beó. Le chomh te is bhí an teine tháinic codladh orm. Acht tháinic an codladh orm i leabaidh a chéile, agus ag tuitim ’mo chodladh dhom, shíleas nach raibh aon fhear beó chomh sonasach liom.
Bhí an oidhche ann nuair a dúisigheadh mé.
IV.
Tá tús an Aibreáin ann, acht má tá féin, ní’l an geimhreadh thart fós. Seachtmhain ó shoin cheapas go raibh an aimsir bhreágh ar fagháil. Bhí dul amudha orm. Nuair a dhearcas amach thríd an bhfuinneóig ar maidin indiu, ar dhúiseacht dhom, céard a bhí le feiceál agam acht an sneachta!
Níor éirigheas. Go deimhin féin duit, táim ’san leabaidh fós. Tá páipéar agus peann luaidhe i ngreim agam. Tá an chos adhmuid ar chathaoir le mo thaobh. Tá ocras ag teacht orm. Le dhá lá ní mórán d’itheas. Ruainne aráin—b’in a méid, mar bhí leisg orm mo leath-shobharan deireannach a bhriseadh.
Beirim air anois agus toisighim ’ghá chaitheamh ó láimh go láimh. Caithim suas ’san aer é. Beirim air ag teacht anuas dhó. Cuirim ’mo bhéal é. Cheapaim greim a bhaint as. Nach é tá cruaidh? Cuirim faoi’n leabaidh é, agus leigim orm féin nach bhfuil agam acht an phighin atá ’mo phóca.
Pighin! Aon phighin ruadh amháin a bhí idir mé agus an bás! An fada go bhfuigheadh duine bás leis an ocras? Bhíos trí lá gan aon bhlas ithe uair, agus an tríomhadh lá níor airigheas aon ocras orm ar chor ar bith. Is ag laghdughadh a bhéadh pianta an ocrais de réir mar bhéadh an bás ag teannadh leat go dtí go dtiocfadh meisge an ocrais, buile an ocrais ort. Agus cé’n chaoi a dtiochfadh an bás féin? ’N‑a ghadaidhe ghránna agus a dhruim le claidhe,