Deoraidheacht/17

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Deoraidheacht by Pádraic Ó Conaire
Caibideal XVII
[ 78 ]

XVII.

Níor fhágas an teach go ceann dhá lá agus is beag d’itheas i gcaith­eamh an dá lá úd. An tríomhadh lá d’éirigheas agus bhuaileas amach. Bhí ceapaithe agam gan filleadh go mbéadh an oiread agam is d’íocfadh bean a’ tighe, bíodh sé luath nó mall.

Shíleas i dtosach go dtiubhrainn aghaidh ar oifig an dligh­eadóra ag ceapadh go mbéadh litir aige lem’ aghaidh, [ 79 ]acht ar dhearcadh ar chlog dhom, chon­naiceas nach raibh sé mórán thar an naoi: ní bhéadh an oifig fosgailte. Bhí páirce mhór i ngar dhom, agus bhuaileas isteach ann le cúpla uair a chaith­eamh.

Samhradh beag na Féile Michíl a bhí ann, acht bhí an ghrian chomh lonnrach soill­seach is bhí i dtosach Lughnasa. Ní mórán daoine a bhí le feiceál thart chomh luath seo, acht i n‑aon chúinne amháin de’n pháirc. Bhí an cúinne sin lán. Is ar éigin a gheobhthá leithead do dhá bhonn innti. Bhí an áit dubh leó, agus iad uile ’n‑a luighe ar an talamh. Lucht fáin agus seachráin bhí ionnta go léir. Bhí cuid aca ann, agus b’é an chuid ba líon­mhaire é, a bhí ar a mbéal fútha ar an talamh. Cuid eile ar shlat­rachaibh a ndroma, agus aghaidh tugtha aca ar spéar­thaibh néimhe. Cuid aca ’n‑a gcodladh. Cuid eile ’n‑a ndúis­eacht. Fear annseo ag tabhairt na mionn a sgoilt­feadh carraig­reacha na Bóirne. Fear thall ag síneadh na ngéag, agus ’ghá thochas féin; agus shílfeá air go mba mhór agus go mba mhill­teach an obair air é.

Na sean-chiolcaisí a bhí orra, má leigeann siad gaoth fhuar reóidhte an gheimh­ridh isteach, ar ndóigh leigeann siad teas breágh na gréine soill­sighe isteach freisin ar an nós céadna. “Mara bhfuil agad móin, déan do ghoradh le gréin,” ceapann siad uile go léir.

Níor chuir an cúinne seo de’n pháirc aon ní i gcuimhne dhom acht fathach mór fuathmhar a mbéadh galar gránna brocach air—galar millteach a bhí ag lobhadh a chuid feóla, agus ’ghá ithe go cnámh, agus a bhí le feiceál ’n‑a spotaíbh móra dubha ag teacht amach thríd an gcraic­eann. Agus leis an bpéin a bhí air ó’n ngalar bhí dath glas ar a chraic­eann, shíleas; agus bhí lúbarn­ghail ’n‑a chuid feóla a bhain crathadh as na spotaíbh dubha úd anois agus arís.

Rinneas féin mo ghoradh le gréin freisin ar bhrollach an fhathaigh fhuath­mhair ghalraigh úd.

· · · · · · ·
[ 80 ]Ní’l aon áird agam ar na spotaíbh dubha atá ar a chraic­eann. Táim ar lár mo dhroma. Tá croinnte móra ar gach taobh dhíom. Tá an ghaoth ag crónán ’n‑a mbárr. Tá an duill­eabhar go meidh­reach agus go fuaim­neach, acht nach bhfuil an ceól céadna dhá spreagadh aca is bhí i dtús an tsamh­raidh. Táid meidh­reach ar bhealach faoi leith i séasúr seo an éaga. Gach smathamh a bhuaileas na billeóga feósaidhe, déanann siad torann aisteach mar bhéadh glugar an bháis ann. Acht tá meidhir agus aiteas ar na cinn eile go bhfuilid i n‑an’ seasamh amach chomh maith sin i n‑aghaidh an bháis atá i ndán dóibh. Tuiteann ceann de na bill­eógaibh feósaidhe seo ar mo bhaithis. Leigim di fanacht ’san áit ar thuit sí. Tuiteann ceann eile ar mo bhéal. Táid ag tuitim go tiugh ’mo thim­cheall. Ní’l ins na fearaibh fáin atá ag breacadh na páirce annseo acht billeóga móra feósaidhe a thuit ó chrann eicínt, dar liom….

