Deoraidheacht/5
V.
Táim féin agus an máirnéalach ag ól ar ár ndícheall. Is beag de’n airgead bhéas fágtha ag ceachtar againn thar éis na hoidhche agus is cuma linn do réir cosamhlachta.
D’imthigh leith-bhliadhain ó d’ólas deór cheana, agus airighim an t‑ól ag dul trí mo chorp mar bhéadh sruthán teineadh ann. Ní’l ball díom nach mothuighim ann é. An brón mór agus an droch-chroidhe bhí orm ar maidin ’san teach lóisdín táid sgartha liom. Gníomh ar bith dá ndeárnadh ariamh tig liom-sa a dhéanamh, má’s fíor dhom féin.
Tháinic an chaint chugam. Thosuigheas ar sgéaltaibh iong[ 21 ]antacha innseacht do’n mhairnéalach groidhe bhí le m’ais, agus ar ndóigh, ní do dhuine ar bith eile tharla na heachtraí acht dhom féin.
I mBéarla bhíos ag cur díom i dtosach, acht ní raibh sé i bhfad gur thionntuigheas ar an nGaedhilge i ngan-fhios dom féin.
Bhí an áit lán agus tháinic iongnadh orra uile ar chlos na teangan nuaidhe dhóibh, acht ar an mairnéalach amháin. Níor leig an cleasaidhe úd air acht gur thuigh sé an uile fhocal dá raibh me a rádh. Bhíos corruighthe go mór, agus bhí fonn orra-san fios d’fhagháil céard a bhí ag gabháil dom.
D’éirigh fear beag buidhe bhí ’n‑a shuidhe leis féin i gcúinne ’n‑a sheasamh. Firín beag buidhe rocach géar-chúiseach a bhí ann agus a dhá shúil shoillseacha imthighthe isteach ’n‑a chloigeann. Is ar éigin d’fheicfeá chor ar bith iad leis na malaíbh móra dubha bhí ós a gcionn. Chuir sé cúpla ceist ar an mairnéalach. Is beag nach ndeachas féin ’sna trithíbh nuair a thugas faoi deara cé mar bhí an tsrón mhór fhada chrotach agus an smigín fada biorach a bhí air ag iarraidh a bheith ag pógadh a chéile ’chomhfhad ’s a bhí sé ag caint.
Bhí an mairnéalach sásta mo sgéal-sa a nochtadh dhó. Sgaoil sé siar slug mór eile, agus thosuigh air ag cur de go tapaidh agus go bríoghmhar, agus a raibh ann ag éisteacht leis go haireach.
Dubhairt sé gur Gearmánach a bhí ionnam féin; go rabhas ar buile tráth dem’ shaoghal; gur mharbhuigheas ochtar fear an uair sin (dhruid cuid aca siar uaim); gur cuireadh i dteach na ngealt mé feadh sgathaimh fhada—go raibh rí na tíre sin sásta mé sgaoileadh saor. Bhí mo chiall agam nuair a sgaoileadh amach mé, ar ndóigh, agus céard a dhéanfainn acht aghaidh a thabhairt ar an Afraic Thoir leis na leomhain a mharbhadh.
’Seadh go díreach (ar seisean). Is ann a milleadh mar sin é. Sean-leomhan fíochmhar a tháinic air, a mhic ó, agus [ 22 ]é ’n‑a chodladh. Marach go raibh sé ’n‑a chodladh, beag baoghal go dtiocfadh sé air, bhí sé chomh haireach sin. Acht sul ar fhéad an fear bocht arm faobhair nó teineadh a ghlacadh chuige, nó sgread féin a leigint, chuir rí na coille na crúba go cnámh ann. Nach bhfeiceann síbh a rian air fós, a cháirde?
Thasbáin sé dhóibh na loit d’fhág an gluaisteán ’n‑a dhiaidh ’mo éadan. Cheapas féin cosg a chur leis acht níor éirigh liom. Siúd ar aghaidh leis an gcaint arís é.
