Page:Deoraidheacht (1920).pdf/117

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
117
Deoraidheacht

liom féin agus leis an saoghal. Is cosamhail le sean-leomhan a bhéadh gonta nó iolar na haille a chaill­feadh lúd na sgiathán mé, agus mé ag cur mo chroidhe amach le díombáidh agus le neamh­dhóchas nach bhféadaim mo shaoghal a chaith­eamh mar ba dhual do dhuine. Nach mé tá tuirseach de’n áit seo? Nach mé tá tuirseach de’n dríodar seo atá ar lóisdín ag An gCasúr? Nach agam atá an ghráin do’n dream úd atá ag easgaine agus ag tabhairt na mionn ’san tseómra is goire dhom! Na sráid­eanna beaga suaracha gránna! An saoghal gránna fealltach a nocht­uighthear gach lá ós comhair mo shúl! An crádh agus an brón agus an tuirse croidhe agus an gábhatar! An bhocht­anacht atá ós a gcionn, ’n‑a sgamall mhór, an galar colna agus anma is uath­bhásaighe dá bhfuil ann! Ó, a Thigh­earna, dá bhféad­ainn imtheacht as! Dá bhféad­ainn mo sgamhóga a líonadh arís le gaoith ghlain úir na hÉireann! Dá séidtí chugam, thríd an bhfuin­neóig seo lem’ ais, smathamh beag de’n ghaoith atá ag corr­ughadh brollaigh Chuain na Gaillimhe indiu! Acht ní’l sin i ndán dom. Is dócha nach bhfeic­feadh an cuan breágh mór leathan úd arís go bráthach, nó an chathair úd atá ar a bhruach, nó an loch úd na n‑oileán craobhach, nó na sléibhte móra árda a bhíodh i bhfad uaim agus mé ’mo pháísde, le go ndéan­fainn síor-iongnadh díobh.…

(Caithfidh mé mo sgíth a leigint: ní féidir liom focal a sgríobh­adh leis an torann agus leis an ngleó agus leis an achrann atá ar siubhal ag lucht na gcártaí).

…Acht ní’l carcar, dá dhoimhne é, nach mbíonn sólás éigin ann. Gabh i leith annseo, agus féach ar an bhfear mór féasógach atá ’san teach úd thall. Tig liom-sa é fheiceál gan mo cheann a thógbháil dhe’n phiolúr. Tá sé ag gabháil ag obair. Ní fhillfidh sé go mbeidh sé an dó a chlog anocht. Tá an chlann ’n‑a thim­cheall. Pógann sé gach duine aca go díl, acht bheir sé dá phóig dá mhnaoi​…​thugas faoi deara cheana é, ag sgríobh­adh na staire seo