Tá sop féir le mo chluais. Nuair a thagann an ghaoth air, buailtear faoi mo chluais é, agus leigim orm féin go bhfuil an sop féir ag síor-iarraidh orm féachaint air, gur rud beó é. Acht ní fhéachaim. Cuireann an sop féir úd fearg orm. Sínim amach mo lámh le n‑a bhaint. Feicim feithide buidhe fad-chosach leath-mharbh ’n‑a bhárr. Nuair a chorr­uighim an sop, tuiteann sé agus cuireann sé na cosa i n‑áirde uaidh le é féin a chosaint. Tugaim faoi deara go bhfuil an-chuimse aca ann, de’n chineál chéadna, agus go bhfuil an chosamh­lacht leath-mharbh orra uile go léir. Táid ag dul chun suain go ceann an gheimh­ridh. Dá bhféad­ainn-se an cleas céadna a dhéanamh! Bainim an sop. Cuirim in mo bhéal é. Coiglim é ar nós bó. Ní leigim orm gur ocras atá orm….

Ocras! Céard a bhéarfadh go mbéadh ocras orm! Nár itheas mo shean-bhéile indé! Agus nach raibh an t‑airgead ag fanacht liom i n‑oifig an dligh­eadóra, b’fhéidir. Ní choinn­eóchadh an Fear Buidhe an t‑airgead uaim. Ní raibh [ 81 ]’san litir úd do sgríobh sé acht magadh. Nárbh’ é mo chuid féin é? Acht fágfad i n‑oifig an dligh­eadóra é go ceann míosa, go ceann ráithe, go ceann bliadhna, má thog­ruighim é. Dá dtéighinn ’n‑a choinne anois, b’ fhéidir go gceapfadh an sumachán úd de dhligh­eadóir gur ’n‑a easbhaidh bhíos. Ní chuirfinn thairis é, dá síleadh sé go raibh ocras orm!

Gan cuimh­neamh orm féin, d’fháisgeas an crios a bhí faoi mo chom agam. Choig­ligheas an sop féir a bhí le mo chluais go raibh dath glas ar mo bhéal uaidh.

Buaileann clog. Clog teampaill eicínt. Cluinim gach buille. A haon—a dó—a trí—a ceathair…. Acht ní fhéadfadh sé bheith a ceathair fós. Ar ndóigh, ní raibh sé acht an deich nuair a bhuail mé isteach annseo. Beidh an fear dlighe imthigh­the a bhaile. Ní bhfuigh­ead mo chuid airgid indiu. Caithfidh mé deifir a dhéanamh.

Éirighim ’mo sheasamh go tobann agus bainim as chomh sgiobtha is tá ’san leath-chois. Tá méigrim ’mo cheann. Táim mar bhéinn ar meisge ag dul ó thaobh go taobh ar na maidíbh croise. Meisge atá orm gan aimhreas—meisge an ocrais atá orm. Na smaointe fánach aisteacha atá ag teacht chugam, agus ag imtheacht uaim ar nós na gaoithe, ní’l ionnta acht smaointe fir mheisge, ní’l ionnta acht aislingí fir mhire. An bhféad­fainn a dhul chuig geata na páirce gan an maide a bhí ’mo láimh dheis a bhualadh i n‑aghaidh an talaimh acht an oiread seo d’uair­eantaibh? Dá n‑éir­igheadh liom, bhíos cinnte go mbéadh airgead an Fhir Bhig Bhuidhe i n‑oifig an dligh­eadóra rómham. Muna n‑éir­igheadh, bhéinn dá uireas­bhaidh. Rinneas iarracht uath­bhásach a dhul chuig an ngeata agus gan an maide a chur ar an talamh acht seacht n‑uaire is dá fhichid. Nach mé bhí ag déanamh na hoibre? Nach mé bhí ag saoth­rughadh an turais? Bhí an t‑allus liom ’n‑a chaise agus an ghrian ag deallramh anuas go neamh­thrócaireach orm. Bhéadh truaigh ag duine dhom, bhéadh gráin ag duine orm leis an gcaoi a bhíos dhom’ chasadh agus [ 82 ]dhom’ lúbad féin le dul chuig an ngeata. Acht, ár ndóigh, ní raibh neart air. Bhí orm a dhéanamh nó ní bhéadh an t‑airgead rómham.

