Deoraidheacht/2

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Deoraidheacht by Pádraic Ó Conaire
Caibideal II
[ 10 ]

II.

Nuair atá duine ann nach raibh aon chleacht aige ar airgead ariamh, imthigh­eann sé uaidh mar imthigh­eas lóchán roimh an ngaoith. B’fhearacht agam-sa é. Bhí mo chuid-se ag imtheacht agus ag imtheacht go tiugh. Ag imtheacht ar nós uisge na haibhne. Níor chuir sin aon droch-mhisneach orm, amhthach. Nach raibh an comh­luadar agam? Nach rabhadar sásta gach uile shórt a dhéanamh dhom? Nach duine mór a bhí ionnam anois? Nach raibh mé i n‑an’ airgead a chaith­eamh le duine uasal ar bith? Gach uile lá bhíodh an dream céadna ’mo chuid­eachtain agus an caitheamh airgid céadna ann, acht gur mise bhí ’ghá chaith­eamh i gcomh­nuidhe. Is minic, ar dhúis­eacht dhom ar maidin, go n‑abróch­ainn liom féin nuair d’fheicfinn an chos adhmuid ar an gcathaoir lem’ ais, nach gcaith­finn a thuil­leadh airgid leis an gcomh­luadar. Acht bhíodh uaigneas orm gan iad. Dhearc­ainn ar an bpioctúir bhig a bhí crochta ar an mballa, ar an triúr fear óg a bhí go meidh­reach agus go so-mheanm­nach dhóibh féin, agus an ghrian ag soill­siughádh orra. Thos­óchainn ag machtnamh ar mo chruadh-chás féin. Bhíodh olc orm nuair d’fheicinn muintir an tighe ag dul suas agus anuas an staighre, óir nach rabhas féin i n‑an’ a dhéanamh gan congnamh; bhíodh olc orm nuair a chloisinn torann bróg ar an tsráid; thagadh buile orm nuair d’fheicinn duine go haerach agus mé féin go dubhach doil­gheasach. Annsin [ 11 ]chuimh­neóchainn ar chomh lághach is bhínn féin nuair a bhíodh braon ólta agam.

Nach raibh Dia láidir? Cad chuige a mbéinn ’ghá mhasladh ag ceapadh go bhfágfadh sé lom folamh mé nuair a bhéadh an méid a bhí agam anois caithte agam? Ba mhór an peacadh bhí ann. Chuirinn orm agus bhuailinn amach….

Ciall cheann­uighthe an chiall is feárr. Ní mórán céille bhí ceann­uighthe agam-sa gur chaitheas bliadhain ar an mbealach seo—go rabhas taobh le ceithre sgór punnt. Bhí cleacht agam ar an gcois adhmuid faoi’n am seo, agus ar an saoghal nuadh a bhí tagtha. Acht mar sin féin, bhíodh olc orm uaireanta nuair d’fheicinn duine ag rith. Bhíodh fonn orm a bhualadh le mo mhaide croise. Dá mbadh rud é go marbh­óchainn é, b’amhlaidh ab’ fheárr liom é. Nár leagas fear óg a bhí ag dul tharm go lúthmhar éasgaidh ⁊ go neamh-urchóid­each lá, agus nach rabhadar le mo chur san bpríosún? Cuirfí freisin muna mbéadh duine de mo lucht aith­eantais a bhí ’sa láthair agus a d’innis mo sgéal dhóibh.

’Sé a shábháil mé ó’n bpríosún. ’Sé mhúin ciall dhom, freisin, agus seo é an bealach ar múineadh mé:

Chuamar beirt ag ól agus ag caitheamh airgid mar ba ghnáthach linn. Mí-thráth­amhail go leór, do dhearm­adas mo chuid airgid a bhreith liom an lá céadna.

