Deoraidheacht/24

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Deoraidheacht by Pádraic Ó Conaire
Caibideal XXIV
[ 116 ]

XXIV.

Tá ráithe curtha dhíom agam i dtigh lóistín An Chasúir. Bím ag obair trí lá ’san tseacht­mhain i dtigh ósta—an teach céadna ar casadh an Bhean Mhór Ruadh liom i dtosach. Ag glanadh na soitheach agus na mbuidéal ’san soiléar a bhím, acht ní fhághaim mórán air i ngeall ar an leath-láimh agus an leath-chois a bheith caillte agam.

Ó tá saoire agam indiu, níor bhacas le héirghe. Táim ’mo luighe ar an leabaidh ’san tseómra mhór, cois na fuin­neóige úd thré n‑ar chuir an Bhean Reamhar an cupán tae chugam an chéad mhaidin annseo dhom, agus le ceart a thabhairt di, níor dhearmad sí aon mhaidin ó shoin mé. Tá grian an gheimh­ridh go soill­seach isteach thríd an bhfuin­neóig; tá glórtha beaga boga na bpáisdí chugam isteach ó’n tsráid, agus an bheirt fhear a tháinic isteach go deireannach aréir, agus iad ólta, nílid ag cur isteach orm, óir níor dhúis­igheadar fós. Tá An Casúr féin ’n‑a shuidhe ag doras na sráide ag congbháil cainte le duine de na lóisteóir­íbh. Tá mór­sheisear nó ochtar eile dhíobh ag imirt cártaí agus ag ól leanna ’san tseómra is goire dhom. Cluinim ag easgaine agus ag achrann le chéile ó am go ham iad.

Tá na páipéir seo atá breactha agam caithte ar gach taobh dhíom ar an leabaidh, acht ní thig liom a dhul ar aghaidh le mo sgéal faoi láthair. Na smaointe cheapas a nochtadh imthigh­eann siad uaim go tapaidh. Nílim i n‑an’ greim fhagháil orra, mar déarfá. Táim mí-shuaimh­neach mí-shásta [ 117 ]liom féin agus leis an saoghal. Is cosamhail le sean-leomhan a bhéadh gonta nó iolar na haille a chaill­feadh lúd na sgiathán mé, agus mé ag cur mo chroidhe amach le díombáidh agus le neamh­dhóchas nach bhféadaim mo shaoghal a chaith­eamh mar ba dhual do dhuine. Nach mé tá tuirseach de’n áit seo? Nach mé tá tuirseach de’n dríodar seo atá ar lóisdín ag An gCasúr? Nach agam atá an ghráin do’n dream úd atá ag easgaine agus ag tabhairt na mionn ’san tseómra is goire dhom! Na sráid­eanna beaga suaracha gránna! An saoghal gránna fealltach a nocht­uighthear gach lá ós comhair mo shúl! An crádh agus an brón agus an tuirse croidhe agus an gábhatar! An bhocht­anacht atá ós a gcionn, ’n‑a sgamall mhór, an galar colna agus anma is uath­bhásaighe dá bhfuil ann! Ó, a Thigh­earna, dá bhféad­ainn imtheacht as! Dá bhféad­ainn mo sgamhóga a líonadh arís le gaoith ghlain úir na hÉireann! Dá séidtí chugam, thríd an bhfuin­neóig seo lem’ ais, smathamh beag de’n ghaoith atá ag corr­ughadh brollaigh Chuain na Gaillimhe indiu! Acht ní’l sin i ndán dom. Is dócha nach bhfeic­feadh an cuan breágh mór leathan úd arís go bráthach, nó an chathair úd atá ar a bhruach, nó an loch úd na n‑oileán craobhach, nó na sléibhte móra árda a bhíodh i bhfad uaim agus mé ’mo pháísde, le go ndéan­fainn síor-iongnadh díobh.…

(Caithfidh mé mo sgíth a leigint: ní féidir liom focal a sgríobh­adh leis an torann agus leis an ngleó agus leis an achrann atá ar siubhal ag lucht na gcártaí.)

…Acht ní’l carcar, dá dhoimhne é, nach mbíonn sólás éigin ann. Gabh i leith annseo, agus féach ar an bhfear mór féasógach atá ’san teach úd thall. Tig liom-sa é fheiceál gan mo cheann a thógbháil dhe’n phiolúr. Tá sé ag gabháil ag obair. Ní fhillfidh sé go mbeidh sé an dó a chlog anocht. Tá an chlann ’n‑a thim­cheall. Pógann sé gach duine aca go díl, acht bheir sé dá phóig dá mhnaoi​…​thugas faoi deara cheana é, ag sgríobh­adh na staire seo [ 118 ]dhom, agus bhíos éadmhar. Bhíos éadmhar go raibh saoghal sona aige-san, agus saoghal dona agam féin. Thagadh na céadta pioctúir ós comhair mo shúl nuair d’fheicinn an teach beag deas ar chiumhais coille; bean agus páistí ann, gean agus grádh aca dom féin​…​an saoghal a cheapas a bheith ag an bhfear a bhí ’san teach beag úd thall a bhí de dhíth orm-sa.…

