Page:Deoraidheacht (1920).pdf/106

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
106
Deoraidheacht

XXII.

Fuair sí faill chainte liom sul a ndeachas a chodladh. D’innis sí a sgéal dom—an méid nár hinn­sigheadh cheana dhom san litir.

Ó d’fhágas féin an tais­beántas, ó’n oidhche úd fad ó nuair a chuireas an clampar ar siubhal, níor éirigh leó. Bhí an droch-cháil orra. D’imthigh na daoine is fearr a bhí aca. Thosuigh an Fear Beag Buidhe ag ól.…

“Cá’l sé ’nois,” arsa mise, “go bhfuighe mé greim air, go gcuiridh mé iallach air⸺”

“An fear bocht!” ar sise.

“Cá’l sé, adeirim? Cá’l sé?” arsa mise agus cuthach orm.

“Fainic thú féin air,” ar sise, “fainic thú féin, a chuid.”

Ní innseochadh sí dhom cá raibh an bith­eamhnach. Acht b’fhacthas dom uirri go raibh sí cinnte dearbhtha go raibh seisean ar tí mo mharbhtha. ’N‑ár suidhe ar lic na fuin­neóige, taobh amuigh, bhíomar ’nós nach gclois­feadh muintir an tighe an cómhrádh. Nuair a bhíodh duine ag gabháil tharainn, bhí orainn a bheith ’n‑ár dtost go n‑im­theóchadh sé. Bhí duine ag gabháil thart ar an bpointe seo, is b’éigin domh-sa leigint orm nach raibh cuthach orm.

“Céard a thug annseo thú?” adeirim-se.

“Ó sgaras leat,” ar sise, “ó d’fhág tú liom féin mé,” ar sise ag tabhairt súil na glasóige orm, ní dheárnas aon mhaith. Mar dubhras leat ’san litir bhíos ag cailleadh na feóla i n‑aghaidh an lae le cumha ’do dhiaidh.…​Ceapadh ’san deireadh nach raibh mé sáthach reamhar ar chor ar bith le bheith ’mo fheic​…​féach anois mé,” ar sise ag éirghe ’n‑a seasamh, “nach iomdha bean d’fheicfeá níos raimhe go mór ná mé?”

Ní raibh sí ag rádh acht an fhírinne. Bhí lóchrann sráide ar a cúl, agus bhí an-amharc agam uirri. Cuma cé’n chaoi