D’imthigh mo bhairéad leis an ngaoith. Ní dheachas ’n‑a dhiaidh. Páisde éigin a bhí ag dul ó’n sgoil a chuir ar mo cheann arís é. Bhí go leór leór ag féachaint orm, agus ag déanamh iongan­tais dhíom.

Nuair a bhíos i bhfois­geacht deich slat do’n gheata, cheapas gur chuireas an maide trí huaire agus dá fhichid ar an talamh. Ní raibh agam acht ceithre iarraidh eile. Ní fhéad­fainn a dhéanamh. Ba bheag nár bhris an gol orm, acht do chuimh­nigheas ar bheart. Chaitheas an maide uaim. Siúd ar aghaidh mé ar mo láimh agus ar mo leath-ghlúin. Bhaineas an geata amach gan an maide fhágáil ar an talamh acht trí huaire is dá fhichid. Bhí an t‑airgead le fagháil agam. Agus nach mé chaith­feadh é? Céard a bhéad le n’ithe agam? Sicíní? Dheamhan a mbéadh go dona díobh. ’Seadh, bhéadh sicín agam go cinnte. Sicín agus ruainne de bhagún agus cabáisde—dá mb’fhéidir a fhagháil. An biadh a bhí i bhfuin­neógaibh na siopaí ní bhfuair­eas aon tsásamh ann. Ní bhéadh aon bhlas air. Ní bhfuair­eas aon bhlas air. Na sicíní a bhí uaim. Sicíní a bhéadh agam! Sicíní a bhéadh agam! Dubhras é seo liom féin seacht n‑uaire déag mar pháisde bhéad ag foghluim ceachta. Bhíos ag oifig an dligh­eadóra sul ar éirigh liom cosg a chur le mo smaoin­tibh.

Ní raibh ’san oifig rómham acht an cléireach. Ní dheárna sé acht féachaint orm.

“Nár dubhradh leat go gcuirfí an t‑airgead úd chugad dhá dtagadh sé?” ar seisean.

“Níor dubhradh a leithéid liom.”

“Cuirfear​…​acht fan. Cá gcómh­nuigheann tú?”

Bhí socruighthe agam gan a dhul ar ais chuig an lóistín. Thugas an chéad seóladh a tháinic ’mo cheann dhó, agus d’im­thigheas.

[ 83 ]Ní rabhas taobh amuigh de’n doras gur thuigeas céard a bhí déanta agam. Dá mbadh rud é go gcuirfí an t‑airgead chugam, ní mise a gheobhadh é. Thugas “amadán” agus “pleidhce” agus ’ch aon tsórt orm féin. An mheisge ocrais agus an bhuile bhí orm ’san bpáirc, d’imthigh siad dhíom. D’imthigh an t‑ocras féin. Níor mhoth­uigheas a dhath dhe orm. Bhuaileas isteach ’san bpáirc an ath-uair. Chaitheas mé féin ar an talamh ar mo bhéal fúm. Tháinic lag-mhisneach orm. Thos­uigheas ag gol, acht níor airigheas go rabhas ’mo chodladh.

