I.
Ní rabhas mórán thar dá bhliadhain go leith i Lonndain Shasana an tráth úd, acht mar sin féin, ní mórán achair eile d’fhanfainn ann dá mbéadh—’seadh, caithfear a rádh—dá mbéadh an oiread agam is bhéarfadh abhaile mé. Acht nuair atá duine ’n‑a chomhnuidhe agus gan thar an dá phighin ’n‑a phóca aige, agus gan an iomarca ’n‑a bholg, céard is féidir leis a dhéanamh?
Ó! nach orm a bhí an tubaiste nár marbhuigheadh mé an lá mí-ádhmharach úd a ndeacha an ghluaisteán ar mo mhullach agus mé ar thóir oibre? Dá mbadh rud é go marbhóchaí mé, ní ’mo chláiríneach bhocht bhéinn anois agus gan mé acht seacht mbliadhna fichead. Ní ’mo shean-charnán feóla bhéinn agus gan ionnam gluaiseacht ó áit go háit gan na maidí croise acht an oiread le crann mór coille leagfaí le tuaigh. Ní bhéinn ar leath-chois agus ar leath-láimh ag súil le chabhair ó chách. Agus ní bhéadh ar an dream ar leó an gléas marcaigheachta a chuaidh tharm dhá chéad go leith punnt a thabhairt dom thar éis mé theacht amach as an ospuidéal….
Nach agam atá an chuimhne ar an lá úd? Nach orm a bhí an lúthgháir go rabhas i n‑an’ siubhal le mo dhá mhaide croise agus an chos adhmuid? Gach uile buille a bhuaileadh an chos adhmuid ar leacrachaibh na sráide chuireadh sé iongnadh orm.