adhmuid ar an tsráid go bhfacas gcárr-bhodach ag tiomáint fonnsa iarainn roimhe. Stócach deas deagh-chumtha soineannta a bhí ann a raidh folt fionn catach air, agus nuair a chonnaic sé an t‑allus ag tuitim anuas dhíom agus an droch-bhail a bhí orm, shín sé pighin a bhí i gcúl a ghlaice chugam. B’éigin dom an-iarracht a dhéanamh gan a bhualadh le mo mhaide. Tuige a gceapfadh sé go raibh a chuid airgid uaim-se? Shílfeá go mbeadh ’fhios ag an té ba dhaille ’sa saghal gur chuig an mbannc a bhí mo thriall leis an dá chéad go leith punnt úd fhagháil. Bhí truagh ag an mbuachaill dhom, agus bhí olc agam dhó go raibh. Ní raibh ’fhios agam an uair sin cé’n t‑atharrughadh mór tháinic ar mo chroidhe ó d’éirigh an timpist dhom. An t‑atharrughadh thagas ar fhata d’fhágfaí ’n‑a luighe ar an iomaire faoi ghréin an fhoghmhair. Fear dorrdha dubh-chroidheach bhí ionnam, acht rinneas rún daingean an díoghbháil a leigheas dá bhféadainn é.
Bhí an fear dlighe san mbannc romham mar gheall sé. Bhí an uile rud i gcóir aige. Bhí an dá chéad go leith le fagháil agam. Ceapadh go bhfágfainn an t‑airgead ’san mbannc faoi m’ ainm féin acht ní fhágfainn. Cé’n cineál nótaí ab’ fheárr liom? Ní nótaí a bhí uaim ar chor ar bith acht ór. Bhí iongnadh orra nuair a dubhras an méid sin, acht, dá mbéadh ’fhios aca nach raibh dhá shobharan bhuidhe ’mo phóca agam i n’éinfheacht ó d’fhágas mo bhaile agus mo cháirde gaoil, ní dóigh liom go mbéadh. Ar caoi ar bith, fuaireas an t‑ór i mála. Cuireadh ’mo shuidhe ar chárr mé, agus ní fada a bhíos ag déanamh an bhealaigh a bhaile.
Chuadhas isteach ’mo sheómra (muintir an ospuidéil a fuair an lóisdín dhom); chuireas an glas ar an doras; bhuaileas an mála óir i n‑aghaidh an bhalla le fuaim an óir a chlos; caitheas ar an mbórd go neamh-aireach é, díreach is dá mbéadh a leithéid agam gach uile lá ’san mbliadhain; leigeas siar i gcathaoir shócamhlaigh mé féin agus dhearcas