Deoraidheacht/3
III.
An chéad teach eile ’n‑ar chuireas fúm, bhí sé ar an taobh eile de’n chathair agus ar an adhbhar sin ní raibh aon eagla orm go gcasfaí duine ar bith de’n tsean-chomhluadar liom. Dá mbadh rud é go mbéadh a thuilleadh airgid agam, ní ’san gcathair d’fhanfainn ar chor ar bith, acht bhí súil agam i gcomhnuidhe go bhfuighinn obair éigin, obair éasgaidh éigin bhéadh ar mo chumas a dhéanamh.
Mar sin de chuireas fúm ’san teach mhór seo. Agus nach teach mór millteach a bhí ann i ndáiríribh! Ceithre chéad fear a bhí ’n‑a gcomhnuidhe ann agus é lán. Cineál seómrín faoi leith ag gach duine dhíobh sin. Agus ar maidin d’fheicfeá gach fear aca agus a ghreim féin dhá ghléasadh aige.
Acht bhíodh uaigneas orm-sa má bhí an sluagh mór féin ann. Ba uaignighe mé, ar bhealach, i láthair an tsluaigh mhóir ná ’mo sheómrín féin ’san tsean-áit. Liom féin dob’ fheárr liom a bheith go gnáthach, agus nuair a shuidhinn ag fuinneóig ag dearchadh amach ar an tsráid, agus ar na daoinibh bhí ag gabháil thart, ar na capaill, ar na carrannaibh, [ 14 ]ar na gluaisteáin (nach iad a chuireadh buile orm?), bhíodh an t-uaigneas agus an cumha chomh mór sin ar mo chroidhe is go mbíodh orm éirghe agus a dhul i láthair na cuideachtan. Acht le chomh duairc dólásach is bhínn, cheapainn go mbídís uile go léir ag magadh fúm; go raibh olc aca dhom; go raibh gráin aca orm. B’fhacthas dom nach raibh uatha acht mé a dhíbirt as an teach. Iad siúd a bhí ar a n‑aimhleas (agus bhí an-chuimse aca siúd ann), do cheapas go mb’fhéidir go sílidís gurb é an bacach duairc ba ciontach leis; gurb é thug an mí-ádh ’n‑a dtreó.
Chuimhneóchainn annsin ar a gcualas ariamh de sgéaltaibh faoi mhairnéalaighibh a chaith an duine thug an mí-ádh ar a luing isteach ’san bhfairrge. An ndéanfaí rud mar sin liomsa? Nárbh’ fhearr dhom imtheacht as an áit ar fad agus an tuaith amach a thabhairt orm féin? Acht ní bhfuighinn obair fheileamhnach dhom i n‑aon bhall acht ’san gcathair amháin. Cad chuige go n‑imtheóchainn? …
Acht is geárr go mbeidh orm imtheacht—as an teach ar chaoi ar bith. Tá an t‑airgead ag éalughadh uaim. Ag éalughadh agus ag éalughadh uaim i ngan-fhios dhom. Cé’n chaoi ar imthigh an oiread sin dhe le ráithe? Ar ndóigh ní ’ghá chaitheamh go fánach a bhíos? Tá fhios ag Dia nárbh’ eadh. Do dhearcas faoi dhó ar an uile phíosa dhe a chaitheas. ’Tuige nach ndearcfainn? Céard a bhéadh le déanamh nuair a bhéadh sé imthighthe acht….? Ní raibh réidhteach na ceiste úd agam. Seacht n‑uaire ’sa ló agus seacht n‑uaire déag ’san oidhche chuirinn an cheist orm féin, agus ní bhíodh d’fhreagra agam acht an méid a bhí fágtha de’n airgead a chomhaireamh, bíodh is gur maith a bhí fhios agam cé mhéad a bhí ann. Dhéanainn amach go cúramach ar pháipéar cé’n t‑achar a mhairfeadh sé dhom, agus gan acht an oiread seo dhe a chaitheamh gach lá. D’éireochadh liom an t‑earrach a chur dhíom acht a bheith ar m’aire. Agus annsin? Nuair a bhéadh mo chuid airgid caithte, céard a bhí i ndán dom [ 15 ]acht...? Ó! a Dhé! táim ag dul le buile. Go bhfóiridh Tú orm! Go bhfóiridh Tú orm, a Dhé!
· | · | · | · | · | · | · | · | · | · |
Níor tháinic néall codlata orm i gcaitheamh na hoidhche aréir, acht muna dtáinic féin, ní hé ceist an airgid a bhí ag déanamh imnidhe dhom acht pian mhillteach a bhí ’mo ghuailnibh. Na maidí croise is ciontach leis an bpéin is dócha, acht, muna bhfuighidh mé leigheas air, ní bheidh mé i n‑an’ coisméag ar bith a shiubhal. Beidh orm fanacht ’san teach mór gránna seo ó mhaidin go faoithean, ó Luan go Satharn, ó Shatharn go Luan, go lá mo bháis.
