Jump to content

Deoraidheacht/1

From Wikisource
186654Deoraidheacht — Caibideal IPádraic Ó Conaire
[ 5 ]

I.

Ní rabhas mórán thar dá bhliadh­ain go leith i Lonndain Shasana an tráth úd, acht mar sin féin, ní mórán achair eile d’fhanfainn ann dá mbéadh—’seadh, caithfear a rádh—dá mbéadh an oiread agam is bhéarfadh abhaile mé. Acht nuair atá duine ’n‑a chomh­nuidhe agus gan thar an dá phighin ’n‑a phóca aige, agus gan an iomarca ’n‑a bholg, céard is féidir leis a dhéanamh?

Ó! nach orm a bhí an tubaiste nár marbhuigh­eadh mé an lá mí-ádhmha­rach úd a ndeacha an ghluais­teán ar mo mhullach agus mé ar thóir oibre? Dá mbadh rud é go marbh­óchaí mé, ní ’mo chláir­íneach bhocht bhéinn anois agus gan mé acht seacht mbliadhna fichead. Ní ’mo shean-charnán feóla bhéinn agus gan ionnam gluais­eacht ó áit go háit gan na maidí croise acht an oiread le crann mór coille leagfaí le tuaigh. Ní bhéinn ar leath-chois agus ar leath-láimh ag súil le chabhair ó chách. Agus ní bhéadh ar an dream ar leó an gléas marcaigh­eachta a chuaidh tharm dhá chéad go leith punnt a thabhairt dom thar éis mé theacht amach as an ospuidéal….

Nach agam atá an chuimhne ar an lá úd? Nach orm a bhí an lúthgháir go rabhas i n‑an’ siubhal le mo dhá mhaide croise agus an chos adhmuid? Gach uile buille a bhuail­eadh an chos adhmuid ar leacra­chaibh na sráide chuireadh sé iongnadh orm. [ 6 ]Ní mé féin a bhí ag déanamh an torainn ar chor ar bith, cheapas i dtosach; acht leis an imnidhe a bhí orm an chois­idheacht d’fhoghluim an ath-uair, agus imtheacht go deas uaim féin, níor thugas aon cheó faoi deara. Mé ag imtheacht rómham i gcomh­nuidhe agus ag tabhairt an-aire dhom féin. Ag ceapadh go sgiorr­fadh na maidí uaim ar na leacra­chaibh sleamhna uair; uair eile ag rádh liom féin go rabhas ag déanamh go toghtha. Bhí cineál áthais ar mo chroidhe go rabhas i n‑an’ gluais­eacht uaim féin ar chor ar bith.

Lá breágh gréine a bhí ann agus bhí na sráid­eanna lán de dhaoinibh. Cuid aca go breágh aerach croidh­eamhail; cuid eile faoi leathtrom agus brón mór; cuid eile fós bhí go faiteach imnidh­each sgáthmhar. A sgéal féin ag gach éinne agus mo sgéal mór brónach agam féin. Thos­uigheas ag machtnamh. Bhí orm mo shaoghal a chur dhíom ar an an-chaoi seo. Tháinic olc orm do na daoinibh seo a bhí ag dul tharm go beó tapaidh agus lúth na ngéag aca. Cheapas go mba chóir dóibh féachaint orm ar a laighead. Duine a bhí ag foghluim coisidh­eachta an ath-uair! Duine a bhí i mbéal an bháis agus a tháinic as! Duine a bhí ar leath-chois agus ar leath-láimh agus a éadan casta millte sgólta!

Bhí fearg orm nár bacadh liom—nár fiafruigh­eadh sgéala dhíom—nár cuireadh ceist orm i dtaobh na timpiste d’éirigh dhom; acht nuair a dhearc óigbhean deas a bhí ag dul thart go truaigh­mhéileach orm, agus í ar tí labhartha, tháinic cuthach orm. Ní raibh uaithi acht fios, shíleas. An féileacán aerach! Cé an bhaint a bhí aici le me leithéid-se? Bhí fonn orm í mhasladh ar bhealach éigin. Í a dhéanamh chomh gránna mí-shlacht­mhar liom féin, mar thuigeas go maith cé an ghráin bhíos ag daoinibh, ag mnáibh go mór-mhór, ar chlair­ínighibh mar mé, bíodh is go gceapfá go mbíonn an-truaigh aca dhóibh. Acht d’éirigh liom cosg a chur le mo theangain gur imthigh sí thart.

