Page:Deoraidheacht (1920).pdf/105

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
105
Deoraidheacht

dhó ar sgilling—acht sin rud nach raibh a fhios ag An gCasúr tada faoi.

An lá ar ceann­uigheadh an slabhra, chuadhas féin ann. Tháinic an Bhean Mhór Ruadh i n‑éindigh liom le mé féin a chur i n‑aithne do mhuintir an tighe. Bhí fhios aca go rabhas ag teacht, agus go raibh an Bhean Mhór Ruadh leis an oiread seo ’san tseacht­mhain a thabhairt dóibh ar mo leabaidh. Sin rud nach raibh a fhios agam-sa. Cheapas go bhfuigh­inn beagán cáirde uatha, agus go mbéinn i n‑an’ a n‑aisíoc, nuair a gheobh­ainn an obair úd, ag glanadh na mbuidéal d’ fhear an tighe óil úd, ’n‑ait ar casadh an Fear Buidhe liom i dtosach; do gealladh do’n Mhnaoi Mhóir Ruaidh go raibh sé le fagháil agam.

Bhí an-fháilte aca rómham. Bhéinn go breágh compórt­amhail aca. Bhéadh leabaidh bhreágh ghlan agam ’san seómra mhór i n‑éindigh le seisear nó mór-sheisear eile—“buach­aillí deasa,” thug Brighid orra.

“B’fhéidir go mbéadh cupán tae agad anois,” ar sise.

“Beidh cupán againn go léir,” ars’ An Casúr.

“Cuir an tulán ar an teine,” ar sí le duine a bhí i seómra eile.

“Cuirfead.”

Glór mná a bhí ann, agus shíleas gur aith­nigheas an glór sin. Tháinic an bhean amach as an seómra, agus a lán gréithre tae aici. Bhíos féin ag cur síos ar Cheist na Talmhan leis An gCasúr, agus ní fhacas i dtosach í. Acht mara bhfaca chonnaic sise mé, agus leis an iongantas a bhí uirri mé fheiceál, thuit a raibh de ghréithre aici ar an úrlár agus briseadh iad.

Ar chloisint an torainn dom, thógas mo cheann agus d’fhéachas ar an mnaoi ar éirigh an timpist dhi, agus mh’anam go raibh iongantas agus an-iongantas orm féin.

An Bhean Reamhar bhí agam ann.

(d1071)
h