sé a cheann catach isteach faoim’ uilinn agus rian na milseán ar a bhéal.
“…Bhí gaoth mhaith láidir ann an lá sin, agus do sheas an óigbhean áluinn agus an mach ríogh faoi bhun an chrainn, agus do chualadar an ceól ba bhinne dár chuala cluas duine, ó na hubhlaibh órdha nuair a buailtí i n‑aghaidh a chéile iad…”
Tháinic solus i súilibh na bpáisdí bhí ag éisteacht liom agus b’é an solus úd a tháinic ’n‑a súilibh a mbuidheachas do’n sgéalaidhe. Ní raibh uaim acht an solus sin fheiceál, mar bhí a fhios agam annsin gurab é ceól na n‑ubhall n‑órdha a bhí ’n‑a gcluasaibh agus nár chualadar ceól an mhelóideon a bhí dhá sheinnt i dteach lóisdín An Chasúir ar chor ar bith. Agus gach uile uair d’fheicinn an solus sin ’n‑a súilibh d’fheiceadh na páisdí an solus céadna—(solus nár bh’ eól dóibh a bheith ’n‑a súilibh féin), d’fheicidís ’mo shúilibh-se é agus bhíodh iongnadh croidhe orra.
Ní mórán de na hubhlaibh órdha bhí bainte ag an mac ríogh gur cuireadh isteach orm féin. Chualas duine ag glaodhach orm ós árd:
“A Mhichíl! a Mhichíl!”
D’árduigheas mo cheann, agus cé d’fheicfinn i bhfuinneóig de’n teach lóisdín acht an Bhean Mhór Ruadh.
“A Mhichíl! a Mhichíl!”
“Ní bheidh mé nóiméad uait,” arsa mise ’mo shean-bhéic.
“Déan deifir! Déan deifir! Tá sgéal mór agam,” ar sise.
Cheapas mo sgéal féin a chríochnughadh i dtosach, acht ní leigfeadh sí dhom. B’éigin dom a dhul isteach. Chuala lucht na gcártaí an chaint agus thosuigheadar ag magadh fúinn. Ag dul suas an staighre dhom, chualas duine aca ag tosnughadh ar sgéal (a mb’éigin dom féin a chlos maidin dá raibh glas ar dhoras ár seómra codlata ag Brighid),