Annsin thosuigheas ag éisteacht le torann na coise [ 7 ]adhmuid ar an tsráid go bhfacas gcárr-bhodach ag tiomáint fonnsa iarainn roimhe. Stócach deas deagh-chumtha soin­eannta a bhí ann a raidh folt fionn catach air, agus nuair a chonnaic sé an t‑allus ag tuitim anuas dhíom agus an droch-bhail a bhí orm, shín sé pighin a bhí i gcúl a ghlaice chugam. B’éigin dom an-iarracht a dhéanamh gan a bhualadh le mo mhaide. Tuige a gceapfadh sé go raibh a chuid airgid uaim-se? Shílfeá go mbeadh ’fhios ag an té ba dhaille ’sa saghal gur chuig an mbannc a bhí mo thriall leis an dá chéad go leith punnt úd fhagháil. Bhí truagh ag an mbua­chaill dhom, agus bhí olc agam dhó go raibh. Ní raibh ’fhios agam an uair sin cé’n t‑athar­rughadh mór tháinic ar mo chroidhe ó d’éirigh an timpist dhom. An t‑athar­rughadh thagas ar fhata d’fhágfaí ’n‑a luighe ar an iomaire faoi ghréin an fhogh­mhair. Fear dorrdha dubh-chroidh­each bhí ionnam, acht rinneas rún daingean an díogh­bháil a leigheas dá bhféad­ainn é.

Bhí an fear dlighe san mbannc romham mar gheall sé. Bhí an uile rud i gcóir aige. Bhí an dá chéad go leith le fagháil agam. Ceapadh go bhfág­fainn an t‑airgead ’san mbannc faoi m’ ainm féin acht ní fhágfainn. Cé’n cineál nótaí ab’ fheárr liom? Ní nótaí a bhí uaim ar chor ar bith acht ór. Bhí iongnadh orra nuair a dubhras an méid sin, acht, dá mbéadh ’fhios aca nach raibh dhá shobharan bhuidhe ’mo phóca agam i n’éin­fheacht ó d’fhágas mo bhaile agus mo cháirde gaoil, ní dóigh liom go mbéadh. Ar caoi ar bith, fuaireas an t‑ór i mála. Cuireadh ’mo shuidhe ar chárr mé, agus ní fada a bhíos ag déanamh an bhealaigh a bhaile.

Chuadhas isteach ’mo sheómra (muintir an ospuidéil a fuair an lóisdín dhom); chuireas an glas ar an doras; bhuaileas an mála óir i n‑aghaidh an bhalla le fuaim an óir a chlos; caitheas ar an mbórd go neamh-aireach é, díreach is dá mbéadh a leithéid agam gach uile lá ’san mbliadh­ain; leigeas siar i gcathaoir shócamh­laigh mé féin agus dhearcas [ 8 ]air feadh sgathaimh bhig; dhúnas na súile; d’éaluigh osna uaim; osna eile; thos­uigheas ag gol.…

Ag osgailt na súl dhom chon­naiceas an mála ar an mbórd—an mála úd a bhí chomh luachmhar le mo leath-chois agus mo leath-láimh agus an droch-íde tugadh ar mo ghruaidh.

Bhí draoidheacht ’san mála beag buidhe sin. (Bhí sé buidhe; an bhféad­fadh sé bheith ar a mhalairt de dhath agus a raibh istigh ann de’n ór?) Níor fhéadas na súile chong­bháil dhe. Bhí an oidhche ag tuitim, agus a raibh de throsgán ’san seómra ag dul i ndoiléire orm; an leabaidh, an bórd, an chathaoir, na ballaí féin bhíodar ag dul ó léargus orm. Ní fhacas acht an mála beag buidhe úd a raibh mo chuid de’n tsaoghal ann.…

Lasas coinneal. Sgairteas a raibh agam de’n ór amach ar an mbórd. Thos­uigheas ’ghá láimh­seáil. Bhíos dhá leigint thrí mo mhéaraibh mar bhíos páisdí ag leigint an ghainimh trí n‑a méaraibh ar an tráigh. Níor mhoth­uigheas aon cheó acht an t‑ór. Níor chualas acht a fhuaim. Ní fhacas acht a dhath. Ní raibh cuimhne agam ar aon rud acht go raibh an t‑ór ann, má bhí cuimhne agam air sin féin. Agus ní dóigh liom anois go raibh, acht go raibh sé ag déanamh sásaimh mhóir aigne dhom fios a bheith agam go raibh sé ann. An tsástacht bhíos ar mháthair nuair is eól di go bhfuil a leanbh ’n‑a haice.

