Deoraidheacht/4
IV.
Tá tús an Aibreáin ann, acht má tá féin, ní’l an geimhreadh thart fós. Seachtmhain ó shoin cheapas go raibh an aimsir bhreágh ar fagháil. Bhí dul amudha orm. Nuair a dhearcas amach thríd an bhfuinneóig ar maidin indiu, ar dhúiseacht dhom, céard a bhí le feiceál agam acht an sneachta!
Níor éirigheas. Go deimhin féin duit, táim ’san leabaidh fós. Tá páipéar agus peann luaidhe i ngreim agam. Tá an chos adhmuid ar chathaoir le mo thaobh. Tá ocras ag teacht orm. Le dhá lá ní mórán d’itheas. Ruainne aráin—b’in a méid, mar bhí leisg orm mo leath-shobharan deireannach a bhriseadh.
Beirim air anois agus toisighim ’ghá chaitheamh ó láimh go láimh. Caithim suas ’san aer é. Beirim air ag teacht anuas dhó. Cuirim ’mo bhéal é. Cheapaim greim a bhaint as. Nach é tá cruaidh? Cuirim faoi’n leabaidh é, agus leigim orm féin nach bhfuil agam acht an phighin atá ’mo phóca.
Pighin! Aon phighin ruadh amháin a bhí idir mé agus an bás! An fada go bhfuigheadh duine bás leis an ocras? Bhíos trí lá gan aon bhlas ithe uair, agus an tríomhadh lá níor airigheas aon ocras orm ar chor ar bith. Is ag laghdughadh a bhéadh pianta an ocrais de réir mar bhéadh an bás ag teannadh leat go dtí go dtiocfadh meisge an ocrais, buile an ocrais ort. Agus cé’n chaoi a dtiochfadh an bás féin? ’N‑a ghadaidhe ghránna agus a dhruim le claidhe, [ 18 ]an eadh? Dá bhféadainn fanacht go ciúin annseo ’san leabaidh go mbéadh sé buailte liom…acht na tri lá úd—ba mheasa iad sin ná an bás féin. Bhéitheá chomh folamh taobh istigh ded ghoile i dtosach an chéad lae; annsin thiocfadh an tart millteach agus nuair d’ólfá blogam uisge leis an tart uathbhásach a shásughadh, thiocfadh múisg ort…agus cheapfá ’n‑a dhiaidh sin go raibh na mílte míle biorán te dod’ phiocadh….
Éirighim de gheit. Cuirim an leath-shobaran ’mo phóca agus téighim síos an staighre go mall roighin réidh agus fear óg eile ag cuidiughadh liom.
Fághaim luach pighne aráin agus tosuighim dhá choigilt ós comhair na teineadh.
Bás leis an ocras! Ba mhillteach an focal é dá dtuigfí i gceart é. Ní fheadfainn a fhulaint…. Acht tá agam anois. A dhul ar lorg na déirce—sin é dhéanfas mé. D’fhéadfainn a dhéanamh go toghtha muna mbéadh an mhórchúis. Acht nach gcaithfinn a dhéanamh ’sa deireadh thiar? Agus nárbh’ fhearr dhom tosughadh air anois, fhad is bhí an leath-shobharan agam? Nár mhó an misneach bhéadh agam chuige? Arbh fhiú dhom a dhéanamh? Céard eile d’fhéadfainn a dhéanamh? Gadaidheacht? ’Seadh; bhéadh sé níos fearr—acht níor chleachtuigheas ariamh é, agus ní bhéitheá i bhfad go mbéarfaí ort agus gan cleachtadh agad ar an gcéird. Cé’n dóchas a bhéad annsin? A dhul ’san gcarcar, an eadh? Is iomdha fear maith cuireadh ann. Bhéadh greim mo bhéil agam ann. Éagcórach? Cé dubhairt sin? Cé cheap an ceart agus an mí-cheart acht lucht na mbolg lán? Dlighe Dé? Nuair atá ocras ar dhuine ní bhaineann aon dlighe dhó. ’Seadh, gadaidheacht a bhéas mar chéird agam feasta. B’fhearr í mar chéird ná éileamh na déirce, agus ní fada go mbeidh cleacht agam uirri. An rud nach n‑éireóchadh liom a bhaint amach le gliocas d’fhéadfainn é fhagháil le lámh láidir, dá gcastaí an duine [ 19 ]lag liom. D’fhéadfainn togha fir a leagadh le mo mhaide croise. Cé’n mí-ádh bhí orm gur cheapas bás d’fhagháil leis an ocras agus a bhfuil de shaidhbhreas ’san gcathair iongantaigh seo!
