Page:Deoraidheacht (1920).pdf/120

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
120
DEORAIDHEACHT

leis…” chualas na focail a bhíos féin a rádh; acht ní raibh am ag an mac ríogh agus ag an ógmhnaoi aithne chur ar a chéile go dtáinic fear dá dtugaidís Cing-Cang, air lóisteóir de lóisteóir­íbh An Chasúir, le cuid de mo lucht éistthe a mhealladh uaim. Bhí a phóca lán aige, agus thosuigh sé ag roinnt ubhall ar na páistíbh is lugha a bhí ann.

Duine aisteach atá ann gan aimhreas. Fear fogh­lumtha atá ann; ba mhór le rádh é, lá, dubhradh, acht cuireadh cúig bliadhna príosún­tacht’ air, agus nuair a tháinic sé amach ní raibh sé i n‑an’ aon cheó a dhéanamh, acht cuireann dear­bhráthair leis deich bhfichead ’san tseacht­mhain chuige gach Satharn. Na tréithre is mó a bhaineann leis an gean atá aige ar pháistíbh, agus an t‑eólas mór atá aige ar theanga­chaibh.

“Oibrigh leat,” ar seisean liom, “ní thuig­feadh mo dhream-sa do sgéal. Ní’lid sáthach sean fós.”

“…agus do labhair an óigbhean leis an mac ríogh, agus d’innis sí dhó cá raibh an crann draoidh­eachta a raibh na hubhla órdha ag fás air, agus d’imthigh leó, beirt cos ar chois go dtáinic siad go dtí an crann….”

Ní raibh cuid de na páisdíbh a bhí le Cing-Cang sásta nach raibh sé ag tabhairt a thuill­eadh ubhall dóibh. Ó am go ham, do cuirtí lámh bheag bhídeach isteach i bpóca na n‑ubhall, acht nach leigfeadh seisean air go raibh an lámh ann go mbíodh an t‑ubhall bainte amach as a phóca. Annsin do bhéarfadh sé ar an láimh bhig, do bhaineadh sé an t‑ubhall aisti, agus do bhéarfadh do pháisde eile é. Ní raibh a sháith ubhall aige le ceann a thabhairt do gach páisde, agus nach ann a bhí an t‑achrann nuair a bhí sé ’ghá roinnt!

Níor fhéadas féin aon cheó a dhéanamh leis an dream óg úd a bhí le Cing-Cang. Bhíodar ró-óg leis na sgéal­taibh a thuigsint, agus bhíodh eagla orra rómham, bhí m’ éadan comh casta millte sin, acht mar sin féin, thagadh duine aca a raibh an dánaidh­eacht ann, anois agus arís, agus sháith­eadh