Page:Deoraidheacht (1920).pdf/14

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
14
Deoraidheacht

ar na gluais­teáin (nach iad a chuireadh buile orm?), bhíodh an t-uaigneas agus an cumha chomh mór sin ar mo chroidhe is go mbíodh orm éirghe agus a dhul i láthair na cuid­eachtan. Acht le chomh duairc dólásach is bhínn, cheapainn go mbídís uile go léir ag magadh fúm; go raibh olc aca dhom; go raibh gráin aca orm. B’fhacthas dom nach raibh uatha acht mé a dhíbirt as an teach. Iad siúd a bhí ar a n‑aimhleas (agus bhí an-chuimse aca siúd ann), do cheapas go mb’fhéidir go sílidís gurb é an bacach duairc ba ciontach leis; gurb é thug an mí-ádh ’n‑a dtreó.

Chuimhneóchainn annsin ar a gcualas ariamh de sgéal­taibh faoi mhairnéal­aighibh a chaith an duine thug an mí-ádh ar a luing isteach ’san bhfairrge. An ndéanfaí rud mar sin liomsa? Nárbh’ fhearr dhom imtheacht as an áit ar fad agus an tuaith amach a thabhairt orm féin? Acht ní bhfuigh­inn obair fheil­eamhnach dhom i n‑aon bhall acht ’san gcathair amháin. Cad chuige go n‑imtheóch­ainn? …

Acht is geárr go mbeidh orm imtheacht—as an teach ar chaoi ar bith. Tá an t‑airgead ag éalughadh uaim. Ag éalughadh agus ag éalughadh uaim i ngan-fhios dhom. Cé’n chaoi ar imthigh an oiread sin dhe le ráithe? Ar ndóigh ní ’ghá chaith­eamh go fánach a bhíos? Tá fhios ag Dia nárbh’ eadh. Do dhearcas faoi dhó ar an uile phíosa dhe a chaitheas. ’Tuige nach ndearc­fainn? Céard a bhéadh le déanamh nuair a bhéadh sé imthigh­the acht….? Ní raibh réidh­teach na ceiste úd agam. Seacht n‑uaire ’sa ló agus seacht n‑uaire déag ’san oidhche chuirinn an cheist orm féin, agus ní bhíodh d’fhreagra agam acht an méid a bhí fágtha de’n airgead a chomh­aireamh, bíodh is gur maith a bhí fhios agam cé mhéad a bhí ann. Dhéanainn amach go cúramach ar pháipéar cé’n t‑achar a mhair­feadh sé dhom, agus gan acht an oiread seo dhe a chaith­eamh gach lá. D’éir­eochadh liom an t‑earrach a chur dhíom acht a bheith ar m’aire. Agus annsin? Nuair a bhéadh mo chuid airgid caithte, céard a bhí i ndán dom