Deoraidheacht/23

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Deoraidheacht by Pádraic Ó Conaire
Caibideal XXIII
[ 112 ]

XXIII.

Dúisigheadh tamall beag roimh an deich a chlog mé. Ní raibh a fhios agam céard a dhúisigh mé, mar ní raibh ’san seómra acht beirt, agus bhíodar-san ’n‑a dtrom-chodladh de réir gach cosamh­lachta.

Bhíos ag cuimilt mo shúl agus ag ceapadh néall beag eile bheith agam, nuair a buaileadh an fhuinneóg a bhí lem’ ais go haireach le slait. D’árd­uigheas amach. Cé d’fheicfinn ’san bhfuin­neóig eile—fuinneóg a seómra féin—acht an Bhean Reamhar, agus an tslat ’n‑a glaic aici.

“Nach deacair thú a dhúis­eacht?” ar sise.

“Bhí trom-chodladh orm.”

“Seo cupán tae agus ruainne aráin ime​…​déanfaidh sé maith dhuit,” agus sheachaid sí an lón dom, “bhíos leath-uair ag iarraid ’do dhúis­eacht​…​ar ndóigh, ní’l an bheirt eile ’n‑a ndúis­eacht,” ar sise.

“Ní’l—acht céard a bhí ort nár thug tú isteach é?” arsa mise.

“Go bhféachaidh Dia ort!” ar sise, “ní’l éolas na háite seo agad fós. Ar ndóigh, tá glas ar an doras sin agaibh-se ag Brighid.”

“Glas ar an doras! ’Tuige a mbéadh glas ar an doras aici?”

“Ar fhaitchíos go n‑imtheóchadh na daoine a thagas isteach ar chíos oidhche i ngan-fhios di​…​acht tá sí féin ag teacht, cluinim torann a bróg ar an staighre.…​Feicfidh mé ar ball tú,” agus d’imthigh a ceann go tobann.

Bhíos ag ól an tae agus ag déanamh mo smaointe. An bheirt eile a bhí ’san seómra, chuiridís cor díobh anois agus arís, agus leigidís osna. Thíos uaim san tsráid bhí [ 113 ]na daoine ag gabháil thart, ag gabháil thart i gcomh­nuidhe. Chualas guth an Chasúir thíos fúm. Ba dhóigh liom gur ar leic na fuin­neóige ar ar shuidheas féin agus an Bhean Reamhar aréir a bhí sé. Ní raibh an tae ólta agam gur chualas a ghnáth-fhocal “Sin tairnge eile i gclár agam.” Bhí a bhean, Brighid, le clos freisin. Bhí sí ar a dearg-dhícheall ag obair, acht mar sin féin, sgaoil­eadh sí rann uaithi, anois agus arís, ar an mbealach seo:

          “Do raghainn-se go dtí an t‑aonac leat,
                              A Eibhlín a rúin:
            Do raghainn-se go dtí an t‑aonach leat,
                              A Eibhlín a rúin:
            Do raghainn-se thar sáile leat.…”

Nuair a bhíodh an méid seo ráidhte aici, thosóchad sí ar an rann an ath-uair, díreach is dá ndí­breóchaí an chuid eile dhe as a ceann le méid a saothair. Bhí an Bhean Reamhar féin le clos agam, acht ní haon rann a bí aici sin, má bhí gleó mór féin dhá dhéanamh aici, rud a bhí.

Acht céard a bhí uirri siúd go dtug sí cion do bheirt fear i n‑éindigh? Mé féin agus an Fear Deag Buidhe! Ní raibh a leithéid de mhnaoi eile le fagháil! Agus an bheirt dá dtug sí gean a bheith chomh mór sin i n‑aghaidh a chéile! Agus gan aon chosamh­lacht a bheith eatorra, i méin, ná i dtréith­ribh, ná i bpearsain! Dá mbadh áluinn léithi duine aca, ar ndóigh, badh chóir go mbéadh sí gan aon tsuim a chur ’san duine eile? Bhí an sgéal i n‑aimhréide orm. Acht bhíos ceaptha agus lán-cheaptha a réidh­teach. Bhí sé ag déanamh buaidh­eartha dhom, acht thos­uigheas ag gáiridhe nuair a smaoineas go raibh mé ag cur suime innti. Ní hinnti a bhíos ag cur na suime acht ’san gceist úd a bhí ag déanamh buaidh­eartha dom.…

Bhí sí taobh amuigh de’n doras le cabhrughadh liom síos an staighre.

[ 114 ]“Má tá uain agad,” arsa mise nuair a bhíomar ’n‑a bhun, “badh mhian liom beagán cainte a dhéanamh leat i n‑áit eicínt nach gcuirfí isteach orainn.”

