lag liom. D’fhéadfainn togha fir a leagadh le mo mhaide croise. Cé’n mí-ádh bhí orm gur cheapas bás d’fhagháil leis an ocras agus a bhfuil de shaidhbhreas ’san gcathair iongantaigh seo!
· | · | · | · | · | · | · | · | · | · |
An sneachta a thuit i gcaitheamh na hoidhche tá sé ’n‑a phuiteach faoi chosaibh na gcapall agus na ndaoine anois. Tá ceó ann. Ceó trom a rachadh isteach ’do bhéal, agus síos ’do sgórnaigh; ceó a chuirfeadh do shúile ag sileadh deór; ceó a thagadh isteach an doras, agus isteach thríd na fuinneógaibh, cuma cé’n dúnadh bhéadh orra. Acht níl aon bheann agam-sa ar an gceó. Táim ag dearcadh isteach ’san teine agus na smaointe seo ag brúghadh isteach orm. Táim ag dearcadh isteach ’san teine agus chím an saidhbhreas mór a dhéanfas mé leis an ngadaidheacht innti….
Tá an oidhche ag teacht. Buailim amach. Tá an chathair mhór i bhfolach faoi n‑a brat iongantach ceómhar. Anois agus arís, d’fheicfeá soillse na gcóisdí ag preabadh suas ós do chomhair go tobann agus bhéidís imthighthe le luas lasrach arís. An duine bhéadh ’do ghoire ní fheicfeá é go raibh sé buailte leat; ní aireóchthá go raibh sé imthighthe as amharc arís. Acht má bhí an chathair féin i bhfolach do chloisfeá fuaimeanna na cathrach. Duine ag béiceadh i bhfogus duit. Sgread traenach tamall uait. Buinneáin na soitheach ar an abhainn. Na mílte fuaim eile nach mbéadh fhios agad cé as a dtáiniceadar nó cé ndeachadar, acht gur measgadh ar na fuaimeannaibh eile iad agus rinneadh aon tormán mór amháin díobh uile.
Ar an abhainn thugas féin aghaidh. Casadh máirnéalach liom. Chuir sé caint orm. An gceannóchainn roinnt tobac uaidh? Ní cheannóchainn—níor chaitheas ariamh é.
“Acht tá sé saor, an-tsaor, a chara,” ars’ an máirnéalach. “Marach go bhfuil an t‑airgead uaim go