Ar éirghe dhom, bhí fear taobh amuigh de dhoras an tseómra, agus chuidigh sé liom síos an staighre. Ar a dhul isteach dhúinn ’san seómra mór a bhí i n‑íochtar an tighe thugas faoi deara go raibh dream beag bailighthe ós comhair na teineadh, ag ceann an tseómra, agus go raibh díosbóireacht ar siubhal aca.
Ar mise fheiceál chuireadar cosg leis an gcaint, agus ghlaodhadar orm.
Bhí iongantas orm féin, ar ndóigh, mar is fánach focal labhras leó ariamh. Lucht oibre a bhí i gcuid aca. Cuid eile aca a bhí ar thóir oibre. Cuid eile fós, agus ní raibh a fhios acht aca féin agus ag Dia cé’n chaoi ar bhaineadar greim a mbéal amach. Acht ní bhéitheá ag dul amudha go mór dá ndéarthá go raibh gadaidhthe agus lucht na bpócaí a phiocadh orra.
An fear a chuidigh liom síos an staighre, labhair sé go lághach carthannach liom, agus dubhairt go raibh gnótha aca dhíom.
Glaodhadh orm arís.
Chuadhas ’n‑a bhfochair.
D’éirigh fear mór toirteamhail ’n‑a sheasamh. Chuir sé iallach ar a raibh ’sa láthair a bheith ’n‑a dtost. Thosuigh sé dhom’ mholadh. Ní raibh agam acht an deágh-fhocal do [ 16 ]’chuile dhuine. Ní dheárnas cúl-chaint ar éinne. Níor chuireas achrann ar bun. Bhíos lághach cineálta le cách….
Leis an mór-mholadh thug sé dhom, cheapas nach raibh mo leithéid eile ar dhruim an domhain. Mhol sé mé mar mholfadh file a leannán. Agus is fíor-fhile a bhí ann. Bhí an chaint a sgaoil sé uaidh garbh. Bhí an iomad droch-fhocal ann. Acht is ó n‑a chroidhe a tháinic sí agus chorruigh sí a lucht éistthe go mór. Chorruigh an chaint mé féin, freisin, agus nuair a dubhairt sé leis an bhfear a chuidigh liom síos an staighre “é” a thabhairt isteach, ghabh mór-iongnadh mé, mar tháinic sé chugainn agus cathaoir bheag a raibh dhá roth mhóra faoi cheann dhi agus dhá roth bheaga faoi’n gceann eile dhá tiomáint aige.
Dubhairt an fear mór go bhfaca sé an chathaoir i siopa; gur cheap cuid aca go bhfeilfeadh sí dhomh-sa go deas; gur cheannuigheadar í le n‑a tabhairt dom; go bhféadfainn a dhul ó áit go háit go deas réidh innti; nach mbéadh aon stródh orm turas fada a thabhairt agus an gléas iomchuir seo agam; go ndéanfainn mo leas dá ngabhainn isteach ’san gcathaoir anois féin go bhfeicfidís mé.
Chuaidh. Agus ghluais liom suas agus anuas an seómra fada go breágh réidh. Leis an áthas agus an lúthgháir a bhí ar na fearaibh fáin seo, cheapfá gur dream gearr-bhodach a sgaoilfí abhaile ó’n sgoil a bhí ionnta. Ní rabhadar sásta gur thugas turas an tseómra a hocht nó a naoi de uairibh.
Ghabhas buidheachas leó uile go léir, agus annsin thosuigheadar ag imtheacht i ndiaidh a chéile.
Ní ró-fhada go rabhas liom féin in mo chathaoir ’san seómra mhór úd. Bhíos ag éisteacht leis an torann taobh amuigh ar an tsráid. Chuaidh fear thart. Leis an gcaoi a raibh sé ag bualadh na leacracha le n‑a mhaide déarfainn go mba dall nó bacach a bhí ann. Bhí truaigh agam dhó. Dá mbéadh mo ghléas iomchuir-se aige! Bhí mo chroidhe lán de bhuidheachas agus de ghrádh. Ní dhéanfainn dochar d’aon ní [ 17 ]beó. Le chomh te is bhí an teine tháinic codladh orm. Acht tháinic an codladh orm i leabaidh a chéile, agus ag tuitim ’mo chodladh dhom, shíleas nach raibh aon fhear beó chomh sonasach liom.
Bhí an oidhche ann nuair a dúisigheadh mé.