Page:Deoraidheacht (1920).pdf/6

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
6
DEORAIDHEACHT

Ní mé féin a bhí ag déanamh an torainn ar chor ar bith, cheapas i dtosach; acht leis an imnidhe a bhí orm an chois­idheacht d’fhoghluim an ath-uair, agus imtheacht go deas uaim féin, níor thugas aon cheó faoi deara. Mé ag imtheacht rómham i gcomh­nuidhe agus ag tabhairt an-aire dhom féin. Ag ceapadh go sgiorr­fadh na maidí uaim ar na leacra­chaibh sleamhna uair; uair eile ag rádh liom féin go rabhas ag déanamh go toghtha. Bhí cineál áthais ar mo chroidhe go rabhas i n‑an’ gluais­eacht uaim féin ar chor ar bith.

Lá breágh gréine a bhí ann agus bhí na sráid­eanna lán de dhaoinibh. Cuid aca go breágh aerach croidh­eamhail; cuid eile faoi leathtrom agus brón mór; cuid eile fós bhí go faiteach imnidh­each sgáthmhar. A sgéal féin ag gach éinne agus mo sgéal mór brónach agam féin. Thos­uigheas ag machtnamh. Bhí orm mo shaoghal a chur dhíom ar an an-chaoi seo. Tháinic olc orm do na daoinibh seo a bhí ag dul tharm go beó tapaidh agus lúth na ngéag aca. Cheapas go mba chóir dóibh féachaint orm ar a laighead. Duine a bhí ag foghluim coisidh­eachta an ath-uair! Duine a bhí i mbéal an bháis agus a tháinic as! Duine a bhí ar leath-chois agus ar leath-láimh agus a éadan casta millte sgólta!

Bhí fearg orm nár bacadh liom—nár fiafruigh­eadh sgéala dhíom—nár cuireadh ceist orm i dtaobh na timpiste d’éirigh dhom; acht nuair a dhearc óigbhean deas a bhí ag dul thart go truaigh­mhéileach orm, agus í ar tí labhartha, tháinic cuthach orm. Ní raibh uaithi acht fios, shíleas. An féileacán aerach! Cé an bhaint a bhí aici le me leithéid-se? Bhí fonn orm í mhasladh ar bhealach éigin. Í a dhéanamh chomh gránna mí-shlacht­mhar liom féin, mar thuigeas go maith cé an ghráin bhíos ag daoinibh, ag mnáibh go mór-mhór, ar chlair­ínighibh mar mé, bíodh is go gceapfá go mbíonn an-truaigh aca dhóibh. Acht d’éirigh liom cosg a chur le mo theangain gur imthigh sí thart.

Annsin thosuigheas ag éisteacht le torann na coise