Bhí an bórd beag clúd­uighthe agam le hór. A leithéid de bhrat buird ní raibh ós comhair an ríogh ariamh. Acht ní rabhas sásta amach is amach.

Roinneas an t‑ór ’n‑a chúig chárnán, ’n‑a chúig chaiseal, agus leith-chéad shobharan i ngach ceann. Deich gcinn i n‑íochtar; naoi gcinn ós a gcionn; ocht gcinn ós a gcionn siúd agus mar sin de go raibh na caisil tógtha agam. Tháinic sé isteach go tobann im’ aigne go ndéanfadh gach cárnán díobh ar feadh bliadhna mé. Cúig bliadhna agus bhéadh sé caithte! Céard a bhí le déanamh agam annsin? Bhí droch-mhisneach ag teacht orm. Cor dá dtugas agus [ 9 ]thuit sobharan ar an úrlár. “Tá fonn ort imtheacht,” arsa mise leis. Bhain mé mo chóta dhíom agus sgaras ós cionn an óir é. Ghlaodhas ar bhean an tighe. Thugas an sobharan di, agus dubhras léithi biadh agus deoch thabhairt chugam.

Rinne sí amhlaidh. Acht bhí an brón chomh mór sin ar mo chroidhe ag machtnamh dhom ar na cúig bliadhna úd, agus a dticofadh ’n‑a ndiaidh, nár fhéadas blaiseadh de’n bhiadh. D’ólas ar thug sí dhom, agus thuiteas ’mo chodladh ’san gcathaoir ag láimh­seáil an óir, gan snátha a bhaint dhíom.

Ní cúig caisil óir a bhí ar an mbórd ar maidin ar dhúis­eacht dom acht brat—brat óir a bhí ar an mbórd agus grian na maidne ag óradh a raibh san seómra.

Shíneas ar an leabaidh. Ar m’aghaidh amach bhí pioctúir bheag shuarach gream­uighthe de’n bhalla agus an ghrian ag damhsa air. Triúr fear óg agus iad ag ól bhí le feiceál agad ’san bpioctúir úd. Leis an gcaoi a raibh an ghrian ag soill­siughadh orra, shílfeá go raibh meidhir orra. Bhí fonn mór orm bheith ’na gcuid­eachtain. Dá mbéadh, ní bhéadh brón ná tuirse croidhe orm. Ní ar an gcois adhmuid ná ar mo leath­láimh ná ar mo ghruaidh mhillte sgólta bhéinn ag cuimh­neamh. Ní headh. Acht cá raibh mo cháirde agus mo lucht aith­eantais féin nach bhféad­fainn a dhul chuca? Lucht fáin agus seachráin a bhí ionnta agus ní raibh aon tsúil agam a bhfeiceál agus an t‑achar fada a chaitheas ’san ospuidéal. Níor chuir sin aon imnidhe orm. Chomh fada is bhéadh an t‑airgead agam ní bhéinn gan an comh­luadar.

D’éirigheas ’mo shuidhe agus amach liom, agus an mála beag buidhe ar iomchur agam. Thugas aghaidh ar an mbannc i dtosach agus chuireas an t‑airgead i dtaisge ann acht amháin deich bpunnta choinn­igheas le caitheamh.

Tá siopa tailliúra ar an taobh eile de’n tsráid díreach ar aghaidh an bhainnc. Cheann­uigheas culaith nua ann. Ar a [ 10 ]theacht amach dhom casadh fear liom agus dubhairt sé go bhfaca sé an timpist a d’éirigh dhom.

Bhí comh­luadar uaim. Theas­tuigh duine éigin uaim a dhéanfadh caint liom. Chuadhas ag ól leis, agus ba ghearr go raibh dearmad déanta agam ar an gcois adhmuid, agus ar an leath-láimh a chailleas, agus ar an timpist féin.

Bhí an t‑ól ag óradh a raibh ’mo thim­cheall.


186654