Dá bpósainn an Bhean Reamhar nach dtóigfeadh sí clann dom? Mara raibh aon tsuim agam innti, nach raibh mórán eile ’san gcás céadna nuair a phósadar? Agus nár mhinic, agus nár rí-mhinic tháinic an gean nuair a bhéadh an pósadh déanta? Ní chuireann sí aon ghráin orm anois mar a chuireadh go minic nuair a bhíomar i n‑éindigh leis an bhFear Buidhe. Go cinnte, ní hé ar chaill sí de’n fheóil a d’athar­ruigh ar an nós sin mé. Ní hé sin é, acht an chaoi a mbíodh sí ag iarraidh gach ní dhéanamh dhom. Dá mbéadh cnaipe caillte agam, cé chuireadh ceann eile ’n‑a leabaidh acht í? Dá mbéadh mo léine gan nighe, cé nigheadh? Dá mbéadh sí caithte, cé d’fhágadh ceann eile faoim’ adhairt? Bhí dearg-ghráin agam uirri ar dtús—anois, nach minic a leig mé dhi mo phógadh?​…​B’fhéidir, amach annseo nuair a bhéadh tuilleadh eólais agam uirri, nuair a bhéadh sinn i gcuid­eachtain a chéile i bhfad—b’fhéidir annsin go mbéadh gean agam uirri?​…​An chéad uair eile, sul iarras sí cead orm mé phógadh, bhéarad féin póg i dtosach dhi.

An fear atá ’san teach úd thall, tá dearmad déanta aige ar rud eicínt. (’Séard a leigeas orm acht gur le n a mhnaoi a fheiceál arís d’fhill sé ó bhí an uain aige chuige). Buaileann sé amach agus órd mór ar a ghualainn aige. Bhí fearg orm nár fhill sé le n‑a mhnaoi fheiceál arís, mar cheapas.…

…Acht tá gráin agam orm féin! Nár fheicidh Dia an t‑ádh orm! Nach bhfuilim chomh dona leis na hughdair úd [ 119 ]a cheap nach raibh ’san saoghal seo acht taith­neamh gréine agus blátha áilne agus páirc­eanna breágha glasa ’na mbíonn na nóiníní agus na buidheáin agus na méaracáin Mhuire ag cromadh a gcinn, agus ag glacadh comhairle le chéile gach uair agus gach tráth shéideas gaoth? Nach bhfuil an dul amudha céadna orm-sa, a chum úrsgéal bréagach faoi’n duine féasógach sin nár fhill acht le n‑a órd a fhagháil, nach bhfuil an dul amudha céadna orm-sa is bhíos ar na filíbh úd nach bhfuil i ndá dtrian a saothair agus a saoghail acht aislingí bréagacha, béithe nár mhair ariamh agus spéar-mhná nach raibh ariamh ’sna spéar­thaibh?

Go dtachttar sibh, a lucht na gcártaí! Cad chuige nach leigeann sib dhom mo smaointe a nochtadh? Ní’l aon mhaith ann: ní fhéad­faidh mé a thuill­eadh a sgríobh­adh indiu leó.

Cluinim glórtha boga na bpáisdí atá ag déanamh aoibhnis dhóibh féin thíos fúm ar an tsráidh. Rachadh ’n‑a measg agus inn­seochad sgéal dóibh.

· · · · · · ·

Táim ’mo shuidhe ar an gcasán, leath­taobh na sráide, ar aghaidh tighe An Chasúir amach. Tá na páisdí bailigh­the timcheall orm, suas le céad aca. Tá na fuinneóga ar fhosgailt ’san teach lóisdín, agus tig liom a bhfuil ann a fheiceál idir lucht na gcártaí agus uile. Acht ní’l aon áird ag na daoinbh beaga atá ’mo thim­cheall ar an sean-teach lobhtha atá ag tuitim ó chéile le sean-aois, ná ar lucht na gcártaí atá ag tabhairt na mionn agus ag ól leanna ag an bhfuin­neóig, ná ar An gCasúr atá “ag cur tairnge eile i gclár,” ná ar an tsráid bhig ghránna ’n‑a bhfuilmid, ná ar an droch-bhaladh sheóltaí chugainn ar uairibh ar an ngaoith. Táid i bhfad ó’n áit; táid i dtír aoibhinn áluinn i bhfad i gcéin, áit nach mbíonn ocras ar pháisdíbh, ná fearg ar fhearaibh, ná feall i gcroidh­thibh na mban.

“…agus d’imthigh an mac ríogh isteach ’san gcoill úd a bhí faoi dhraoidh­eacht, agus casadh óigbhean áluinn [ 120 ]leis…” chualas na focail a bhíos féin a rádh; acht ní raibh am ag an mac ríogh agus ag an ógmhnaoi aithne chur ar a chéile go dtáinic fear dá dtugaidís Cing-Cang, air lóisteóir de lóisteóir­íbh An Chasúir, le cuid de mo lucht éistthe a mhealladh uaim. Bhí a phóca lán aige, agus thosuigh sé ag roinnt ubhall ar na páistíbh is lugha a bhí ann.

