theacht amach dhom casadh fear liom agus dubhairt sé go bhfaca sé an timpist a d’éirigh dhom.
Bhí comhluadar uaim. Theastuigh duine éigin uaim a dhéanfadh caint liom. Chuadhas ag ól leis, agus ba ghearr go raibh dearmad déanta agam ar an gcois adhmuid, agus ar an leath-láimh a chailleas, agus ar an timpist féin.
Bhí an t‑ól ag óradh a raibh ’mo thimcheall.
II.
Nuair atá duine ann nach raibh aon chleacht aige ar airgead ariamh, imthigheann sé uaidh mar imthigheas lóchán roimh an ngaoith. B’fhearacht agam-sa é. Bhí mo chuid-se ag imtheacht agus ag imtheacht go tiugh. Ag imtheacht ar nós uisge na haibhne. Níor chuir sin aon droch-mhisneach orm, amhthach. Nach raibh an comhluadar agam? Nach rabhadar sásta gach uile shórt a dhéanamh dhom? Nach duine mór a bhí ionnam anois? Nach raibh mé i n‑an’ airgead a chaitheamh le duine uasal ar bith? Gach uile lá bhíodh an dream céadna ’mo chuideachtain agus an caitheamh airgid céadna ann, acht gur mise bhí ’ghá chaitheamh i gcomhnuidhe. Is minic, ar dhúiseacht dhom ar maidin, go n‑abróchainn liom féin nuair d’fheicfinn an chos adhmuid ar an gcathaoir lem’ ais, nach gcaithfinn a thuilleadh airgid leis an gcomhluadar. Acht bhíodh uaigneas orm gan iad. Dhearcainn ar an bpioctúir bhig a bhí crochta ar an mballa, ar an triúr fear óg a bhí go meidhreach agus go so-mheanmnach dhóibh féin, agus an ghrian ag soillsiughádh orra. Thosóchainn ag machtnamh ar mo chruadh-chás féin. Bhíodh olc orm nuair d’fheicinn muintir an tighe ag dul suas agus anuas an staighre, óir nach rabhas féin i n‑an’ a dhéanamh gan congnamh; bhíodh olc orm nuair a chloisinn torann bróg ar an tsráid; thagadh buile orm nuair d’fheicinn duine go haerach agus mé féin go dubhach doilgheasach. Annsin