Page:Deoraidheacht (1920).pdf/113

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
113
DEORAIDHEACHT

na daoine ag gabháil thart, ag gabháil thart i gcomh­nuidhe. Chualas guth an Chasúir thíos fúm. Ba dhóigh liom gur ar leic na fuin­neóige ar ar shuidheas féin agus an Bhean Reamhar aréir a bhí sé. Ní raibh an tae ólta agam gur chualas a ghnáth-fhocal “Sin tairnge eile i gclár agam.” Bhí a bhean, Brighid, le clos freisin. Bhí sí ar a dearg-dhícheall ag obair, acht mar sin féin, sgaoil­eadh sí rann uaithi, anois agus arís, ar an mbealach seo:

          “Do raghainn-se go dtí an t‑aonac leat,
                              A Eibhlín a rúin:
            Do raghainn-se go dtí an t‑aonach leat,
                              A Eibhlín a rúin:
            Do raghainn-se thar sáile leat.…”

Nuair a bhíodh an méid seo ráidhte aici, thosóchad sí ar an rann an ath-uair, díreach is dá ndí­breóchaí an chuid eile dhe as a ceann le méid a saothair. Bhí an Bhean Reamhar féin le clos agam, acht ní haon rann a bí aici sin, má bhí gleó mór féin dhá dhéanamh aici, rud a bhí.

Acht céard a bhí uirri siúd go dtug sí cion do bheirt fear i n‑éindigh? Mé féin agus an Fear Deag Buidhe! Ní raibh a leithéid de mhnaoi eile le fagháil! Agus an bheirt dá dtug sí gean a bheith chomh mór sin i n‑aghaidh a chéile! Agus gan aon chosamh­lacht a bheith eatorra, i méin, ná i dtréith­ribh, ná i bpearsain! Dá mbadh áluinn léithi duine aca, ar ndóigh, badh chóir go mbéadh sí gan aon tsuim a chur ’san duine eile? Bhí an sgéal i n‑aimhréide orm. Acht bhíos ceaptha agus lán-cheaptha a réidh­teach. Bhí sé ag déanamh buaidh­eartha dhom, acht thos­uigheas ag gáiridhe nuair a smaoineas go raibh mé ag cur suime innti. Ní hinnti a bhíos ag cur na suime acht ’san gceist úd a bhí ag déanamh buaidh­eartha dom.…

Bhí sí taobh amuigh de’n doras le cabhrughadh liom síos an staighre.