Page:Deoraidheacht (1920).pdf/9

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
9
DEORAIDHEACHT

thuit sobharan ar an úrlár. “Tá fonn ort imtheacht,” arsa mise leis. Bhain mé mo chóta dhíom agus sgaras ós cionn an óir é. Ghlaodhas ar bhean an tighe. Thugas an sobharan di, agus dubhras léithi biadh agus deoch thabhairt chugam.

Rinne sí amhlaidh. Acht bhí an brón chomh mór sin ar mo chroidhe ag machtnamh dhom ar na cúig bliadhna úd, agus a dticofadh ’n‑a ndiaidh, nár fhéadas blaiseadh de’n bhiadh. D’ólas ar thug sí dhom, agus thuiteas ’mo chodladh ’san gcathaoir ag láimh­seáil an óir, gan snátha a bhaint dhíom.

Ní cúig caisil óir a bhí ar an mbórd ar maidin ar dhúis­eacht dom acht brat—brat óir a bhí ar an mbórd agus grian na maidne ag óradh a raibh san seómra.

Shíneas ar an leabaidh. Ar m’aghaidh amach bhí pioctúir bheag shuarach gream­uighthe de’n bhalla agus an ghrian ag damhsa air. Triúr fear óg agus iad ag ól bhí le feiceál agad ’san bpioctúir úd. Leis an gcaoi a raibh an ghrian ag soill­siughadh orra, shílfeá go raibh meidhir orra. Bhí fonn mór orm bheith ’na gcuid­eachtain. Dá mbéadh, ní bhéadh brón ná tuirse croidhe orm. Ní ar an gcois adhmuid ná ar mo leath­láimh ná ar mo ghruaidh mhillte sgólta bhéinn ag cuimh­neamh. Ní headh. Acht cá raibh mo cháirde agus mo lucht aith­eantais féin nach bhféad­fainn a dhul chuca? Lucht fáin agus seachráin a bhí ionnta agus ní raibh aon tsúil agam a bhfeiceál agus an t‑achar fada a chaitheas ’san ospuidéal. Níor chuir sin aon imnidhe orm. Chomh fada is bhéadh an t‑airgead agam ní bhéinn gan an comh­luadar.

D’éirigheas ’mo shuidhe agus amach liom, agus an mála beag buidhe ar iomchur agam. Thugas aghaidh ar an mbannc i dtosach agus chuireas an t‑airgead i dtaisge ann acht amháin deich bpunnta choinn­igheas le caitheamh.

Tá siopa tailliúra ar an taobh eile de’n tsráid díreach ar aghaidh an bhainnc. Cheann­uigheas culaith nua ann. Ar a

(d1071)
B