Page:Deoraidheacht (1920).pdf/15

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
15
Deoraidheacht

acht...? Ó! a Dhé! táim ag dul le buile. Go bhfóiridh Tú orm! Go bhfóiridh Tú orm, a Dhé!

· · · · · · · · · ·

Níor tháinic néall codlata orm i gcaith­eamh na hoidhche aréir, acht muna dtáinic féin, ní hé ceist an airgid a bhí ag déanamh imnidhe dhom acht pian mhill­teach a bhí ’mo ghuail­nibh. Na maidí croise is ciontach leis an bpéin is dócha, acht, muna bhfuigh­idh mé leigheas air, ní bheidh mé i n‑an’ coisméag ar bith a shiubhal. Beidh orm fanacht ’san teach mór gránna seo ó mhaidin go faoithean, ó Luan go Satharn, ó Shatharn go Luan, go lá mo bháis.

Ar éirghe dhom, bhí fear taobh amuigh de dhoras an tseómra, agus chuidigh sé liom síos an staighre. Ar a dhul isteach dhúinn ’san seómra mór a bhí i n‑íochtar an tighe thugas faoi deara go raibh dream beag bail­ighthe ós comhair na teineadh, ag ceann an tseómra, agus go raibh díosbóir­eacht ar siubhal aca.

Ar mise fheiceál chuir­eadar cosg leis an gcaint, agus ghlaodh­adar orm.

Bhí iongantas orm féin, ar ndóigh, mar is fánach focal labhras leó ariamh. Lucht oibre a bhí i gcuid aca. Cuid eile aca a bhí ar thóir oibre. Cuid eile fós, agus ní raibh a fhios acht aca féin agus ag Dia cé’n chaoi ar bhain­eadar greim a mbéal amach. Acht ní bhéitheá ag dul amudha go mór dá ndéarthá go raibh gad­aidhthe agus lucht na bpócaí a phiocadh orra.

An fear a chuidigh liom síos an staighre, labhair sé go lághach carthan­nach liom, agus dubhairt go raibh gnótha aca dhíom.

Glaodhadh orm arís.

Chuadhas ’n‑a bhfochair.

D’éirigh fear mór toirt­eamhail ’n‑a sheasamh. Chuir sé iallach ar a raibh ’sa láthair a bheith ’n‑a dtost. Thosuigh sé dhom’ mholadh. Ní raibh agam acht an deágh-fhocal do