· | · | · | · | · | · | · | · | · | · |
An sneachta a thuit i gcaitheamh na hoidhche tá sé ’n‑a phuiteach faoi chosaibh na gcapall agus na ndaoine anois. Tá ceó ann. Ceó trom a rachadh isteach ’do bhéal, agus síos ’do sgórnaigh; ceó a chuirfeadh do shúile ag sileadh deór; ceó a thagadh isteach an doras, agus isteach thríd na fuinneógaibh, cuma cé’n dúnadh bhéadh orra. Acht níl aon bheann agam-sa ar an gceó. Táim ag dearcadh isteach ’san teine agus na smaointe seo ag brúghadh isteach orm. Táim ag dearcadh isteach ’san teine agus chím an saidhbhreas mór a dhéanfas mé leis an ngadaidheacht innti….
Tá an oidhche ag teacht. Buailim amach. Tá an chathair mhór i bhfolach faoi n‑a brat iongantach ceómhar. Anois agus arís, d’fheicfeá soillse na gcóisdí ag preabadh suas ós do chomhair go tobann agus bhéidís imthighthe le luas lasrach arís. An duine bhéadh ’do ghoire ní fheicfeá é go raibh sé buailte leat; ní aireóchthá go raibh sé imthighthe as amharc arís. Acht má bhí an chathair féin i bhfolach do chloisfeá fuaimeanna na cathrach. Duine ag béiceadh i bhfogus duit. Sgread traenach tamall uait. Buinneáin na soitheach ar an abhainn. Na mílte fuaim eile nach mbéadh fhios agad cé as a dtáiniceadar nó cé ndeachadar, acht gur measgadh ar na fuaimeannaibh eile iad agus rinneadh aon tormán mór amháin díobh uile.
Ar an abhainn thugas féin aghaidh. Casadh máirnéalach liom. Chuir sé caint orm. An gceannóchainn roinnt tobac uaidh? Ní cheannóchainn—níor chaitheas ariamh é.
“Acht tá sé saor, an-tsaor, a chara,” ars’ an máirnéalach. “Marach go bhfuil an t‑airgead uaim go [ 20 ]géar, ní dhíolfainn ar chor ar bith é. ’Seadh, tabhair luach na leabthan dom ar an méid seo. Tá leath-phunnt ann, má tá únsa.”
Chraitheas mo cheann. Bhíos ar tí imtheacht.
“B’fhéidir go gceannóchthá é seo,” ar seisean, “piostal breágh agus cos airgid ann. Féach, tá urchar ann. Fainic thú féin, a dhuine! Fainic, adeirim!”
“Cé mhéad?” arsa mise, go neamhshuimeamhail.
Bhíos sásta mo leath-shobharan deiridh a thabhairt dó air. Ní raibh fhios agam an uair sin, agus an bheirt againn ’n‑ár seasamh faoi lóchrann sráide cois na habhna i gCathair an Dorchadais, cé an dúil nimhe bhí agam ann, acht bhí. Bhí draoidheacht éigin ann. Bhí diabhlaidheacht éigin ’san bpiostal úd a raibh an chos airgid ann nár leig dom imtheacht go raibh sé i dtaisge agam i bpóca a bhí ar chúl mo bhrísde.
Bhí an máirnéalach sásta é dhíol ar phíosa coróineach, bhí an t‑airgead ag teasdáil uaidh chomh mór sin. B’ait an margadh bhí ann, cheapas, agus d’imthigh linn beirt go mbrisfinn-se mo leath-shobharan i dteach óil a bhí i ngar do’n abhainn.