Bhí iongantas uirri. Acht má bhí, bhí áthas uirri freisin gur chuireas an oiread sin suime innti, is go labhar­fainn léithi gan í a theacht le labhairt liom-sa i dtosach.

· · · · · · ·

Chuamar go stábla a bhí ar chúl an tighe lóistín faoi am dhinnéara. Ní raibh capall ná aon bheith­idheach eile ann. Shuidheas ar chloich a bhí ag congbháil an dorais ar osgailt. Shuid sise ar an bhféar ós mo chomhair amach. Ni raibh a fhios aici faoi cheithre áirdibh na cruinne céard a bhí le rádh agam léithi. Choinnigh sí a dhá súil orm go mbéadh fonn orm labhairt, rud nár fhéadas a dhéanamh go ceann sgathaimh. Ní raibh a fhios agam cé’n bealach a dtos­óchainn.

“Tá cion agad orm-sa,” arsa mise léithi faoi dheireadh.

“Nach bhfuil fhios agad féin go bhfuil?” ar sise, agus tháinic luisne ’n‑a gruaidh.

“Agus tá fhios agad go rí-mhaith nach bhfuilim féin agus an Fear Buidhe mór le chéile.”

“Tá fhios.”

“Tá tusa mór leis. B’fhearr leat é is dócha ná⸺”

“Ná duine ar bith eile—acht thú féin,” ar sise.

Bhí fearg ag teacht orm.

“Cad chuige thú bheith chomh geanamhail sin leis? Nach bhfuil fhios agad go maith nach raibh sé do do bheath­ughadh le togha gach bidh acht le n‑a phóca a mhéad­ughadh? Nach ndeárna sé tú chomh reamhar le—le—le—ní heól dom cé’n rud—le iongantas a dhéanamh dhíot le tuilleadh airgid a bhaint asad? Bhfuil náire ar bith ort? Bhfuil meas ar bith agad ort féin? Mo ghráin thú!”

Má bhí fearg orm, ní i ngeall ar a ndeárna an Fear Buidhe uirri é, acht i ngeall ar a ndeárna sé orm féin.

[ 115 ]“Tá—an-chion agam—air,” ar sise, agus a ceann fúithi, “acht tá cion agam ort-sa, freisin.”

Sháruigh sé sin a bhfacas ariamh! Bhí cion aici ar an mbeirt! Phósfadh sí an bheirt dá bhféadadh sí é! Acht bhí náire uirri. Bhí a ceann cromtha fós aici. Nár mhaith an comhartha é sin?

“Dá mbéadh sinn-ne pósta,” arsa mise le baint aisti, “an mbéadh grádh agad dhó annsin?”

“Bh-bh-bhéadh,” ar sise.

“Agus bhéadh grádh agad dhom-sa, freisin, nach mbéadh?”

“Bhéadh. Bhéadh. An-ghrádh.”

Bhí an mí-ádh uirri. D’fhanas féin tamall ’mo thost. Cheapas go raibh sise ag caoineadh, acht d’éirigh sí de gheit, agus rug sí greim láimhe orm. Choinnigh sí greim chomh cruaidh sin orm nár fhéadas an lámh a thabhairt uaithi. Dhearc si go truaigh­mhéileach orm. Bhí sí corr­uighthe.

“Má leigim mo rún leat,” ar sise, “ní innseóch­aidh tú do aonneach beó é.”

“Ní innseóchad.”

Bhí sí tamall ’n‑a tost, agus a ceann fúithi. Annsin dubhairt sí:

“ ’Sé m’athair é.” Is beag nach ndeachas i laige.

“Acht dubhairt sé liom nár phós sé ariamh,” arsa mise, nuair a tháinic an chaint chugam.

“Nior phós. Acht is ’san teach seo rugadh agus tóigeadh mé go ndeachas i n‑éindigh lem’ athair ’san tais­beántas,” agus mhínigh sí an sgéal dom, acht ó nach bhfuil aon bhaint aige le mo sgéal féin ní bhacfad leis.

Nuair a bhí an sgéal innsighthe aici ghread léithi go tobann. Thos­uigheas féin ag machtnamh, agus d’fhanas chomh fada ’san machtnamh sin go dtáinic gealbhan beag dána a bhí ag tóiridh­eacht bídh ar an urlár chugam, agus gur sheas ar bharr mo mhaide croise, a bhí leigthe isteach le mo ghualainn.

[ 116 ]B’é toradh an mhachtnaimh úd nach raibh duine ar bith eile ann a bhí chomh dall liom féin, nár thuigeas cé’n gaol a bhí ag an bhFear Beag Buidhe leis an Mnaoi Reamhair úd a cheap sé thabhairt dom mar chéile.