“Ceannuigh ruainne aráin,” ar seisean, “ní’l agam acht í.”
Ghlacas an phighin, agus d’imthigh liom gan oiread agus “sonas ort” a rádh. Bhí eagla an domhain orm, go leanfadh sé mé agus go mbainfeadh sé an t‑airgead dhóm.
Nuair nár lean, mhothuigheas rud eile ag teacht ar mo chroidhe. Náire shaoghalta a tháinic orm gur ghlacas pighin uaidh. Nár ghlacas airgead ó ghiolla capall? Nár mhasluigh sé mé nuair a cheap sé go raibh ocras orm agus go mb’fheárr dhom a dhul isteach ’san gcarcar? Bhí mé náirighthe. Bhí mé náirighthe go deó na ndeór. Ní bhéadh meas madra agam orm féin feasda. Ba mheasa go mór fada é ná an t‑airgead a éileamh. Bhéadh ciall annsin. Acht ba náireach an ghníomh é an gníomh eile. Cheapas agus shocruigheas ar a dhul ar ais agus an t‑airgead salach a chaitheamh leis, nuair a chonnaiceas builíní beaga deasa i bhfuinneóig. Ní bhéadh orra acht pighin. Ó! ba bhreágh iad! Ní fhaca tú ariamh builíní beaga a bhí chomh deagh-dhaithte ’n‑a n‑íochtar agus ’n‑a n‑uachtar leó! Mholas an fuinteóir. Mholas an talmhaidhe agus a chuid cruithneachta. Mholas an teine, agus na daoine a bhain a hadhbhar as broinn na talmhan. Mholas an fear bhí dhá ndíol, ar an mbealach ab’ fheárr leis an duine macánta sin, mar thugas mo phighin dó ar cheann aca.
Coiglim go sásta an t‑arán breágh úr atá deagh-dhaithte ó’n teine.
Acht cé’n chaoi a dtug an giolla capall faoi deara go raibh ocras orm? (Ní raibh mé réidh leis fhós, má bhí an builín féin dhá choigilt agam). An raibh cosamhlacht an ocrais orm? Bhíos tanaidhe go cinnte. Acht nach mbíonn duine tanaidhe i ndiaidh taom donas tinnis? Nach mbíonn a shiubhal go lag lúbach corrach? Nach mbíonn féachaint aisteach ’n‑a shúilibh? Dhearcas isteach i sgathán a bhí i bhfuinneóig siopa.
Tháinic alltacht orm. Is ar éigin d’aithnigheas an chosamh-