· · · · · · ·

Bhí an oidhche ann nuair a dhúisigheas. Acht b’eól dom, ó’n torann a bhí ag teacht chugam treasna na pairce ó’n gcathair, nach raibh ann acht tús oidhche. Thar éis an lae the, tháinic an oidhche fhuar, mar ba ghnáthach i ndeireadh an fhogh­mhair. Ní raibh mo chuid éadaigh go ró-dhona, acht mara raibh féin, b’fhacthas dom go raibh an fuacht ag dul go cnáimh ionnam.

Shiubhlas go tapaidh treasna na páirce, mar dhuine a mbéadh saothar mór le déanamh aige. Ní raibh aon smaoin­eadh ’mo cheann acht cé’n bealach ab’ fheárr dhom an t‑ocras mór a bhí orm a chosg. “Biadh an leigheas is feárr,” adubhras liom féin, agus thos­uigheas ag gáiridhe. Na daoine atá ag gabháil an tsráid, stadann siad agus féachann siad orm le hion­gantas.

Feicim ruainne aráin leathtaobh an chasáin. B’fhéidir gur páisde a chaill é ag gabháil chun ’na sgoile dhó. Beirim air. Glanaim é i sgior­taíbh mo chasóige. Ithim leath dhe go buidheach bean­nachtach, agus cuirim an leath eile i dtaisge i bpíosa páipéir ’mo phóca.

Tá teach óil faoi n‑a chuid solus ar m’aghaidh amhach. Tá sgata fear ’n‑a seasamh leis an mballa. Na creabhair a bhíos ag súghadh fola na gcapall agus na mbó, an rud a chuir siad i gcuimhne dhom. Sheasas leis an mballa ’n‑a measg go neamh-aireach, díreach is dá mbéinn ann ó thús aimsire. [ 84 ]Bhí fear caol árd, agus rian na bolgaighe ’n‑a éadan ’n‑a sheasamh lem’ ais.

Tháinic fonn cainte orm féin. Focal níor labhair mé le duine ná deóruidhe le dhá lá acht an cúpla focal úd a labhair mé leis an gcléir­each.

“A’ raibh Alf Trott annseo indiu?” adeirim-se. (Alf Trott a bhí ar an bhFear Beag Buidhe).

Tháinic iongantas air nuair a labhair mé leis.

“Trott—Trott—Alt Trott—Trott,” agus dubhairt sé an t‑ainm fiche uair i ndiaidh a chéile mar bhéadh sé ag cur duine eicínt i gcuimhne dhó féin.

Chuala cuid eile aca an cheist a chuireas air.

Thosuigh duine aca ar an bhfocal “Trott” a rádh arís agus arís eile, mar bhéadh sé ag fagháil an-tsásaimh ann. Thosuigh duine eile ar “Trott—Trott—Trott,” a rádh, agus tosuigh duine eile fós ar “Trott—Trott—Alf Trott,” a rádh freisin.

Ní raibh duine ann nach raibh an focal sin dhá chrádh. Cuid aca ag rádh go raibh sé ann ar maidin. Cuid eile nach raibh sé ann ó arbhú indé. Shíleas go mbéadh sé ’n‑a achrann.

“Nach é an fear mór beath­uighthe é a bhíos ag imirt cárdaí annseo istigh gach tráthnóna,” arsa duine.

“Ní hé, acht an firín beag tanaidhe a bhíos le n‑a chois,” arsa duine eile.

“Ní Trott atá ar an bhfear reamhar,” arsa ’n chéad duine ar labhair mé leis, “acht Cocs.”

“Agus is Bocs atá ar an bhfear beag. Tá togha aithne agam air,” arsa mise, agus fonn mór magaidh orm, “Bocs agus Cocs atá orra siúd.”

