Page:Deoraidheacht (1920).pdf/103

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
103
Deoraidheacht

sgéal­aidhthibh agus de na sean­chaidh­thibh agus de na ceól­tóiribh orra siúd. Acht bhí a ré beagnach thart. Bhí clann na sgéal­aidhthe agus na sean­chaidhthe ann, bhí agus clann a gclainne, acht nár mhór an chreideamhaint dóibh iad.

Duine de na seandaoinibh seo d’fhág an tír i ndiaidh an ghorta a bhí i Seaán Ó hAichir, nó “An Casúr,” mar tugadh air. Tugadh an leas-ainm úd air, mar bhí dúil mhór ’san díos­bóireacht aige ariamh, agus nuair a bhíodh an ceann is fearr fághta aige ar an té bhíodh ag cur ’n‑a aghaidh, ní abróchadh sé acht “Sin tairnge eile i gclár agam.” Bhíodh cóta mór, a chaith a shean­athair, air gach séasúr de’n bhliadh­ain. Ba chuma cé’n teas mór a bhíodh ann, ní fhágfadh sé an cóta sin uaidh. Bhíodh maide daraighe i gcúl a ghlaice aige go gnáthach—maide mór a bhain sé féin ’n‑a bhaile dhúth­chais nuair a thug sé cuairt seacht­mhaine ar an áit. Smeach oibre ní dheárna mo dhuine ó chuir sé an teach lóistín ’n‑a rabhas féin faoi láthair ar bun. Bhí sean­daoine ’san gcomhar­sanacht, sean­daoine a raibh aithne aca ar a mhuintir ’sa mbaile, agus dubradar nach raibh ’san gCasúr acht duine fallsa spadánta agus go mba dhual muintire dhó a bheith amhlaidh. Acht níor tugadh aon áird orra. Bhíodh a chathaoir taobh amuigh de’n doras aige, i n‑áit a mbíodh fosgadh aige ó theas na gréine ’san samhradh, agus taobh istigh de’n doras i n‑áit a mbíodh goradh aige ó’n teinidh ’san ngeimh­readh. Taobh istigh nó taobh amuigh, ní bhaineadh sé an cóta mór dhe, ní leagadh sé an maide daraighe uaidh; agus Éirean­naigh a chomh­nuigh ’san gcomhar­sanacht agus a bhí ró-shean le aon cheó a dhéanamh d’fheiceadh sé iad ag gabháil na slighe dhóibh, agus nach aca a bhíodh an díosbóir­eacht? I ndeireadh an chómh­ráidh chloisfeá focal an Chasúir—

“Sin tairnge eile i gclár agam.”

Bíodh An Casúr leisgeamhail nó ná bíodh, ní raibh a bhean Brighid leis­geamhail. Is uirri a bhí cúram an tighe. Mara nglanadh sí féin na seómraí agus na leapracha