déanamh amach cé’n fáth go mbéadh cion aici ar dhuine de mo shaghas, agus an bheirt againn ’n‑ár suidhe ar leic fuinneóige an tighe lóistín faoi shoillsiughadh an lóchrainn sráide. Bhíos ag déanamh machtnaimh ar a raibh ar m’aithne de mhnáibh ariamh, agus na tréithre a bhain leó. Bhí mná deasa agus mná gránna, mná a mbéadh cion agad orra agus mná nach mbéadh, ar m’ aithne. Cad chuige go dtugaid searc a gcroidhe d’fhear seachas fear eile? Agus an dara fear níor deise ’n‑a bhealach agus ’n‑a mhéin ná an chéad duine de réir baramhla gach n‑aoin, acht amháin an bhean! Acht is dócha nach bhfeiceann siad neithe ar an mbealach céadna linn-ne. Bhfuil beirt bhan ar bith d’fheicfeadh an áilleacht chéadna i bhfear?…Nuair fheiceas, bíonn achrann ann.…Acht ní’l réidhteach na ceiste agam go fóill. Ní’l baoghal orm.…
Bhíos ag machtnamh chomh dian sin nár airigheas lámh ná mná raimhe timcheall ar mo mhuinéal. B’féidir nach raibh fhios aici féin go raibh a lámh ann, mar bhí sí go smaointeach agus í ag féachaint i bhfad uaithi. Ní hé an lóchrann sráide a bhí i bhfogus dúinn, ná na tighthe beaga suaracha a bhí ar an taobh eile de’n tsráid, ná na daoine a bhí ag dul thart a chonnaic sí, acht rud a bhí i bhfad níos áilne, agus níos seanda agus níos taithneamhaighe, dar léithi féin.
Nuair a chuireas-sa cor díom, briseadh isteach ar mhachtnamh na mná. Bhain sí a lámh de mo mhuineál mar bhéadh sí ag iarraidh a dhéanamh i ngan-fhios dom, agus dhearc sí orm mar dhearcfadh aingeal a chosanta ar dhuine a bhéadh ag dul i n‑ócáid an pheacaidh, agus dubhairt:
“Seachain thú féin air, a chuid.”
Bhaineas an piostal a cheannuigheas ó’n mairnéalach as mo phóca.
“Béad-sa ullamh ’n‑a chomhair,” arsa mise ag tasbáint an phiostail dhi.
Nuair a d’fheicfeadh sí go raibh piostal agam-sa, agus