Chuir seo iongantas orra. Níor chuimh­nigheadar ariamh go mb’fhéidir gur Cocs agus Bocs a bhí orra. Thosuigh sé ’n‑a dhíos­bóireacht faoi’n mbeirt. Bhí duine ann agus bhí a fhios aige cá mbíodh Cocs ag obair. Duine eile, agus bhí sé cinnte dearbhtha nach ndeárna sé smeach oibre le n‑a bheó. [ 85 ]Bhíos bodhar aca. D’fhágas annsin iad, agus iad ag cur síos ar Chocs agus ar Bhocs agus ar Thrott.

· · · · · · ·

Acht tá sé an-fhuar agus tá an phian ghránna sin ’mo ghoile arís. Choiglim an chuid eile de’n arán. Tá an crústa chomh cruaidh le cloich, acht is amlaidh is feárr liom é, agus a laighead dhe atá agam. Is mór an sásamh dhom na fiacla geala géara a sháthadh isteach ann. Fáisgim an cóta ’mo thim­cheall, agus greadaim liom go bhfuil allus liom, go bhfuilim beagnach ag tuitim ó’n tuirse, go bhfuil an leath-chos ag tabhairt uaithi, go bhfuil m’asgaill tinn sgólta ó’n maide croise, go bhfuil orm mo sgíth a leigint i n‑áit eicínt. Suidhim ar shuidh­eachán mór cois na habhna (’san áit ar leigeas sgread an Fhir Bhig Bhuidhe i dtosach an oidhche úd a ndeachas amudha ’san gceó), acht táim ró thugtha ró thraochta le sin a thabhairt faoi deara; táim ró thuir­seach ró lag leis an abhainn mhóire dhuibh atá ag sleamh­nughadh tharm mar ollphéist fhuath­mhair a thabhairt faoi deara. Ní fheicim an ollphiast úd a bhfuil na mílte míle solus, na mílte míle súil, na mílte míle cloch luachmhar ag deallramh ’n‑a chraic­eann. Ní ghním iongantas ar bith dhi. Ní ghním iongantas acht dhíom féin.

· · · · · · ·

Bhí breacadh an lae ann nuair dhúis­igheas. Ní raibh fhios agam céard a dhúisigh mé, acht cheapas gur sháith duine éigin saighead ’mo bholg. Ní raibh mé cinnte nach rabhas sáithte gur osgluigh­eas mo chóta agus mo léine. Ní raibh fuil ar bith le feiceál. Bhí sé tamall maith gur leigeas orm féin gur ocras a bhí ag gabháil dom, agus gurab é an constábla a bhí ag gabháil thart a dhúisigh mé.

· · · · · · ·

D’éirigheas agus chuadhas ag spaisteóireacht ag ceapadh go n‑éir­eóchadh liom cuimh­neamh ar bheart eicínt. I mbailtibh móra eile, nuair atá duine i gcruadh-chás, nuair atá náire [ 86 ]agus ceann-faoi agus umhlaidh­eacht air, feictear dhó nach bhfuil na rudaí atá ’n‑a thimc­heall—na tighthe, na ballaí, an tsráid féin—ag iarraidh aon cheó a dhéanamh air, acht i Lonndain ceapann duine de’n tsaghas sin go gcuir­feadh na tighthe móra gruamdha dhá chois é—go dtuit­feadh siad air, le n‑a bhrúghadh síos ’san talamh—dá mb’fhiú leó an trioblóid sin a chur orra féin i ngeall ar shuar­achán mar é.

Tighthe móra aoidh­eachta a bhí ’mo thim­cheall anois. An brusgar do fágadh taobh amuigh de gach teach i gcannaíbh móra mill­teacha, bhí daoine ’ghá chartadh. Sean­daoine, idir fir agus mná, a bhfurmhór, agus nuair a thiocfadh cuid aca n‑a méaraibh caola tanaidhe, agus ag glanadh an tsal­achair de’n bhiadh bhrocach sin le n‑a gcuid iongan.… Ag cromadh ós cionn na soitheach stáin úd dóibh, i mbreac-sholas na maidne, agus na tighthe móra aoidh­eachta ag féachaint anuas orra go sgig­eamhail, ba gheall le sgata éan mór uath­bhásach ocrasach allta iad a bhéadh ag piocadh cnámha duine le n‑a mór-chrobh­aibh garbh-chnámach’ i bhfásach. Ag dearcadh dhom orra, tháinic crathadh ball orm, mar thiocfadh ort agus tú ag éisteacht le duine ag sgríobadh gloine.