Cheapfá nár chreid sé i dtosach mé, nuair a d’inn­sigheas dó é; ar chaoi ar bith, ní raibh sé sásta an píosa coróin­each d’iarras air, ar iasacht, a thabhairt dom. Ní raibh an t‑airgead aige, má b’ fhíor dhó féin, acht leis an snaois a tháinic air, b’fhacthas dom ar an bpointe gur ag ceapadh go raibh mo chuid-se caithte agam a bhí sé. Agus ar chaitheas leis féin agus a chomh­luadar gan mhaith!

Ghabh fearg mé. Bhíos le cuthach. Gach droch-ainm ar fhéadas chuimh­neamh air, thugas air é. Bhagair mé mo mhaide croise air. Ní dheárna sé acht a dhul ’sna trithíbh gáiridhe. [ 12 ]Ag magadh fúm a bhí sé, ag magadh faoi’n amadán a chaith a chuid leis.

Tháinic sé im’ aigne a cheann a sgoil­teadh le soitheach mór a bhí ar an gclár, agus dhéan­fainn freisin é, dá bhfuigh­inn an chroch air, bhí an oiread sin buile orm, muna mbéadh gur thug fear an ósda an soitheach leis le n‑a chur i dtaisge.

D’imthigheas, acht ag dul amach dom chualas na daoine a bhí ’san teach ag magadh fúm féin, agus faoi’n gcois adhmuid, agus ag innseacht dá chéile chomh droch-aigeanta is bhí an bacach. Bhí seacht ndiabhail déag ag ithe mo chroidhe-se, agus má bhí duine ann ariamh a bhí ceaptha agus lán-cheaptha ar dhún­mharbhadh a dhéanamh, ba mise an duine sin.

An oidhche úd, agus mé ’mo luighe ar mo leabaidh bhig, rinneas sgrúd­ughadh coinn­siais. Gach a dtárla dhom, agus gach a ndeárnas ó chailleas lúth na ngéag, chuireas trí n‑a chéile é. B’fheasach mé le fada go raibh athar­rughadh mór tagtha orm, ar mo mheon agus ar mo chroidhe agus ar m’aigne; go mba mhó go mór an t‑athar­rughadh úd bhí tagtha ar m’aigne ná an t‑athar­rughadh bhí tagtha ar mo cholainn; go mbéadh an fuath agus an ghráin agus an díombáidh agus an t‑olc mar chomh­luadar agam feasta; go mbéadh an duairceas mar chéile agam go lá mo bháis.

Chuir an smaoin­eadh seo lionndubh ar mo chroidhe. Cheapas athar­rughadh a dhéanamh ar mo bhéasaibh, ar mo shaoghal, agus ar mo mhodh­thaibh mair­eachtála—an chathair a thréig­eadh, nó, ar an gcuid is lugha dhe, áit chomh­nuidhthe d’fhagháil i bhfad ó na cáirdibh bréagacha bhí agam.

Chomhair mé a raibh fágtha agam de’n airgead. Deich bpunnt is trí fichid a bhí ’san mbannc agus cúpla púnnt ’san teach. Ó, a Thigh­earna! nach mé a bhí ag déanamh an bhail­eabhair dhíom féin? Nach mé bhí ag dul le fánaidh na haille? Agus mé ag caitheamh mo chuid airgid leis na [ 13 ]diabhail úd! Agus mé ’mo stáicín aith­bhéise aca i gcaith­eamh an achair!

Ní bréag a rádh go rabhas go díom­bádhach agus go leamh dhíom féin. Chaith mé mé féin ar an úrlár agus thos­uigheas do mo luasgadh féin anonn ’s anall, agus ag stracadh na gruaige as mo cheann le teann cumha agus dubróin. Dubhras cúpla paidir. Gheallas i láthair Dé go mbéadh a mhalairt de shaoghal agam feasta dá mb’ é A thoil naomhtha é. Annsin thos­uigheas ag gol agus ag cur na súl go dtí go raibh mo chuid féasóige fliuch le deóraibh….

Ar maidin dubhras le bean an tighe go raibh fúm imtheacht.