Duine aisteach atá ann gan aimhreas. Fear fogh­lumtha atá ann; ba mhór le rádh é, lá, dubhradh, acht cuireadh cúig bliadhna príosún­tacht’ air, agus nuair a tháinic sé amach ní raibh sé i n‑an’ aon cheó a dhéanamh, acht cuireann dear­bhráthair leis deich bhfichead ’san tseacht­mhain chuige gach Satharn. Na tréithre is mó a bhaineann leis an gean atá aige ar pháistíbh, agus an t‑eólas mór atá aige ar theanga­chaibh.

“Oibrigh leat,” ar seisean liom, “ní thuig­feadh mo dhream-sa do sgéal. Ní’lid sáthach sean fós.”

“…agus do labhair an óigbhean leis an mac ríogh, agus d’innis sí dhó cá raibh an crann draoidh­eachta a raibh na hubhla órdha ag fás air, agus d’imthigh leó, beirt cos ar chois go dtáinic siad go dtí an crann….”

Ní raibh cuid de na páisdíbh a bhí le Cing-Cang sásta nach raibh sé ag tabhairt a thuill­eadh ubhall dóibh. Ó am go ham, do cuirtí lámh bheag bhídeach isteach i bpóca na n‑ubhall, acht nach leigfeadh seisean air go raibh an lámh ann go mbíodh an t‑ubhall bainte amach as a phóca. Annsin do bhéarfadh sé ar an láimh bhig, do bhaineadh sé an t‑ubhall aisti, agus do bhéarfadh do pháisde eile é. Ní raibh a sháith ubhall aige le ceann a thabhairt do gach páisde, agus nach ann a bhí an t‑achrann nuair a bhí sé ’ghá roinnt!

Níor fhéadas féin aon cheó a dhéanamh leis an dream óg úd a bhí le Cing-Cang. Bhíodar ró-óg leis na sgéal­taibh a thuigsint, agus bhíodh eagla orra rómham, bhí m’ éadan comh casta millte sin, acht mar sin féin, thagadh duine aca a raibh an dánaidh­eacht ann, anois agus arís, agus sháith­eadh [ 121 ]sé a cheann catach isteach faoim’ uilinn agus rian na milseán ar a bhéal.

“…Bhí gaoth mhaith láidir ann an lá sin, agus do sheas an óigbhean áluinn agus an mach ríogh faoi bhun an chrainn, agus do chualadar an ceól ba bhinne dár chuala cluas duine, ó na hubhlaibh órdha nuair a buailtí i n‑aghaidh a chéile iad…”

Tháinic solus i súilibh na bpáisdí bhí ag éisteacht liom agus b’é an solus úd a tháinic ’n‑a súilibh a mbuidh­eachas do’n sgéal­aidhe. Ní raibh uaim acht an solus sin fheiceál, mar bhí a fhios agam annsin gurab é ceól na n‑ubhall n‑órdha a bhí ’n‑a gcluas­aibh agus nár chualadar ceól an mhe­lóideon a bhí dhá sheinnt i dteach lóisdín An Chasúir ar chor ar bith. Agus gach uile uair d’fheicinn an solus sin ’n‑a súilibh d’fheiceadh na páisdí an solus céadna—(solus nár bh’ eól dóibh a bheith ’n‑a súilibh féin), d’fheicidís ’mo shúilibh-se é agus bhíodh iongnadh croidhe orra.

Ní mórán de na hubhlaibh órdha bhí bainte ag an mac ríogh gur cuireadh isteach orm féin. Chualas duine ag glaodhach orm ós árd:

“A Mhichíl! a Mhichíl!”

D’árduigheas mo cheann, agus cé d’fheicfinn i bhfuin­neóig de’n teach lóisdín acht an Bhean Mhór Ruadh.

“A Mhichíl! a Mhichíl!”

“Ní bheidh mé nóiméad uait,” arsa mise ’mo shean-bhéic.

“Déan deifir! Déan deifir! Tá sgéal mór agam,” ar sise.

Cheapas mo sgéal féin a chríochnughadh i dtosach, acht ní leigfeadh sí dhom. B’éigin dom a dhul isteach. Chuala lucht na gcártaí an chaint agus thosuigh­eadar ag magadh fúinn. Ag dul suas an staighre dhom, chualas duine aca ag tos­nughadh ar sgéal (a mb’éigin dom féin a chlos maidin dá raibh glas ar dhoras ár seómra codlata ag Brighid), [ 122 ]sgéal a bhí ró-gháir­seamhail le hinn­seacht i n‑aon áit acht i dtóin ifrinn.

Bhí áthas orm nuair chon­naiceas beirt nó triúr dá raibh ar lucht na gcártaí amuigh ar an tsráid ’n‑a dhiaidh sin. Níor fhanadar leis an sgéal.