Page:Deoraidheacht (1920).pdf/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
11
DEORAIDHEACHT

chuimh­neóchainn ar chomh lághach is bhínn féin nuair a bhíodh braon ólta agam.

Nach raibh Dia láidir? Cad chuige a mbéinn ’ghá mhasladh ag ceapadh go bhfágfadh sé lom folamh mé nuair a bhéadh an méid a bhí agam anois caithte agam? Ba mhór an peacadh bhí ann. Chuirinn orm agus bhuailinn amach….

Ciall cheann­uighthe an chiall is feárr. Ní mórán céille bhí ceann­uighthe agam-sa gur chaitheas bliadhain ar an mbealach seo—go rabhas taobh le ceithre sgór punnt. Bhí cleacht agam ar an gcois adhmuid faoi’n am seo, agus ar an saoghal nuadh a bhí tagtha. Acht mar sin féin, bhíodh olc orm uaireanta nuair d’fheicinn duine ag rith. Bhíodh fonn orm a bhualadh le mo mhaide croise. Dá mbadh rud é go marbh­óchainn é, b’amhlaidh ab’ fheárr liom é. Nár leagas fear óg a bhí ag dul tharm go lúthmhar éasgaidh ⁊ go neamh-urchóid­each lá, agus nach rabhadar le mo chur san bpríosún? Cuirfí freisin muna mbéadh duine de mo lucht aith­eantais a bhí ’sa láthair agus a d’innis mo sgéal dhóibh.

’Sé a shábháil mé ó’n bpríosún. ’Sé mhúin ciall dhom, freisin, agus seo é an bealach ar múineadh mé:

Chuamar beirt ag ól agus ag caitheamh airgid mar ba ghnáthach linn. Mí-thráth­amhail go leór, do dhearm­adas mo chuid airgid a bhreith liom an lá céadna.

Cheapfá nár chreid sé i dtosach mé, nuair a d’inn­sigheas dó é; ar chaoi ar bith, ní raibh sé sásta an píosa coróin­each d’iarras air, ar iasacht, a thabhairt dom. Ní raibh an t‑airgead aige, má b’ fhíor dhó féin, acht leis an snaois a tháinic air, b’fhacthas dom ar an bpointe gur ag ceapadh go raibh mo chuid-se caithte agam a bhí sé. Agus ar chaitheas leis féin agus a chomh­luadar gan mhaith!

Ghabh fearg mé. Bhíos le cuthach. Gach droch-ainm ar fhéadas chuimh­neamh air, thugas air é. Bhagair mé mo mhaide croise air. Ní dheárna sé acht a dhul ’sna trithíbh gáiridhe.