Acht bhí sgian mhór fhada ghéar aige (arsa mo dhuine), agus le preabadh do shúl bhí sí go feirc aige i gcroidhe an leomhain. Nach raibh, a chara? Go deimhin bhí. Agus nár thug tú leat an beithidheach mór ar do dhruim, nó an méid de d’éirigh leat iomchur? Nár thugas féin ar bórd na luinge thú—thú féin agus an t‑ualach? Cad chuige nach dtiubhrainn, a cháirde, fear tréan cumasach mar é, a bhí i n‑an’ leomhan a mharbhadh agus a iomchur?
Céard d’éirigh dá leath-chois agus dá leath-láimh, an eadh? Mo léan agus mo ghéar-ghuirt! Is brónach le n’aithris é. B’éigin do dhochtúir a mbaint de. Dob’ éigin, a cháirde, agus ba mhór an truaigh é, dá mbéadh neart air….
Ní raibh focal ag neach dá raibh ’sa láthair, acht iad ag cur na súl thríom. Iongantas ar chuid díobh. Truaigh ag cuid eile aca dhom. Cuid eile aca a bhí ró ólta leis an sgéal a thuigsint i gceart.
Acht ní raibh an mairnéalach groidhe sásta leis an méid sin bréag. B’iongantach ar domhan an fear bréag é, agus de réir mar bhíodh sé ’ghá spalladh is amhlaidh is fearr bhíodh sé ag cuimhneamh orra.
Nár éaluigheamar beirt as an luing ’san Spáinn, agus nár shiubhlamar an tír sin agus mise im’ iongantas aige? Nach mbíodh na céadta—na mílte—ag teacht chugainn le mise fheiceál? Nuair a bhíodh an stumpa de leath-chois sin [ 23 ]atá faoi deisighthe ar an mbealach seo agam (bhrúigh sé an chos isteach fúm), agus cóta mór ’n‑a thimcheall mar seo (chuir sé cóta mór an fhir bhig bhuidhe ’mo thimcheall), dheamhan a gcreidfeá go raibh cos ar bith faoi. Acht an chaoi a raibh a éadan daithte agam, agus an folt mór gruaige bréagaighe síos go bhásta a bhíodh air—bhí saidhbhreas ann, saidhbhreas mór.
Le chomh greannmhar is bhí sé ag rádh na cainte, agus leis an deagh-chraiceann a chuir sé uirri, agus leis an gcosamhlacht a bhí air féin, ní fhéadfá aon olc a bheith agad dhó. Na daoine a bhí ann, bhíodar ag teannadh liom le dearcadh níos cruinne ar dhuine a bhí chomh hiongantach liom, acht chuir sin olc orm. Leigeas béic orra. Do dhruideadar siar uaim arís. B’aoibhinn liom gur éirigh liom sgannradh a chur orra. Bhain an mairnéalach féin an-ghreann as. Bhain an fear beag buidhe an-ghreann as. Bhagair sé orra fanacht amach uaim, go raibh droch-fhuadar fúm, go raibh an droch-chosamhlacht orm, go mb’fhéidir go ngoinfinn duine aca.
“Fanaidh siar uaidh! Fanaidh siar uaidh, adeirim!” adeireadh an mairnéalach agus an fear beag buidhe i n‑éindigh.
Acht bhí aon bhean amháin ann nár sgannruigheadh. Bean mhór a bhí innti, bean mhór mhillteach a raibh éadan uirri mar bhéadh ar Impire na Rómhánach. Gruadh ar dhath an chaoir chaorthainn uirri. A brollach sgaoilte aici. Boladh an óil uaithi. A dhá súil ar lasadh ’n‑a ceann.
Shuidh sí le mo thaobh ar an suidheachán. Labhair sí liom agus an uile dhuine dá raibh ann ag féachaint orainn.
“Is ait an Gearmánach thú,” ar sise, “agus tú ag labhairt Gaedhilge feadh na hoidhche.”
Ní raibh a fhios agam céard ab’ fhearr dhom a rádh. Bhí náire orm roimpi, go mbéinn ’n‑a leithéid sin de chomhluadar, go leigfinn dóibh stáicín áibhéise a dhéanamh dhíom.
[ 24 ]“Ní raibh ann acht mugadh-magadh,” arsa mise faoi dheireadh.
“Ní raibh dochar ann. Cé arb’ as tú?”
