Jump to content

Page:Deoraidheacht (1920).pdf/102

From Wikisource
This page has been validated.
102
Deoraidheacht

’n‑a bhán ann cé’n dul amudha a bhí ort. Agus nuair a dhúnadh sé an leabhar le n‑a chur i dtaisge ’san gcomh­rainn mhóir arís, do dhearcadh sé ort ar bhealach is go gceapfá go raibh faoi “anois céard déarfá leat féin?” a rádh, acht nach n‑abróchadh sé focal ar bith. Agus an fear seo a bhíodh ag léigheadh staire agus ag meabh­rughadh dánta go saothrach d’oidhche bhíodh an phiocóid agus an tsluasad mar ghléas­annaibh oibre aige de ló.

Na béasa agus gnáis a chleacht­uigh Clanna Gaedhal ar bhántaibh agus ar shléibh­tibh na Fódla leis na céadtaibh bliadhan chleacht­uigh an pobal beag seo iad i gcathair choimh­thighigh. An oidh­reacht Ghaedhal a leig Gaedhil an tsaidh­bhris uatha le aithris a dhéanamh ar an each­trannach a chuirf­eadh go tóin na fairrge móire iad dá bhféadadh sé, choinnigh na daoine bochta seo iad mar choin­neóchthá seód uasal. Thuig­eadar, ’n‑a mbealach féin, nach raibh mórán de dheagh-thréith­ribh ná de dhroch-thréith­ribh ag aon chineadh acht iad siúd a tháinic anuas chuca ó n‑a sinsear­aibh.

Choinnigh na daoine seo tréithre agus nósa agus teanga a gcinidh. Choinnigh a gclann na tréithre, acht chaill­eadar an teanga agus cuid mhaith de na nósaibh. Chaill clann a gclainne teanga agus nósa, agus mórán de na tréith­ribh. An chuid de thréith­ribh na nGaedhal nár chaill­eadar, ní raibh ionnta siúd acht na droch-thréithre. Innseoch­aidh lucht tógtha ain­mhidhthe dhuit go mbíonn droch-mhianach an dá chineadh ’sna hainmhidh­thibh shíol­ruigheas ó chineadh­chaibh éagsamhla. Deir dream eile, ámhthach, nach mbíonn ionnta acht an deágh-mhianach.

Ní abróchainn féin nach bhfuil mórán de’n fhírinne ag an dá dhream, acht go bhfuil an fhírinne go hiomlán ag an gcéad dream dá mb’iad muintir an cheann­tair seo agus iad sin amháin a bhéadh faoi sgrúd­ughadh aca. Nuair a chuadhas féin ’n‑a measg, ní raibh beó thar dhá sgór de na daoinibh a d’fhág Éire i ndiaidh an ghorta. Bhí cuid de na