a cheap nach raibh ’san saoghal seo acht taithneamh gréine agus blátha áilne agus páirceanna breágha glasa ’na mbíonn na nóiníní agus na buidheáin agus na méaracáin Mhuire ag cromadh a gcinn, agus ag glacadh comhairle le chéile gach uair agus gach tráth shéideas gaoth? Nach bhfuil an dul amudha céadna orm-sa, a chum úrsgéal bréagach faoi’n duine féasógach sin nár fhill acht le n‑a órd a fhagháil, nach bhfuil an dul amudha céadna orm-sa is bhíos ar na filíbh úd nach bhfuil i ndá dtrian a saothair agus a saoghail acht aislingí bréagacha, béithe nár mhair ariamh agus spéar-mhná nach raibh ariamh ’sna spéarthaibh?
Go dtachttar sibh, a lucht na gcártaí! Cad chuige nach leigeann sib dhom mo smaointe a nochtadh? Ní’l aon mhaith ann: ní fhéadfaidh mé a thuilleadh a sgríobhadh indiu leó.
Cluinim glórtha boga na bpáisdí atá ag déanamh aoibhnis dhóibh féin thíos fúm ar an tsráidh. Rachadh ’n‑a measg agus innseochad sgéal dóibh.
· | · | · | · | · | · | · |
Táim ’mo shuidhe ar an gcasán, leathtaobh na sráide, ar aghaidh tighe An Chasúir amach. Tá na páisdí bailighthe timcheall orm, suas le céad aca. Tá na fuinneóga ar fhosgailt ’san teach lóisdín, agus tig liom a bhfuil ann a fheiceál idir lucht na gcártaí agus uile. Acht ní’l aon áird ag na daoinbh beaga atá ’mo thimcheall ar an sean-teach lobhtha atá ag tuitim ó chéile le sean-aois, ná ar lucht na gcártaí atá ag tabhairt na mionn agus ag ól leanna ag an bhfuinneóig, ná ar An gCasúr atá “ag cur tairnge eile i gclár,” ná ar an tsráid bhig ghránna ’n‑a bhfuilmid, ná ar an droch-bhaladh sheóltaí chugainn ar uairibh ar an ngaoith. Táid i bhfad ó’n áit; táid i dtír aoibhinn áluinn i bhfad i gcéin, áit nach mbíonn ocras ar pháisdíbh, ná fearg ar fhearaibh, ná feall i gcroidhthibh na mban.
“…agus d’imthigh an mac ríogh isteach ’san gcoill úd a bhí faoi dhraoidheacht, agus casadh óigbhean áluinn