Page:Deoraidheacht (1920).pdf/90

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
90
Deoraidheacht

Leigeas mo shean-liúgh isteach i gcluais mo dhuine. Chorruigh na capaill, acht ní dheárna seisean acht a cheann a chrathadh le cur i n‑úil dom nach raibh aon éisteacht aige.

Briseadh ar an bhfoighid orm.

“Go mbudh seacht measa a bhéas tú bliadhain ó ’nocht,” adeirim-se go feargach, “cé’n fáth nár mhínigh tú sin dom cheana? A’ gceapann tú go bhfuil sé d’uain agus d’ionbhaidh agam an lá a chaith­eamh leat-sa?”

D’fhágas annsin é. É féin agus a sguab mhór! Bhí mála mine taobh istigh de’n doras. Chuireas mo lámh isteach ann, agus thugas lán mo ghlaice liom.

Taobh amuigh de’n doras bhí fear óg, agus dhá chapall i ngreim aige. Bhí sé tar éis a theacht.

“Bhfuil fhios agad cá gcomhnuigheann an bhean mhór anois a bhíodh thuas an staighre sin?”

“Mag Mhór?”

“’Sí atá uaim.”

“Mara bhfuilim ag dul amhudha go mór, atá sí faoi ghlas.”

“Faoi ghlas!”

“’Seadh. Faoi ghlas—’san gcarcar. Nach dtuigeann tú mé?”

“Ó! tuigim.”

“Is ann atá sí, mara bhfuilim ag dul amudha go mór. Agus dheamhan a bhfuil de locht air mar áit chomh­nuighthe go ceann an gheimh­ridh.…​Mara n‑éir­eóchaidh liom.…​b’fhéidir go mbéadh sé ar na crannaibh go gcuirfinn féin an geimh­readh isteach ann​…​dá nglacthá mo chomh­airle-se, rachthá féin ann.”

Bhí fearg orm gur cheap sé go raibh an droch-bhail orm. Bhíos ag iarraidh cuimh­neamh céard déarfainn leis, le go mbéadh fhios aige nach amhlaidh a bhí an sgéal agam-sa, nuair a shín sé amach a lámh chugam, agus pighin ruadh ar a bhois aige.