Page:Deoraidheacht (1920).pdf/107

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
107
Deoraidheacht

ar chaill sí an fheóil bhí an fheóil mhór caillte aici, acht go dtiubh­arthá bean reamhar uirri fós féin, gan éagcóir a dhéanamh uirri acht a oiread.

“Ar ndóigh, b’éigin dom slighe bheathadh eile a ghlacadh chugam,” ar sise, “táim ar aimsir annseo. Tá sean-aithne agam ar mhuintir an tighe. Acht maidir le Alf bocht”—b’in é an Fear Beag Buidhe—“rinne seisean a dhíceall mé leigheas. Na biadhtha is buirbe agus na deocha is cumh­achtaighe, an sógh agus an suaimh­neas, tugadh dhom iad. Acht ní raibh aon mhaith ann. Ní raibh aon ghoile agam, le cath­ughadh ’do dhiaidh​…​dá n‑abruigh­inn focal fút, cheapfá gur ar mir bhíodh sé. Seachain thú féin air! Seachain thú féin air, adeirim!”

Shuidh sí le mo thaobh arís. Tháinic na deóir ’n‑a súilibh. Do cheapas go raibh sí ar tí mo phógtha agus mo fháisgthe mar rinne sí go minic cheana, acht ní dheárna sí acht greim fhagháil ar mo láimh agus féachaint orm go cásmhar.

Chuaidh Iodálach thart agus gléas ceóil aige. Thosuigh sé ar fhonn a sheinnt dúinn ar an orgán.

“…Dheamhan cuimhne a bhí agam,” ar sise ag fáisgeadh barróige orm, “dheamhan cuimhne a bhí agam go mbéadh an oiread de’n ádh orm is go gcasfainn leat-sa annseo.”

“Acht cár fhág tú an bioránach buidhe?” arsa mise.

“An fear bocht!” ar sise. “An fear bocht! Nach air a bhí an mí-ádh? Nach air atá an droch-bhail? Mo thruaigh é anocht! Sos ná suaimh­neas ní bhfuair sé ó’n lá ar chuir túsa an t‑achrann ar bun agus, an fear bocht! ní raibh aon cheart agad a dhéanamh, agus gan é bheith ag iarraidh acht mise agus tusa a chur faoi bhrat an phósta. Ní raibh aon cheart agad a dhéanamh, má bhí an braoinín beag ólta féin agad.…”

“Acht céard d’éirigh dhó?”

“Ó, muise! níor éirigh dhó acht gur briseadh suas a