“As Gaillimh.”
“As Gaillimh, an eadh? An ndeir tú liom!”
“Dheamhan focal bréige ann. Acht cé arb’ as thú féin? Gaedhilge na Gaillimhe tá agad.”
“As Cill Aodáin mise.”
“As Cill Aodáin! Ní’l sé thar dhá mhíle dhéag ó bhaile na Gaillimhe; is minic a bhíos ann. Nach ann a rugadh…?”
(Fear a raibh cáil mhór air uair d’ainmnigheas-sa. Fear a cheap buille a bhualadh ar son a thíre).
“Is ann a rugadh é,” ar sise; “bhíos ag dul ar sgoil leis.”
D’éirigh sí smaointeach. Tháinic na deóir ’n‑a súilibh. Thriomuigh sí le n‑a práisgín iad. D’ól sí blogam eile as an ngloine. Bhíomar ar leathtaobh linn féin faoi’n am seo agus gan áird ag na daoinibh eile orainn. Bhí an fear beag buidhe agus an mairnéalach ag comhrádh ’san gcúinne.
“Na bith - - - - eamhn - - - - aigh!” ars’ an bhean mhór ruadh a raibh éadan uirri mar bhéadh ar Impire na Rómhánach; agus ní hé amháin go raibh an t‑éadan uirri acht bhí an chosamhlacht uirri go ndéanfadh sí gníomh uathbháis a sháróchadh aon ghníomh uathbháis dá ndeárna Impire Rómhánach ariamh—dá mbéadh sé ’n‑a cumas.
“Cé na bitheamhnaigh?” arsa mise le n‑a sásughadh, mar bhí buile uirri.
“Nach bhfuil fhios agad féin cé hiad? Nach Éireannach thú?”
Leis an olc agus leis an taod agus leis an cuthach feirge bhí uirri, is ar éigin thuigfeá í.
“Do chrochadar na sagairt. Do shladadar an pobal. Do dhíbrigheadar na manaigh agus na bráithre. Do bhánuigheadar an tír.”
[ 25 ]“Fíor dhuit,” arsa mise.
“Chuireadar Uolfe Tóne ’san bpríosún,” ar sise, “chuireadar Emmet san bpríosún, chuireadar…(an fear ar ar tráchtadh cheana bhí i gceist aici), chuireadar mé féin ’san bpríosún…chuir…”
Chuir sí cosg léithi féin.
“Agus cheap tusa buille a bhualadh ar son do thíre freisin,” arsa mise.
“Cheap, a mhúirnín…acht ní mar gheall air sin cuireadh ’san bpríosún mé.”
“’Deile?”
“An t‑ól,” ars’ an bhean mhór ruadh.
D’fhan an bheirt againn ’n‑ár dtost ar feadh tamaill mhaith. Ise faoi chuthach i ngeall ar ar fhulaing sí féin—agus a tír. Mise ag machtnamh ar ár gcruadh-chás. An fhuireann go sgléipeach agus go hárd-ghlórach agus go neamh-aireach. An áit uile go soillseach lonnrach faoi na lampaíbh beaga aibhlighe a bhí ar gach dath dá bhfuil ’san mbogha ceatha. Ceól dhá spreagadh ann—agus ní hé amháin go raibh an gléas ceóil úd i n‑an’ ceól a sheinnt uaidh féin, acht nochtuigheadh sé cuimse pioctúirí ’san am céadna; an t‑easach áluinn, an abhainn mhear thapaidh, an choill mhór agus an ghealach ós cionn na gcrann, an mhuir agus an long dhá báthadh innti. Acht ba bheag an tsuim a chuir an bheirt dheóraidhe a bhí ’n‑a suidhe ar aon stól ’san gceól ná ins na pioctúiríbh ná ins an sgléip; bhíodar go brónach agus go trom-chroidheach agus tráigheadhacht an tsaoghail ’n‑a gcroidhe.
· | · | · | · | · | · | · | · | · | · |
D’éirigh an bhean mhór ruadh de phreib. Chuir sí a dhá láimh ’mo thimcheall, agus thosuigh sí dhom’ phógadh ós comhair a raibh ann.