An Bhean Mhór Ruadh! Nuair a tháinic an smaoin­eadh chugam cheapas go raibh liom. D’fhéad­fainn cuairt a thabhairt uirri siúd tráth ar bith. Bhain mé as, agus dhá mbéadh eochair na bhflaith­eas in mo phóca, ní fhéadfadh níos mó luth­gháire a bheith orm. Bhí mo chroidhe lán. Bhéadh fáilte ag an mnaoi mhóir ruaidh romham. An Bhean Mhór Ruadh sin d’fhóirigh orm ar nós máthar. B’fhéidir go n‑éir­eóchadh leis an mnaoi mhóir ruaidh sin a raibh éadan uirri mar bhéadh ar Impire Rómhánach mé a thárr­tháil.

Agus d’éireóchadh marach go raibh an seómra fuar folamh rómham. Shílfeadh duine nár chomh­nuigh neach ann leis na bliadh­antaibh.

[ 87 ]Tháinic cumha orm. Tháinic lionndubh ar mo chroidhe nach raibh an bhean úd a d’fhóir ar nós máthar ann le fáil­tiughadh rómham anois. Agus an tsúil a bhí agam leis an bhfáilte sin ó chroidhe!

Bhuaileas fúm ar an urlár ’san áit ar shuidh­eamar beirt ós comhair na teineadh soill­sighe an oidhche cheómhar fad ó. Fearacht Chloinne Lir, chumas dán—acht gurab iad mo dheóir na focail a bhí ann. Chaoineas agus chaoineas agus chaoineas go raibh mo dheóir ’gom’ dhalladh. Ní heól dom aon ní, le croidhe duine a thógbháil mar an ngol, acht amháin an gáiridhe, mór-mhór nuair a thagas na deóir go réidh agus go héasgaidh chuig duine, mar tháin­iceadar chugam-sa an mhaidin bheann­uighthe seo. Le chomh breágh réidh is shileas na deóir, rinne an dreas guil seo an-mhaith de’n tsaoghal dhom.

Bhí baladh agus seitreach na gcapall aníos chugam thríd na siúnta­chaibh a bhí ’sna cláir. Bhí duine ann freisin agus é ag sguabadh na leac—ag sguabadh agus ag sguabadh agus ag síor-sguabadh, agus b’fhacthas dom nár oibrigh aon duine chomh dian le sguaib ariamh ó’n uair ar chéad-bhain Éabha beart fraoigh le n‑a hárus a ghlanadh. Bhí an sguabadh seo dhom’ chrádh agus b’in comhartha dhom nach raibh an t‑ocras imthigh­the, má bhí sos agam ó na piantaibh féin. Idir dhá thaom ocrais bhínn ag tabhairt sunndais do neithibh beaga suaracha de’n tsaghas seo i gcomh­nuidhe agus bhídís dhom’ chrádh. Ní i bhfad uaim a bhí an taom eile. Cé’n chaoi a dtiocfadh sé? Níor thugas faoi deara an raibh an duine a bhí thíos fúm ’san stábla ag sguabadh nó nach raibh. An chéad taom eile, agus é sin amháin a bhí ag déanamh buaidh­eartha dhom. Ní raibh mé an t‑achar seo gan biadh ariamh cheana, agus ní raibh aon eólas cruinn agam. Múisg? Ní headh—ní fhéadfadh múisg a theacht ar dhuine gan aon bhlas a bheith ar a ghoile…acht b’fhéidir go mbéadh a fhios ag an bhfear thíos cá raibh an bhean mhór ruadh úd a [ 88 ]raibh éadan uirri mar bhéadh ar Impire Rómhánach—dá mbéadh ’fhios, bhí liom.