus chomh breagh beath­uighthe slacht­mhar sin, agus eisean.…​Och! nach é a bhí gránna le n‑a éadan rocach clochach, agus a ghuailne nach raibh ar aon áirde, agus a chruth droch-chumtha casta cromtha ’n‑a dhá leith, agus a chomh­artha céirde—an sguab mhór árd a rinne níos lugha agus níos suaraighe agus níos uath­bhásaighe é, agus a dhá shúil a bhí gan beódhacht, agus b’fhéidir gan mórán léarguis! Óch!…

Tháinic gráin orm. An bhféad­fainn aon chorr­ughadh croidhe a bhaint as? Dá leiginn liúgh—liúgh an fhir bhuidhe—an gcuirfinn eagla air? Dá mbuailinn buile i lár éadain air, an gcos­nóchadh sé é féin?

(Bhí an taom eile ocrais tagtha. B’eól dom sin ó’n meisge a bhí ag teacht orm ag machtnamh dhom ar fhear na sguaibe. Rinneas an-iarracht ar na smaointe aisteacha a bhí ag bhrúch­tadh isteach im’ aigne ar nós fuarlaigh earraigh a chosg. D’éirigh liom cosg a chur orra feadh sgathaimh bhig).

Ní raibh cor dhá chur dhe ag fear na sguaibe feadh an achair.

“Hóra!” adeirim-se ’mo shean-bhéic.

Chuir sé a lámh le n‑a chluais. Bhí sé bodhar. Dhruideas chuige. Bhí sé smeartha salach le aoileach, agus a bholadh agus boladh an alluis mór-thim­cheall air.

“A’ gcloisir?” adeirim-se.

Cor níor chuir sé dhe. Bhí sé bodhar i ndáir­íribh.

“Hóra!” adeirim-se arís isteach ’n‑a chluais. Ní raibh aon mhaith ann, gidh go ndubhras i n‑árd mo ghotha é. Go deimhin duit, leis an anál do tharrain­geas, ghort­uigheas mo bholg folamh go mór.

Thosuigh na smaointe aisteacha ag teacht chugam arís. Ní raibh aon chosg leó. Acht bhí aon smaoin­eadh amháin i gcúl mo chinn, cé’n chaoi a bhfuigh­inn eólas ar áit chomh­nuighthe na mná móire ruaidhe.

[ 90 ]Leigeas mo shean-liúgh isteach i gcluais mo dhuine. Chorruigh na capaill, acht ní dheárna seisean acht a cheann a chrathadh le cur i n‑úil dom nach raibh aon éisteacht aige.

Briseadh ar an bhfoighid orm.

“Go mbudh seacht measa a bhéas tú bliadhain ó ’nocht,” adeirim-se go feargach, “cé’n fáth nár mhínigh tú sin dom cheana? A’ gceapann tú go bhfuil sé d’uain agus d’ionbhaidh agam an lá a chaith­eamh leat-sa?”

D’fhágas annsin é. É féin agus a sguab mhór! Bhí mála mine taobh istigh de’n doras. Chuireas mo lámh isteach ann, agus thugas lán mo ghlaice liom.

Taobh amuigh de’n doras bhí fear óg, agus dhá chapall i ngreim aige. Bhí sé tar éis a theacht.

“Bhfuil fhios agad cá gcomhnuigheann an bhean mhór anois a bhíodh thuas an staighre sin?”

“Mag Mhór?”

“’Sí atá uaim.”

“Mara bhfuilim ag dul amhudha go mór, atá sí faoi ghlas.”

“Faoi ghlas!”

“’Seadh. Faoi ghlas—’san gcarcar. Nach dtuigeann tú mé?”

“Ó! tuigim.”

“Is ann atá sí, mara bhfuilim ag dul amudha go mór. Agus dheamhan a bhfuil de locht air mar áit chomh­nuighthe go ceann an gheimh­ridh.…​Mara n‑éir­eóchaidh liom.…​b’fhéidir go mbéadh sé ar na crannaibh go gcuirfinn féin an geimh­readh isteach ann​…​dá nglacthá mo chomh­airle-se, rachthá féin ann.”

Bhí fearg orm gur cheap sé go raibh an droch-bhail orm. Bhíos ag iarraidh cuimh­neamh céard déarfainn leis, le go mbéadh fhios aige nach amhlaidh a bhí an sgéal agam-sa, nuair a shín sé amach a lámh chugam, agus pighin ruadh ar a bhois aige.

