Page:Deoraidheacht (1920).pdf/8

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
8
DEORAIDHEACHT

air feadh sgathaimh bhig; dhúnas na súile; d’éaluigh osna uaim; osna eile; thos­uigheas ag gol.…

Ag osgailt na súl dhom chon­naiceas an mála ar an mbórd—an mála úd a bhí chomh luachmhar le mo leath-chois agus mo leath-láimh agus an droch-íde tugadh ar mo ghruaidh.

Bhí draoidheacht ’san mála beag buidhe sin. (Bhí sé buidhe; an bhféad­fadh sé bheith ar a mhalairt de dhath agus a raibh istigh ann de’n ór?) Níor fhéadas na súile chong­bháil dhe. Bhí an oidhche ag tuitim, agus a raibh de throsgán ’san seómra ag dul i ndoiléire orm; an leabaidh, an bórd, an chathaoir, na ballaí féin bhíodar ag dul ó léargus orm. Ní fhacas acht an mála beag buidhe úd a raibh mo chuid de’n tsaoghal ann.…

Lasas coinneal. Sgairteas a raibh agam de’n ór amach ar an mbórd. Thos­uigheas ’ghá láimh­seáil. Bhíos dhá leigint thrí mo mhéaraibh mar bhíos páisdí ag leigint an ghainimh trí n‑a méaraibh ar an tráigh. Níor mhoth­uigheas aon cheó acht an t‑ór. Níor chualas acht a fhuaim. Ní fhacas acht a dhath. Ní raibh cuimhne agam ar aon rud acht go raibh an t‑ór ann, má bhí cuimhne agam air sin féin. Agus ní dóigh liom anois go raibh, acht go raibh sé ag déanamh sásaimh mhóir aigne dhom fios a bheith agam go raibh sé ann. An tsástacht bhíos ar mháthair nuair is eól di go bhfuil a leanbh ’n‑a haice.

Bhí an bórd beag clúd­uighthe agam le hór. A leithéid de bhrat buird ní raibh ós comhair an ríogh ariamh. Acht ní rabhas sásta amach is amach.

Roinneas an t‑ór ’n‑a chúig chárnán, ’n‑a chúig chaiseal, agus leith-chéad shobharan i ngach ceann. Deich gcinn i n‑íochtar; naoi gcinn ós a gcionn; ocht gcinn ós a gcionn siúd agus mar sin de go raibh na caisil tógtha agam. Tháinic sé isteach go tobann im’ aigne go ndéanfadh gach cárnán díobh ar feadh bliadhna mé. Cúig bliadhna agus bhéadh sé caithte! Céard a bhí le déanamh agam annsin? Bhí droch-mhisneach ag teacht orm. Cor dá dtugas agus