an eadh? Dá bhféadainn fanacht go ciúin annseo ’san leabaidh go mbéadh sé buailte liom…acht na tri lá úd—ba mheasa iad sin ná an bás féin. Bhéitheá chomh folamh taobh istigh ded ghoile i dtosach an chéad lae; annsin thiocfadh an tart millteach agus nuair d’ólfá blogam uisge leis an tart uathbhásach a shásughadh, thiocfadh múisg ort…agus cheapfá ’n‑a dhiaidh sin go raibh na mílte míle biorán te dod’ phiocadh….
Éirighim de gheit. Cuirim an leath-shobaran ’mo phóca agus téighim síos an staighre go mall roighin réidh agus fear óg eile ag cuidiughadh liom.
Fághaim luach pighne aráin agus tosuighim dhá choigilt ós comhair na teineadh.
Bás leis an ocras! Ba mhillteach an focal é dá dtuigfí i gceart é. Ní fheadfainn a fhulaint…. Acht tá agam anois. A dhul ar lorg na déirce—sin é dhéanfas mé. D’fhéadfainn a dhéanamh go toghtha muna mbéadh an mhórchúis. Acht nach gcaithfinn a dhéanamh ’sa deireadh thiar? Agus nárbh’ fhearr dhom tosughadh air anois, fhad is bhí an leath-shobharan agam? Nár mhó an misneach bhéadh agam chuige? Arbh fhiú dhom a dhéanamh? Céard eile d’fhéadfainn a dhéanamh? Gadaidheacht? ’Seadh; bhéadh sé níos fearr—acht níor chleachtuigheas ariamh é, agus ní bhéitheá i bhfad go mbéarfaí ort agus gan cleachtadh agad ar an gcéird. Cé’n dóchas a bhéad annsin? A dhul ’san gcarcar, an eadh? Is iomdha fear maith cuireadh ann. Bhéadh greim mo bhéil agam ann. Éagcórach? Cé dubhairt sin? Cé cheap an ceart agus an mí-cheart acht lucht na mbolg lán? Dlighe Dé? Nuair atá ocras ar dhuine ní bhaineann aon dlighe dhó. ’Seadh, gadaidheacht a bhéas mar chéird agam feasta. B’fhearr í mar chéird ná éileamh na déirce, agus ní fada go mbeidh cleacht agam uirri. An rud nach n‑éireóchadh liom a bhaint amach le gliocas d’fhéadfainn é fhagháil le lámh láidir, dá gcastaí an duine