Page:Deoraidheacht (1920).pdf/109

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
109
DEORAIDHEACHT

an oidhche a mb’ éigin dó an chathair a thréig­eadh, agus thosuigh sé ag labhairt leis an sgin fhada, mar bhéadh sí beó, agus dubhairt: ‘Dubhras go raibh rian fola ort cheana,’ ar seisean; ‘beidh a chuid fola-san ort sul a dtí i bhfad.’ Mh’anam go ndubhairt sé é ar uair mhairbh na hoidhche, i lár an bhóthair uaignigh úd thíos i Sligeach. A dhuine! a dhuine! chuirfead sé uathbhás ort! Agus an sgian fhada fhaobh­rach ag deallramh faoi lonnradh na gealaighe! Ochón! ochón! (Thosuigh sí ar a bosaibh a ghreadadh). Ba mhill­teach an radharc é!⸺”

Tháinic an smigeadh gáire a bhíos ag iarraidh a chosg ó thosuigh sí ar eachtra an fhir bhuidhe a aithris ar mo bhéal gan buidh­eachas dom. Chonnaic sise an smigeadh sin.

“Dá bhfeicteá é,” ar sise, agus tháinic na deóir ’n‑a súilib, “ni gáiridhe a dhéanfá. Ní gáiridhe a dhéanfá, dá mbéadh a fhios agad an imnidhe a bhí orm ó sgaras leis, fhait­chíos go dtiocfadh sé treasna ort, agus go sáith­feadh sé tú.…​Is minic a d’éirigheas as mo chodladh i lár na hoidhche agus an fuar-allus ag tuitim anuas díom, an áit a mbíodh droch-bhrionn­glóid agam. Thainic brionn­glóid chugam tá seacht­mhain ó soin ann, agus bhí tusa agus Alf ann⸺”

“Ná tabhair Alf air feasda,” adeirm-se; “tabhair an Fear Beag Buidhe air.” Sin é an t-ainm is mó a thaith­nigh liom.

“Bhí tusa agus A‑A‑l⸺agus an Fear Beag Buidhe ann. Ar dhearcadh dhom ort-sa an dara huair, bhí tú ar lár. Bhí seisean ós do chionn. An sgian fhada fhaobh­rach úd ’n‑a ghlaic, agus í ag deallrad faoi lonnradh na gealaighe, mar bhí an oidhche úd ar bhóthar Shligigh. Leigeas sgread, agus dhúis­igheas.…​Bhí sibh ós comhair mo shúl agus mé ’mo dhúis­eacht féin. Is beag nach ndeachas i laige.”

Bhí an-chion aici orm go dearbhtha. Bhíos ag iarraidh a