thaisbeántas breágh a bhí ós cionn dhá fhichid bliadhain ar an mbóthar. Ní rabhas féin ann, nuair a tháinic an chreach mhór—dhá mbéadh, ní fhágfadh sé croidhe ar bith ionnam a leithéid de thaisbeántas breágh fheiceál dhá sgaipeadh—acht ní raibh aon bhaile mór dá dtéigheadh sé ann, nach mbíodh litreacha ’sna paipéir roimh ré ag fógradh do’n tsaoghal láimhe cé na hiongantais bhréagacha a bhí aige. Mo chreach agus mo chrádh! Rinne na litreacha bréagacha úd an tubaisde orainn—”
“Acht cé bhíodh ag sgríobhadh na litreacha?”
“Cheap seisean i gcomhnuidhe gur tusa sgríobh iad. Sin é chuir olc air.”
“Mise?”
“Is minic adubhairt sé nach raibh éinne eile ann le n‑a sgríobhadh acht tú. ‘An sramachán leath-chosach’—sin é an t‑ainm a thugadh sé ort—‘sin é tá ’ghá sgríobhadh’ deireadh sé. Acht bhí aimhreas orm féin. Níor cheapas go sílfeá an taisbeántas a chreachadh agus mise ann…acht ní chreidfeadh seisean ó’n tsaoghal nach tú a bhí ag déanamh an mhilleáin—ní chreidfeadh—agus, a chara mo chroidhe, chuaidh sé ar a dhá ghlúin thíos i Sligeach agus thug sé mionn go mbéadh do chuid fola aige.…Óra! a stóir mo chroidhe thú—fainic thú féin air—tá an sgian fhada aige fós agus faobhar uirri⸺”
“⸺sgian a bhfuil lorg na fola uirri fós féin! dhá phighin! Dhá phighin an duine!” arsa mise ag déanamh aithris ar an bhFear Buidhe.
“Ní adhbhar magaidh chor ar bith é,” ar sise, agus briseadh ar an ngol uirri, “acht bhítheá ag magadh fúm-sa i gcomhnuidhe—sin nós a bhí agad.…Acht céard a dhéanfá dá marbhuigheadh sé thú?…Óra, a dhuine! Dá bhfeictheá é! (A dhá láimh i n‑áirde aici agus na súile tugtha ar an spéir aici). Dhá bhfeictheá thíos i Sligeach é agus é le cuthach! Chuaidh sé ar a dhá ghlúin i lár an bhóthair