[ 91 ]“Ceannuigh ruainne aráin,” ar seisean, “ní’l agam acht í.”

Ghlacas an phighin, agus d’imthigh liom gan oiread agus “sonas ort” a rádh. Bhí eagla an domhain orm, go leanfadh sé mé agus go mbain­feadh sé an t‑airgead dhóm.

Nuair nár lean, mhothuigheas rud eile ag teacht ar mo chroidhe. Náire shaogh­alta a tháinic orm gur ghlacas pighin uaidh. Nár ghlacas airgead ó ghiolla capall? Nár mhasluigh sé mé nuair a cheap sé go raibh ocras orm agus go mb’fheárr dhom a dhul isteach ’san gcarcar? Bhí mé náir­ighthe. Bhí mé náir­ighthe go deó na ndeór. Ní bhéadh meas madra agam orm féin feasda. Ba mheasa go mór fada é ná an t‑airgead a éileamh. Bhéadh ciall annsin. Acht ba náireach an ghníomh é an gníomh eile. Cheapas agus shoc­ruigheas ar a dhul ar ais agus an t‑airgead salach a chaith­eamh leis, nuair a chon­naiceas builíní beaga deasa i bhfuin­neóig. Ní bhéadh orra acht pighin. Ó! ba bhreágh iad! Ní fhaca tú ariamh builíní beaga a bhí chomh deagh-dhaithte ’n‑a n‑íochtar agus ’n‑a n‑uachtar leó! Mholas an fuinteóir. Mholas an tal­mhaidhe agus a chuid cruith­neachta. Mholas an teine, agus na daoine a bhain a hadhbhar as broinn na talmhan. Mholas an fear bhí dhá ndíol, ar an mbealach ab’ fheárr leis an duine macánta sin, mar thugas mo phighin dó ar cheann aca.

Coiglim go sásta an t‑arán breágh úr atá deagh-dhaithte ó’n teine.

Acht cé’n chaoi a dtug an giolla capall faoi deara go raibh ocras orm? (Ní raibh mé réidh leis fhós, má bhí an builín féin dhá choigilt agam). An raibh cosamh­lacht an ocrais orm? Bhíos tanaidhe go cinnte. Acht nach mbíonn duine tanaidhe i ndiaidh taom donas tinnis? Nach mbíonn a shiubhal go lag lúbach corrach? Nach mbíonn féachaint aisteach ’n‑a shúilibh? Dhearcas isteach i sgathán a bhí i bhfuin­neóig siopa.

Tháinic alltacht orm. Is ar éigin d’aith­nigheas an chosamh­[ 92 ]lacht a chon­naiceas ’san sgathán. Leigeas mo shean-sgairt gháiridhe (ní heól dom anois féin cé’n fáth), agus thugas na cúl-sráid­eanna salacha suaracha orm féin.

Gach ar cheapas ar maidin faoi fhear na sguaibe, d’fheil sé dhom féin chomh maith.

Daoine a dhearcadh orm, chuir­eadar fearg orm. Bhíodar dhom’ mhasladh. Acht ba dhóigh liom go raibh an ceart aca sin a dhéanamh, dá mbadh rud é gur diabhal magamhail a chruthuigh me leis an gcineadh daonna mhasladh, mar cheapas gur chruth­uigh sé an fear úd a bhí ’san stábla ar maidin. Chuireas mo theanga amach le gach n‑aon a dhearc orm, agus ghluais liom, ag déanamh an-torainn ar na leacra­chaibh le mo mhaide croise.

Chuadhas isteach i bpáirc. Chaitheas mé féin ar an talamh faoi bhun crainn daraighe. Tháinic méigrim ’mo cheann. Luigheas siar ar mo dhruim. Dhúnas mo dhá shúil. Chon­naiceas na céadta dath agus iad dhá mheasgadh ’n a chéile, agus ag déanamh na mílte pioctúir breágh iol­dathach, agus leanfadh pioctúir pioctúir eile chomh tapaidh sin go raibh m’intinn tuirseach sár­uighthe aca. Nuair a thabhar­fainn iarracht faoi n‑a dhíbirt, thiocfadh ceól in mo chluas­aibh agus bhíodh na fuaim­eanna ceólmhara dhá n‑athar­rughadh ó am go ham ar an nós céadna is bhí na pioctúirí.…

Thuit an oidhche.