Page:Deoraidheacht (1920).pdf/122

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
122
Deoraidheacht

sgéal a bhí ró-gháir­seamhail le hinn­seacht i n‑aon áit acht i dtóin ifrinn.

Bhí áthas orm nuair chon­naiceas beirt nó triúr dá raibh ar lucht na gcártaí amuigh ar an tsráid ’n‑a dhiaidh sin. Níor fhanadar leis an sgéal.


XXV.

An Bhean Mhór Ruadh d’osgail an doras dom.

“Suidh annsin,” ar sise go mí-mhúinte.

Shuidheas ar an gcathaoir. Dhearcas uirri. Is iomdha duine chon­naiceas le cuthach le mo linn, acht a leithéid siúd ní fhacas go dtí sin. Bhí a dhá súil ar lasadh. Bhí anfadh ’n‑a gnúis. Bhí buile ’n‑a glór.

“Agus tá tú le pósadh!” ar sise, agus rinne sí an-iarracht ar a rádh go leanbach neamh-urchóid­each, acht theip uirri.

D’fhéachas féin uirri. D’fhéachas thart thim­cheall an tseómra. Bhí an Bhean Reamhar ’san gcúinne ab’ fhuide uaim agus creathadh géag uirri. Bhí a héadan chomh bán leis an sneachta séidte, agus an fuar-allus léithi.

“Agus tá tú le pósadh!” ars’ an Bhean Mhór Ruadh arís. “Molaim do rogha,” ar sise, agus d’éirigh léithi an fhearg a bhí uirri a cheilt.

Cheap an Bhean Reamhar bhocht focal éigin a rádh, acht d’fhéach an bhean eile uirri. D’fhan sí ’n‑a tost.

“Agus cheapadar a dhéanamh i ngan-fhios dúinn gan cuireadh chun na bainse féin a thabhairt dhúinn,” ar sise; bhí sí ag éirghe fonóid­each, acht má bhí, ba le teann feirge é.

“Cé dubhairt leat go raibh mé le pósadh? Má tá, cá bhfuil an bhean?” arsa mise.

“Sin í thall í,” ar sise, “agus is breágh mór toirt­eamhail an bhean í, bail ó Dhia agus ó Mhuire agus ó dhaoinibh uirri.”

Shíleas féin gáire a dhéanamh acht bhí cineál sgátha orm