Page:Deoraidheacht (1920).pdf/89

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
89
Deoraidheacht

capaill chomh sleamhain slíoctha deagh-chumtha, agus chomh borb fíochmhar ceanndána, agus chomh breagh beath­uighthe slacht­mhar sin, agus eisean.…​Och! nach é a bhí gránna le n‑a éadan rocach clochach, agus a ghuailne nach raibh ar aon áirde, agus a chruth droch-chumtha casta cromtha ’n‑a dhá leith, agus a chomh­artha céirde—an sguab mhór árd a rinne níos lugha agus níos suaraighe agus níos uath­bhásaighe é, agus a dhá shúil a bhí gan beódhacht, agus b’fhéidir gan mórán léarguis! Óch!…

Tháinic gráin orm. An bhféad­fainn aon chorr­ughadh croidhe a bhaint as? Dá leiginn liúgh—liúgh an fhir bhuidhe—an gcuirfinn eagla air? Dá mbuailinn buile i lár éadain air, an gcos­nóchadh sé é féin?

(Bhí an taom eile ocrais tagtha. B’eól dom sin ó’n meisge a bhí ag teacht orm ag machtnamh dhom ar fhear na sguaibe. Rinneas an-iarracht ar na smaointe aisteacha a bhí ag bhrúch­tadh isteach im’ aigne ar nós fuarlaigh earraigh a chosg. D’éirigh liom cosg a chur orra feadh sgathaimh bhig).

Ní raibh cor dhá chur dhe ag fear na sguaibe feadh an achair.

“Hóra!” adeirim-se ’mo shean-bhéic.

Chuir sé a lámh le n‑a chluais. Bhí sé bodhar. Dhruideas chuige. Bhí sé smeartha salach le aoileach, agus a bholadh agus boladh an alluis mór-thim­cheall air.

“A’ gcloisir?” adeirim-se.

Cor níor chuir sé dhe. Bhí sé bodhar i ndáir­íribh.

“Hóra!” adeirim-se arís isteach ’n‑a chluais. Ní raibh aon mhaith ann, gidh go ndubhras i n‑árd mo ghotha é. Go deimhin duit, leis an anál do tharrain­geas, ghort­uigheas mo bholg folamh go mór.

Thosuigh na smaointe aisteacha ag teacht chugam arís. Ní raibh aon chosg leó. Acht bhí aon smaoin­eadh amháin i gcúl mo chinn, cé’n chaoi a bhfuigh­inn eólas ar áit chomh­nuighthe na mná móire ruaidhe.

(d1071)
g